
Tá Áras Stair na hEorpa dírithe ar gach cineál Eorpach as gach cuid den mhór-roinn.
Tá táibléad idirghníomhach ina bhfuil fuaim, téacs agus físeáin faoin músaem agus faoin mbuantaispeántas ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais. Is féidir ábhar táibléid a chur in oiriúint le mínithe speisialta do dhaltaí agus do pháistí.
De rogha air sin, is féidir leat éisteacht leis an treoir fuaime trí do ghléas féin trí SoundCloud. Tá na naisc ar gach leathanach den Bhuantaispeántas ar ár suíomh gréasáin.
Ní mór do ghrúpaí de dheichniúr nó níos mó a gcuairt a chur in áirithe roimh ré.
Iarrtar ort teacht ag an sliotán ama atá ainmnithe leat ionas gur féidir gach beart sláinte agus sábháilteachta a urramú.
------------------------
Tá Lipéad Sábháilteachta Sláinte na Bruiséile faighte ag Áras Stair na hEorpa do na bearta nua a cuireadh i bhfeidhm sa mhúsaem ó athoslaíodh é.