AN EORAIP SCRIOSTA
Ba léir fíor-ainghníomhartha agus dímheas ar an gcine daonna i gcásanna éagsúla an ollchogaidh agus na sceimhlitheoireachta ollsmachtaí sa chéad leath den 20ú haois.
AN EORAIP SCRIOSTA
1914, tréimhse chinniúnach don Eoraip. Ar bhonn polaitiúil, eacnamaíoch agus cultúrtha, bhí forlámhas domhanda bainte amach ag an Eoraip.
Mar sin féin nuair a bhris an Chéad Chogadh Domhanda amach, an chéad mhórchogadh tionsclaithe, rinneadh scrios nach bhfacthas riamh roimhe sin ar pháirc an chatha agus i gcuid mhaith sochaithe. Bhain na ceithre bliana sin creathadh mór as an Eoraip, á tarraingt isteach i gcoimhlint dhomhanda nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin.
Is í an tubaiste sin a tharraing aois ab fhuiltí riamh i stair na hEorpa, agus bhí tionchar thar cuimse ag iarmhairtí trámacha an chogaidh ar an gcuimhne Eorpach.
D’éirigh le fórsaí na Gearmáine úsáid rathúil a bhaint as gás nimhe den chéad uair riamh ag Ypres sa Bheilg i 1915. Thángthas ar an smaoineamh chun gás a úsáid mar arm chun iarracht a dhéanamh an dúsháinn i gcogaíocht trinsí a sheachaint. Baineadh úsáid as clóirín, bróimín agus gás amharaig. Cé go raibh teorainn le líon na mbásanna a thug na hionsaithe seo, bhí tionchar siceolaíochta suntasach acu ar shaighdiúirí. Léiríonn an masc gáis go soiléir an dídhaonnú a rinneadh ar an duine aonair le linn an chogaidh seo.
An 28 Meitheamh 1914 d’fheallmharaigh Gavrilo Princip, Seirbiach Boisniach ar theastaigh uaidh go mbeadh stát Iúgslavach neamhspleách ón Ostair ann, an tArd-Diúc Franz Ferdinand, oidhre na hImpireachta Ostra-Ungáraí, agus a bhean chéile in Sairéavó. Dhíchobhsaigh an eachtra seo cóimheá cumhachta mhíshocair agus thum sé an mhór-roinn sa chogadh.
Meastar go bhfuair 10 milliún saighdiúir bás sa Chéad Chogadh Domhanda, agus níor sainaithníodh iarsmaí go leor acu riamh. Tháinig coincheap an ‘tsaighdiúra neamhaithnid’ as seo ar fud na hEorpa agus bhí daoine in ann cuimhneamh ar na daoine a thit sa ghleo ag uaigheanna agus ag cuimhneacháin phoiblí Tar éis an chogaidh, tarraingíodh drochtheist orthusan a bhí i gceannas mar gur dealraitheach nár bhain ciall ar bith leis an ár a tharla. D'fhág an cogadh a lorg ar thírdhreacha na hEorpa agus athraíodh go deo iad; sa lá atá inniu ann, is fianaise ar an gcuimhne seo iad na láithreacha catha, na hiarsmaí seandálaíochta agus na huaigheanna.
AN tOLLSMACHTACHAS I gCOINNE AN DAONLATHAIS
Mar thoradh ar an gCéad Chogadh Domhanda, thit sean-impireachtaí as a chéile agus cruthaíodh stáit nua. Thosaigh an síochánachas agus coincheap lánpháirtiú na hEorpa ag dul i gcion ar dhaoine.
Tháinig borradh faoin daonlathas parlaiminteach ar fud na hEorpa, agus os a choinne sin bhí an tAontas Sóivéadach ar an gcéad deachtóireacht Cumannach. Mar sin féin, faoin mbliain 1939 bhí teipthe ar thromlach na ndaonlathas seo agus mhair formhór de mhuintir na hEorpa faoi réimis údarásacha nó ollsmachtacha, inar cuireadh smacht leis an láimh láidir ar an saol poiblí agus príobháideach agus inar cuireadh teorainn le saoirsí an duine aonair.
Tháinig stádas cultais Iósaf Stailín ar an bhfód go luath tar éis dó smacht a ghabháil ar an Aontas Sóivéadach ag deireadh na 1920idí, agus shroich an stádas sin a bhuaic i ndiaidh an bhua Shóivéadaigh sa Dara Cogadh Domhanda.
Le linn Thionól Chonradh na Náisiún an 7 Meán Fómhair 1929, d’iarr an t-aire Francach Aristide Briand ar thíortha na hEorpa an cogadh a cáineadh d’aon ghuth agus beartas dí-armála a ghlacadh. Ba é seo an chéad uair a ghníomhaigh stát Eorpach ar a thionscnamh féin chun gníomhaíocht chomhpháirteach Eorpach a mholadh.
Bhí an bhuamáil a rinne eitleáin Ghearmánacha agus Iodálacha ar bhaile Bascach Guernica an 26 Aibreán 1937 ar cheann de na heachtraí ab uafásaí a tharla le linn Chogadh Cathartha na Spáinne.
Bhrúigh an réimeas Naitsíoch a naimhde faoi chois go brúidiúil agus chuirtí daoine i gcampaí géibhinn dá measfaí gur rioscaí slándála iad de thoradh ar a gcur i gcoinne polaitiúil, a n-easumhlaíocht shibhialta nó a bhfrithbheartaíocht.
AN DARA COGADH DOMHANDA
Déantar cur síos go minic ar an Dara Cogadh Domhanda mar ‘chogadh iomlán’, inar tugadh droim don idirdhealú idir saighdiúirí agus sibhialtaigh. D’fhulaing na milliúin duine ó shladmharú, díbirt, ocras, obair éigeantais, campaí géibhinn agus buamáil.
Faoi riail na Naitsíoch, dúnmharaíodh na milliúin duine trí ghlanadh córasach sóisialta agus eitneach. Nuair a fhéachaimid ar an scála agus an maorlathas a bhain leis, bhí cinedhíothú Ghiúdaigh na hEorpa mar eachtra sa stair nár tharla riamh roimhe sin ná ó shin i leith ach an oiread. Ós rud é go raibh an cogadh báite sa choimhlint idir an Sóisialachas Náisiúnta agus Stailíneachas, bhí sé thar a bheith brúidiúil i Lár agus in Oirthear na hEorpa.
Ba iad uaillmhianta na Gearmáine a críoch a fhairsingiú agus smacht tiarnúil a ghabháil ar an Eoraip ba chúis le tumadh na mór-roinne sa chogadh an 1 Meán Fómhair 1939. Seachtain roimhe sin, bhí conradh neamhionsaithe aontaithe ag Hitler agus Stailín, conradh ina raibh foráil rúnda maidir le Lár agus Oirthear na hEorpa a roinnfeadh i réimsí sainleasa Naitsíocha agus Sóivéadacha í.
Chuir tíorántacht agus brúidiúlacht na Naitsithe fuath agus déistin ar dhaoine agus tháinig borradh faoin bhfrithbheartaíocht sna críocha sin a bhí faoi fhorghabháil. Is fada óna chéile an chuma agus an bealach a bhí ar an bhfrithbheartaíocht in áit amháin agus in áit eile. Comhraic mhíleata ar mhórscála a bhí ann sa Ghréig, sa Pholainn, san Iúgslaiv agus san Aontas Sóivéadach mar shampla ach frithbheartaíocht shibhialta a rinneadh in áiteanna eile.
I mbeagnach gach tír a bhí faoi fhorghabháil, b’éigean do na Giúdaigh réalta bhuí Dháiví a chaitheamh, slí náireach agus tharcaisneach chun imeallú a dhéanamh orthu. Ba chéim tosaigh thábhachtach in eagar an Uileloiscthe é aistriú éigeantach na nGiúdach go dtí na geiteonna.
FÓMHAR AN SCRIOSTA
Fuair tuairim is 60 milliún duine bás sa Dara Cogadh Domhanda, agus sibhialtaigh ba iad dhá thrian acu sin. Ní chuireann uimhreacha amháin in iúl, áfach, fairsinge na dtragóidí pearsanta a bhain leis ná an tionchar tubaisteach a d’imir na himeachtaí sin ar ghrúpaí éagsúla daoine. Insíonn na nithe atá bailithe le chéile anseo scéal daonna na n-imeachtaí sin agus tugann siad dúshlán dúinn ár machnamh a dhéanamh ar an gcaoi go dtagann daoine chun réitigh le a leithéid de thráma agus cailliúint.
Bhí tionchar ag an imirce éigeantais inmheánach ar na milliúin daoine san Aontas Sóivéadach faoi réimeas Stailín le linn agus tar éis an chogaidh. Sa litir seo a scríobh sé ar choirt chrann beithe, pléann dlíodóir, a díbríodh thar tír amach agus ar bhuail tinneas é agus é ag obair sa Ghulag, an dóchas atá aige filleadh ar a mhuintir. Ní fhaca sé arís iad.
Bhraith an dóchúlacht go dtiocfadh príosúnach cogaidh slán ar an dream a ghabh é agus ar an tráth den chogadh inar gabhadh é. D’éirigh le Cros Dhearg Mheiriceá níos mó ná 27 milliún pacáiste a ullmhú agus a sheoladh chun seans níos fearr a thabhairt do phríosúnaigh filleadh abhaile.