GRADAIM AGUS LÉIRMHEAS
Fágfaimid fútsa anois é! Baineann an gailearaí seo le do chuid tuairimí féin! Cad é an Eoraip? Cén fáth go mothaíonn tú gur ‘Eorpach’ thú? Cad í ár n-oidhreacht Eorpach? Má tá tú ar cuairt anseo inniu ó áit éigin lasmuigh den Eoraip, cén tuairim atá agat faoin Eoraip agus faoi mhuintir na hEorpa?
Cén tábhacht atá lenár gcuimhní? Tá na cuimhní atá againn ar an saol atá caite tábhachtach dúinn; tugann siad le chéile sinn agus uaireanta scarann siad óna chéile sinn. Nithe fíor-riachtanacha iad an fhiosracht faoinár stair agus tuiscint ar ár n-oidhreacht Eorpach má táimid chun an saol atá caite, saol an lae inniu agus an saol amach anseo a thuiscint.
AN DEARCADH AR AN EORAIP ÓN GCOIGRÍOCH
Conas a fhéachtar ar an Eoraip go seachtrach? Is ó mhúsaeim ar fud an domhain na réada atá ar taispeáint anseo agus tugann siad léargais éagsúla ar dhearcadh cultúr eile ar an Eoraip agus ar Eorpaigh. Bhí fiosracht neamhchlaonta le sonrú in aimsir na céadteagmhála le hEorpaigh. De réir mar a chuir tíortha Eorpacha a bhforlámhas i gcion ar an gcuid is mó den domhan trí choilíneachas, tháinig athrú ar na braistintí, mar thoradh ar ghéarleanúint, ar sclábhaíocht agus ar dhúshaothrú. Mar sin féin, d’fhéachfaí ar an Eoraip mar láthair idéalaithe an chultúir ghalánta agus na luachanna uilíocha, oidhreacht óna Cianaoiseanna.
Bhunaigh cumhachtaí Eorpacha áirithe comhlachtaí trádála le tíortha sa Chianoirthear, i rith an 17ú haois ba cheann de na cuideachtaí ba shuntasaí Cuideachta Dhúitseach na hIndia Thoir.
Bhí an trádáil sclábhaithe chun cinn sna teagmhálacha idir an Eoraip agus an Afraic idir 1500 agus 1800. Chuige sin, is mór a insíonn léargais luatha ón Afraic ar thrádálaithe agus ar mhairnéalaigh na Portaingéile. Is léiriú í an phlaic seo ar dhuine ón bPortaingéil a bhfuil mainilí á n-iompar acu – braisléid a bhí ina n-airgeadra caighdeánach mar mhalairt ar sclábhaithe.
Le linn an 19ú haois, théadh a lán Meiriceánach saibhir ar Mhórchuairt na hEorpa. Maidir le fothraigh chlasaiceacha, saothair ealaíne ón Athbheochan Léinn, agus tírdhreacha rómánsúla, mhúnlaigh siad a samhlaíocht faoin Eoraip. Rinne taistealaithe cuimhneacháin speisialta a chur abhaile nó a choimisiúnú, cuimhneacháin a raibh sofaisticiúlacht nó scála suaithinseach ag baint leo ar uairibh.
BREITHMHEAS AGUS LÉIRMHEAS
In 2002, bronntar Duais Síochána Nobel ar an Aontas Eorpach as a bhfuil déanta aige chun síocháin agus athmhuintearas, daonlathas agus cearta an duine, a chur chun cinn san Eoraip le breis is 60 bliain. Ach cáineann agóideoirí an bronnadh de dheasca fhulaingt eacnamaíoch mhór na milliún saoránach de AE, ina gceistítear a ról amach anseo.
Tugtar an gradam do thrí Uachtarán AE i searmanas Dhuais Síochána Nobel an 10 Nollaig 2012 in Osló. Is an-shiombalach an rud é go bhfaigheann Cinn Stáit agus Rialtais de thíortha a bhí mar naimhde le céadta anuas an duais le chéile.
Tá an Eoraip ag tabhairt aghaidh ar thráthanna éiginnte mar thoradh ar fhadhbanna istigh san Aontas Eorpach agus ar a theorainneacha. An bhfásfaidh tíortha an Aontais Eorpaigh níos gaire dá chéile nó, ina ionad sin, an athghabhfaidh an náisiúnstát cumhacht chaillte arís? An féidir leis an Aontas Eorpach méadú tuilleadh? An bhfuil na teorainneacha socraithe agus críochnaitheach, nó an leanfaidh siad d’athrú?
Tumann an ghéarchéim fiachais cheannasaigh. tionchar na mbeart déine conspóideach agus na dtarrthálacha an tAontas Eorpach i gceann de na haincheisteanna is déine ó bunaíodh é. Iarrachtaí ab ea na bearta sin chun an tAontas Airgeadaíochta déanta suas de gheilleagair náisiúnta an-éagsúla a chosaint. Is beag nach dtagann briseadh an limistéir euro mar thoradh ar ghéarchéim na Gréige 2015.
AN BHRUISÉIL: PRÍOMHCHATHAIR ATÁ AG ATHRÚ
Níor tuaradh an Bhruiséil mar phríomhchathair na hEorpa, ach tharla sé de thaisme, agus ní d’aon ghnó in aon chor. Anois is príomhchathair í faoi cheathair: den Eoraip, den Bheilg, den Fhlóndras agus de réigiún na Bruiséile.