AN FOIRGNEAMH
Is i bhFoirgneamh Eastman, Parc Léopold, i gcroílár an cheantair Eorpaigh sa Bhruiséil, atá Áras Stair na hEorpa suite. Osclaíodh an pháirc 25 acra don phobal in 1880 ar thailte Ghairdín Ríoga na nAinmhithe.
Rinne fear gnó Meiriceánach agus ceapadóir an cheamara Kodak, an daonchara George Eastman, Foirgneamh Eastman a mhaoiniú i 1931 le bheith ina chlinic fiaclóireachta do pháistí faoi mhíbhuntáiste. Rinneadh é a thógáil i 1934-35 agus is é an t-ailtire Eilvéiseach Michel Polak a bhí taobh thiar de. Ghlac Parlaimint na hEorpa seilbh ar an bhfoirgneamh in 2008 tar éis a lámh a chur le léas fadtréimhseach 99 bliain.
Tar éis comórtas idirnáisiúnta ailtireachta a reáchtáil, bronnadh an conradh athchóirithe ar na grúpaí ailtireachta Atelier d'architecture Chaix & Morel & associés, an Fhrainc, JSWD Architekten, an Ghearmáin, agus TPF, an Bheilg.
Rinne siad síneadh comhaimseartha a dhearadh agus d’athchóirigh siad an foirgneamh ar bhealach nach gcuirfeadh isteach ar a chuma stairiúil. Bhí i gceist go sonrach leis an athchóiriú síneadh a chur ar an gclós, a bhí dúnta ar thrí thaobh, agus trí urlár a chur leis an bhfoirgneamh a bhí ann cheana féin.
Chuir sé sin spás 4 000 m² ar fáil do bhuantaispeántas agus spás 800 m² ar fáil ina bhféadfaí taispeántais shealadacha a chur ar siúl, mar aon le seomra ócáide do 100 duine.
Athchóiriú sheomra feithimh na leanaí

Is dá lucht féachana óg a dearadh an seomra feithimh a bhíodh tráth i bhFoirgneamh Eastman, trí phictiúir ildaite d’ainmhithe ó fhinscéalta an údair Fhrancaigh, Jean de La Fontaine, a chur ar an mballa.
Is í an t-ealaíontóir Beilgeach Camille Barthélémy (1890 – 1961) a phéinteáil an cnuasach 10 bpictiúr i 1935, le holaphéinteanna ar phíosa éadaigh 78 m² a bhí láidrithe ag gliú stáirse. Ba as réigiún Gaume na Beilge Barthélémy agus d’fhreastail sí ar Acadamh Ríoga na Mínealaíon sa Bhruiséil.
Rinneadh athchóiriú cúramach ar na pictiúir agus tá siad ar taispeáint anois san iar-sheomra feithimh do chuairteoirí ar Áras Stair na hEorpa.
Naisc úsáideacha
Le tuilleadh eolais a fháil faoi Fhoirgneamh Eastman agus faoi thógáil Áras Stair na hEorpa, caith súil ar na cáipéisí thíos, atá ar fáil i suas le 24 theanga.