Nithe praiticiúla
Léigh na bearta nua sábháilteachta.
Luan 13:00 - 18:00, Máirt - Aoine 09:00 - 18:00, Satharn - Domhnach 10:00 - 18:00
Tá an músaem dúnta: 1 Eanáir / 1 Bealtaine / 1 Samhain / 24, 25, 31 Nollaig.
Is é ár seoladh Rue Belliard / BelliardStraat 135, 1000 An Bhruiséil, an Bheilg.
+32 2 283 1220
House of European History, European Parliament, Rue Wiertz 60, 1047 Brussels.
Tá saorchead isteach ann.
Tá. Iarraimid ar gach cuairteoir a gcuid málaí a chur trí scanóir agus dul trí gheata brathadóra miotail. Molaimid do chuairteoirí cruthúnas céannachta a bheith acu. Mínítear an próiseas slándála freisin i bhfíseán faisnéiseach.
Níl aon raca rothar ná raca rothar faoi dhíon taobh amuigh d’Áras Stair na hEorpa i láthair na huaire.
Thart ar 90 nóiméad.
Ní cheadaítear málaí droma, bia ná deochanna a thabhairt isteach i hallaí an taispeántais, agus is cóir iad a stóráil sna taisceadáin.
Ní féidir faoi láthair.
Tabharfar táibléad idirghníomhach i 24 theanga do chuairteoirí nuair a shroichfidh siad an Músaem, rud a chuirfidh inneachar fuaime, téacs agus físe ar fáil dóibh faoin mBuantaispeántas. Is féidir gnéithe speisialta do leanaí agus do dhaltaí a chur ar gach táibléad agus tá bogearraí fuaime feabhsaithe ann do chuairteoirí a bhfuil riachtanais speisialta éisteachta acu chomh maith. Tá bileog eolais chlóite, treoirleabhar (a bhfuil costas i gceist leis) agus ábhair theaghlaigh ar fáil chomh maith.
Molaimid go mbeadh sé bliana d’aois slánaithe ag na leanaí a thugann cuairt ar an músaem. D’fhéadfadh sé go mbeadh tuismitheoirí den tuairim nach bhfuil gnéithe áirithe den bhuantaispeántas oiriúnach ach do leanaí atá os cionn 11 bhliain d’aois.
1. Caithfidh duine fásta a bheith in éineacht le gach páiste faoi bhun 14 bliana d’aois agus beidh an duine fásta sin freagrach as na páistí sin ar fud a gcuairte ar Áras Stair na hEorpa.
2. I ngrúpaí scoile nó i ngrúpaí páistí caithfidh aon duine fásta ar a laghad a bheith ann in aghaidh:
- gach cúigear páistí faoi bhun 6 bliana d’aois nó gach cúigear páistí i ranganna réamhscoile;
- gach deichniur páistí idir 6 agus 14 bliana d’aois;
- gach cúig dhálta dhéag atá 14 bliain d’aois nó níos mó.
3. Caithfidh na daoine atá in éineacht leis na páistí fanacht ina ngrúpaí ar fud na cuairte.
4. Aon pháistí nach féidir teacht ar an duine fásta a bhí in éineacht leo, tabharfaidh duine d’fhoireann Áras Stair na hEorpa chuig an oifig fáiltithe iad agus cuirfear fógra amach ag iarraidh ar an duine fásta sin iad a bhailiú.
5. Ní ghlacfaidh Parlaimint na hEorpa aon fhreagracht as timpistí a bhainfidh do pháistí gan duine fásta ina mbun.
Ceadaítear seatanna leathanuilleacha sa mhúsaem, ach amháin sa bhealach isteach agus sna limistéir slándála. Déantar réada agus cásanna taispeántais áirithe a mharcáil leis na siombailí ‘gan aon ghrianghraif’ mar gheall ar chritéir chaomhnaithe nó chóipchirt ón músaem iasachta. Ní cheadaítear splanc-ghrianghrafadóireacht. Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhféadfadh sé go mbeadh gá le creidmheas cóipchirt a áireamh chun íomhánna de réada a athfhoilsiú lena n-úsáid chun críoch gairmiúil. Iarraimid ort teagmháil a dhéanamh linn tríd an seoladh ríomhphoist seo chun tuilleadh eolais a fháil: historia-press@europarl.europa.eu
Saoráidí
Tá saoráidí friothála ar naíonáin sa láthair fáilte ag an mbealach isteach ar urlár na talún.
Tá, tríd an mbealach isteach ar urlár na talún.
Tá ár saoráidí agus ár ngníomhaíochtaí uile inrochtana go hiomlán dóibh siúd a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus a bhfuil riachtanais speisialta acu, lena n-áirítear úsáideoirí cathaoireacha rothaí. Ar mhaithe le cuairteoirí lagéisteachta, is féidir breathnú ar fhotheidil nó ar chur síos i scríbhinn ar insint na scannán ar na táibléid a chuirtear ar fáil.
Tá dhá chathaoir rothaí againn san áitreamh ar féidir iad a fháil ar iasacht – déan teagmháil linn tríd an bhfoirm theagmhála chun ceann acu a chur in áirithe. Moltar duit do chathaoir rothaí féin a thabhairt leat, áfach, mar bíonn an-éileamh orthu.
Is féidir. Déan teagmháil le hoibreoir an chaifé tríd an nasc ar an bhfoirm teagmhála.
Tá faisnéis maidir le riachtanais chothaithe leagtha amach ar leathanach gréasáin an chaifitéire. Má tá aon cheist eile agat, úsáid an fhoirm theagmhála le do thoil.
Tar éis do Chuairte
Úsáid ár bhfoirm theagmhála le fiosrú faoi earraí caillte.
Ní féidir earraí atá á ndíol ag an Músaem a cheannach ach sa mhúsaem féin.
Is féidir leat teacht ar an scéala is déanaí faoin músaem ar leathanach ‘I bhFócas’ ar an suíomh gréasáin, chomh maith lenár gcuntais ar Facebook agus ar Twitter.
Suíomh gréasáin agus na meáin shóisialta
Téigh i dteagmháil linn tríd an seoladh seo: historia-webmaster@europarl.europa.eu
Ceisteanna faoi chúrsaí oideachais agus foghlama
Féach an chuid ar leith ‘Ceisteanna Coitianta d’Oideoirí’.
Grúpchuairteanna
Ní mór é sin a dhéanamh de bharr na rialachán sábháilteachta. Mura ndéanfaí áirithint, d’fhéadfadh sé go n-iarrfaí ar ghrúpaí deichniúir fanacht go dtí go mbeadh dóthain spáis sa mhúsaem.
Gheobhaidh tú deimhniú tríd an ríomhphost.
Thart ar 90 nóiméad.
Tabharfar táibléad idirghníomhach i 24 theanga do chuairteoirí nuair a shroichfidh siad an Músaem, rud a chuirfidh inneachar fuaime, téacs agus físe ar fáil dóibh faoin mBuantaispeántas. Is féidir gnéithe speisialta do pháistí agus do dhaltaí a chur ar gach táibléad agus tá bogearraí fuaime feabhsaithe ann do chuairteoirí a bhfuil riachtanais speisialta éisteachta acu chomh maith. Níl aon treoir fuaime ar fáil i dtaca leis an Taispeántas Sealadach, ach tá bileog eolais agus catalóg (a bhfuil costas i gceist léi) ar fáil.
Bí ar an eolas, áfach, nach bhféadfaidh aon eagraíocht aonair áirithint a dhéanamh le haghaidh amanna éagsula sa sceideal le linn seachtain amháin. Más mian leat amanna éagsula sa sceideal a chur in áirithint, déan teagmháil linn, le do thoil, chun do chuid riachtanas a shoiléiriú maidir leis sin.
Taispeántais agus a bhfuil iontu
Níl aon saoráidí taighde againn faoi láthair. D’fhéadfadh sé go gcuirfí deiseanna taighde ar fáil trí chomhpháirtíochtaí agus trí cheardlanna amach anseo, áfach.
Is le páirtithe seachtracha an cóipcheart ar fhormhór na n-íomhánna. Bheadh ort teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an sealbhóir cóipchirt.
Bíonn Taispeántais Shealadacha ar siúl ar feadh thart ar bhliain.
Intéirneacht
Is féidir teacht ar an eolas ar fad faoi shealanna oiliúna ar shuíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa.