AN EORAIP ANOIS
Go dtí seo, chuireamar na ceisteanna seo: ‘Céard iad na príomhghnéithe de chultúr na hEorpa?’ agus ‘Céard atá i gceist le bheith i d’Eorpach?’
Baineann na ceisteanna sin leis an am a caitheadh, leis an am i láthair agus leis an am atá le teacht.
Táimid ag bogadh ar aghaidh anois chuig an roinn ‘An Eoraip Anois’, ina dtugtar léiriú ar a bhfuil tite amach le blianta beaga anuas. Is léiriú iad na rudaí atá ar taispeáint ar na dúshláin, na coimhlintí agus na deiseanna atá ann faoi láthair, rud a fhágann gur féidir linn smaoineamh an athuair ar bhunluachanna na hEorpa.
CEANNLÍNTE ÁR LINNE I
Join us on a multilingual tour through the new 6th floor space of our permanent exhibition - entitled ‘Europe Now’. Explore the many challenges facing Europe today – climate change, its colonial heritage, Brexit and the Covid pandemic, to name but a few.
Duais Nobel na Síochána
Bronnadh Duais Nobel na Síochána ar an Aontas Eorpach in 2012. Thug Coiste Dhuais Nobel aitheantas dá bhfuil bainte amach ag AE ó thaobh athmhuintearas, síocháin, an daonlathas, cearta an duine agus leas sóisialta a chur chun cinn.
Tá an tAontas Eorpach ag dul i ngleic le roinnt géarchéimeanna le blianta beaga anuas, áfach, agus tá brú mór air dá bharr.
Léiríonn ceisteanna eacnamaíocha agus airgeadaíochta, géarchéim na himirce, an sceimhlitheoireacht, Brexit agus eachtraí móra eile a leochailí is atá cúrsaí faoi láthar agus an chaoi a bhfuil siad ag teacht salach ar a chéile.
Athrú aeráide
Tá an t-athrú aeráide ar cheann de dhúshláin mhóra ár linne. Is bagairt é do thodhchaí na beatha ar domhan. Tá an téamh domhanda de dhéantús an duine, arb iad an iomarca astaíochtaí CO2 agus truailliú tionsclaíoch is cúis leis, ag scriosadh éiceachórais iomlána agus ní féidir leanúint leis an tslí mhaireachtála atá againn dá bharr.
Tá ‘Fridays for Future’, tionscnamh ar chuir an gníomhaí óg as an tSualainn Greta Thunberg tús leis, ag bailiú nirt ar fud an domhain agus daltaí scoile ag éileamh athrú éiceolaíoch ó bhonn.
I gcás déagóirí sa lá atá inniu ann, is fíorbhagairt é an t-athrú aeráide dá saol amach anseo.
Brexit
Den chéad uair riamh, chinn Ballstát an tAontas Eorpach a fhágáil.
Mar thoradh ar reifreann deighilteach, rinne an Ríocht Aontaithe Airteagal 50 de Chonradh Liospóin a chur i ngníomh agus socraíodh dá réir sin go n-imeodh sí as AE an 31 Eanáir 2020 tar éis 47 mbliana de bhallraíocht.
Léiríodh an eachtra stairiúil seo nuair a baineadh anuas bratach na Ríochta Aontaithe a bhí lasmuigh de Choiste na Réigiún sa Bhruiséil agus nuair a cuireadh le bailiúchán Áras Stair na hEorpa í.
Oidhreacht choilíneach
Ar feadh na gcéadta bliain, thug an coilíniú a rinne an Eoraip ar chríocha agus réigiúin ollmhóra ar fud an domhain saibhreas agus acmhainní chun na hEorpa ach cuireadh pobal na háite faoi chois agus fágadh beo bocht iad ag an am céanna.
Léiríonn dealbh Niyi Olagunju an briseadh féiniúlachta a tháinig as an tráma a bhain leis an gcoilíneachas. Cuireadh rudaí a bhfuil brí spioradálta, reiligiúnach, shóisialta nó shochaíoch leo ar taispeáint i músaeim na hEorpa. Trí sheilbh a ghlacadh ar stair, cultúr agus traidisiúin na hAfraice ar an gcaoi sin, agus asamhlú a dhéanamh orthu, scriostar an bhunbhrí a bhí leis na rudaí mar aon le fréamhacha stairiúla.
Tá tús curtha ag cuid de thíortha na hEorpa le fiosrúcháin ar bhailiúcháin na músaem agus éilimh ann go ndéanfaí rudaí a bhfuil stair chonspóideach ag baint leo a chur ar ais.
CEANNLÍNTE ÁR LINNE II
Audio guide:
Cogaí
Ba é Cogadh na Cosaive, ar tháinig deireadh leis i 1999, an choimhlint armtha dheireanach a tharla san aois ab fhoréigní i stair na hEorpa. Mar sin féin, níor mhair an dóchas nach dtarlódh gníomhartha uafásacha den sórt sin arís. Tá cuid de na poblachtaí iar-Shóivéadacha ag fulaingt de bharr uaillmhianta geopholaitiúla na Rúise atá in aice láimhe. Tá an teannas armtha agus ‘coimhlintí reoite’ ar bhonn réigiúnach mar chuid de shaol na hEorpa sa lá atá inniu ann. Tá gníomhaíochtaí míleata agus ainghníomhartha feicthe ag muintir na Seoirsia agus na hÚcráine. D'fhág na heachtraí sin tráma saoil ar mhuintir na hEorpa sna tíortha sin agus chaill go leor acu a mbeatha nó a dtithe.
Tá na ceantair nach bhfuil sa líne thosaigh níos mó contúirteach go fóill de dheasca mianaigh talún agus armlóin nár phléasc.
Paindéim
Tá sé léirithe ag paindéim COVID-19 a leochailí atá an cine daonna agus tá sí ag tabhairt dhúshlán na dlúthpháirtíochta san Eoraip.
Chuaigh tíortha na hEorpa i ngleic leis an bpaindéim ar a gconlán féin ar dtús trí theorainneacha a dhúnadh, teorainn a chur leis an tsaoirse taistil, agus srian a chur le saoirsí sibhialta. Tá imní ar a lucht cáinte go bhféadfaí srian a chur le saoirsí bunúsacha san fhadtéarma.
Ach in ainneoin na ndeacrachtaí sin ar fad, tháinig borradh faoin dlúthpháirtíocht i measc an ghnáthphobail. Idir an dá linn, tháinig na Ballstáit agus institiúidí AE le chéile agus tháinig siad ar chomhaontú faoi chlár téarnaimh nach bhfacthas riamh cheana chun tacú leis an tsochaí agus an geilleagar sna tíortha is mó a bhí buailte ag an bpaindéim.
Réabhlóid dhigiteach
Tá athrú ó bhonn á dhéanamh ag teicneolaíochtaí nua ar an gcaoi a mairimid, ar an gcaoi a ndéanaimid cumarsáid le chéile agus ar an gcaidreamh a bhíonn againn le chéile. Is mó nasc atá idir daoine ar fud an domhain anois, rud a chuireann go leor deiseanna ar fáil ach a dtagann bagairtí nua as ag an am céanna.
Meastar anois gurb iad sonraí an ‘ola nua’ agus, dá bharr sin, tá an príobháideachas digiteach anois ar cheann de dhúshláin mhóra ár linne. Trí eolas a bhailiú faoinár n-iompar, ár smaointe agus ár mianta, is féidir le cuideachtaí tionchar a imirt ar ár saol agus ar na cinntí a dhéanaimid. Tá uirlisí nua cumarsáide tar éis an bealach a réiteach anois d’fhaireachas forleathan agus do scaipeadh mear na bréagaisnéise.
I ngan fhios dúinn fiú, d‘fhéadfaí an bonn a bhaint den phróiseas daonlathach sa tsochaí ar fad agus d’fhéadfadh saoránaigh a saor-rogha a chailleadh.
Sceimhlitheoireacht
Is bagairt í an sceimhlitheoireacht do shlándáil agus ord daonlathach na hEorpa agus is cuid anois í d’fheiniméan domhanda i sochaí an lae inniu. Is léiriú foréigneach ar smaointe atá i gcodarsnacht mhór le luachanna na héagsúlachta agus an iolrachais iad na hionsaithe sceimhlitheoireachta a dhéanann Ioslamaigh agus daoine atá i bhfad amach ar an eite dheas.
Is minic a fhaightear inspioráid le haghaidh idé-eolaíochtaí antoisceacha ó idé-eolaíochtaí atá bunaithe ar an am a caitheadh nó ar an mbunchreidmheachas reiligiúnach.
In ainneoin an fhuatha agus an fhoréigin sin, sheas na daoine gualainn ar ghualainn le chéile agus d’iarr siad go nglacfaí lena chéile agus go mbeadh síocháin ann.
RIANÚ AR M’EORAIP
Audio guide:
Rianú ar m’Eoraip
Mapáil na naisc atá agat le háiteanna san Eoraip agus níos faide i gcéin mar chuid den turgnamh comhoibríoch mapála seo.
GUAIRNEÁN NA STAIRE
Audio guide:
Guairneán na Staire
Is éard atá sa dealbh ghuairneánach seo atá i lár staighre an mhúsaeim ná 27 n-athfhriotal stairiúla a thugann léargas dúinn ar an gcaoi a mbíonn an léirmhíniú ar stair na hEorpa ag athrú de shíor.
AN EORAIP ÓN SPÉIR
Audio guide:
Tírdhreacha na hEorpa
Agus tú os cionn na hEorpa ag breathnú síos uirthi, nochtann críoch na hEorpa rianta den stair ó dhearcadh eile. Is tírdhreacha cultúrtha iad tírdhreacha na hEorpa den chuid is mó ina bhfuil lorg an duine le feiceáil, bíodh sé maith nó olc. Tá éagsúlacht iontach ann mar thoradh ar an stair, rud a léiríonn cosúlachtaí agus difríochtaí móra araon.
LÉARGAIS AR AN EORAIP
Audio guide:
Léargais ar an Eoraip
Déan iniúchadh ar chathracha na hEorpa san am atá caite agus sa lá atá inniu ann trí cheamaraí gréasáin agus saothair ealaíne. Déan do thuras fíorúil tumtha féin a chruthú agus é a theilgean ar na ballaí trí úsáid a bhaint as aon cheann de na trí ghaireas.
My House of European History
Is tionscadal comhoibríoch ar leith é My House of European History a bhfuil scéalta pearsanta faoin Eoraip mar chuid de. Tá na scéalta leagtha amach i ndeighleoga ama agus tá suíomh geografach ar leith ag gach scéal. Is féidir leat leas a bhaint as an léarscáil idirghníomhach chun eolas a fháil fúthu. Féadfaidh tú clárú freisin agus do chuid cuimhní féin a bhaineann leis an Eoraip a roinnt.