Féilire 2022 na dturas am lóin
Márta Ar fud na háite
Clúdaímid roinnt ábhair éagsúla an mhí seo, ó chearta na mban go dtí teangacha agus litríocht na hEorpa.
15 Márta Lánpháirtiú na hEorpa Féachaimid ar fhorbairt lánpháirtiú na hEorpa ó 1989 i leith, agus déanaimid iarracht roinnt de na feiniméin pholaitiúla atá le fáil san Eoraip faoi láthair a mhíniú.
22 Márta An litríocht san Eoraip Cén ról a bhí ag an litríocht san Eoraip, agus cén tábhacht chultúrtha a bhaineann léi?
29 Márta Teangacha san Eoraip Tá breis is 300 teanga san Eoraip agus tá 24 theanga oifigiúla ag an Aontas Eorpach. Cad a chiallaíonn an éagsúlacht teanga sin don Eoraip?
Aibreán Thuas seal thíos seal
Bhí an Eoraip thuas seal thíos seal. An mhí seo, faighimid léargas ar ilchineálacht na hEorpa agus breathnaímid ar an gcaoi ar theip uirthi agus ar éirigh léi.
5 Aibreán Brexit ó aontachas go himeacht agus gach rud idir eatarthu.
12 Aibreán An Imirce conas a chuir an Eoraip fáilte roimh imircigh san am atá thart agus staid an lae inniu.
19 Aibreán Na Paindéimí; Conas a chuaigh COVID i bhfeidhm ar mhór-roinn na hEorpa? Ar chuidigh sé le hEoraip níos sóisialta agus comhtháite a chruthú a chuidíonn le chéile?
26 Aibreán Cúrsaí airgeadais ar chomhlíon an EURO a gheallúint mar chéim rathúil lánpháirtíochta i dtreo margadh Eorpach lán-chomhtháite? Conas a d’éirigh leis agus conas a theip air?
Bealtaine CUIR STAIDIÚIR ORT FEIN: POSTAEIR
3 Bealtaine Is am faire póstaer é! Tar agus faigh amach faoinár gcuid póstaer sa taispeántas buan. Beimid ag zúmáil isteach ar phóstaeir an CHOGAIDH FUAIR chun difríochtaí a fheiceáil i léiriú roinnt imeachtaí stairiúla.
10 Bealtaine Buail leis an gcoimeádaí Breathnaigh ar ár dtaispeántas sealadach nua agus glac an deis ceist a chur ar dhuine dár gcoimeádaithe faoin gcaoi ar cuireadh an taispeántas ar bun!
17 Bealtaine Buail leis an gcoimeádaí Breathnaigh ar ár dtaispeántas sealadach nua agus glac an deis ceist a chur ar dhuine dár gcoimeádaithe faoin gcaoi ar cuireadh an taispeántas ar bun!
24 Bealtaine Buail leis an oideoir Breathnaigh ar ár dtaispeántas sealadach nua agus glac an deis ceist a chur ar dhuine dár n-oideoirí faoi na gníomhaíochtaí oideachais atá á dtairiscint ag an músaem!
31 Bealtaine Buail leis an oideoir Breathnaigh ar ár dtaispeántas sealadach nua agus glac an deis ceist a chur ar dhuine dár n-oideoirí faoi na gníomhaíochtaí oideachais atá á dtairiscint ag an músaem!
Meitheamh Ceiliúradh
Táimid ag ceiliúradh Mí an Bhróid le linn mí an Mheithimh. Féachaimid anois ar cheiliúradh agus ar éachtaí eile le linn na míosa seo. Roinn linn do cheiliúradh agus na rudaí ina bhfuil bród agat astu.
7 Meitheamh IS MÍ AN BHRÓID ATÁ ANN! Déanfaimid ceiliúradh ar a bhfuil bainte amach ag an ngluaiseacht LADITA. Beimid ag zúmáil isteach ar an stair shonrach seo inár dtaispeántas agus b’fhéidir go mbeidh orainn féin roinnt nithe a chur leis!
14 Meitheamh Na hEALAÍONA Bí linn agus bí ag ceiliúradh nuálacht agus sheoda mealltacha na n-ealaíon. Faigh amach conas a bhain muintir na hEorpa sult as na healaíona san am atá caite agus a cheiliúir na healaíona agus bígí linn, damhsóimid ar na boird!
21 Meitheamh Atmaisfeár an tSamhraidh: Tá an Samhradh ag teacht gan moill! Féachaimid anois ar conas a bhain muintir na hEorpa sult as an samhradh a bhí acu san am atá caite. Fáilte roimh spéaclaí gréine agus cultacha snámha!
28 Meitheamh An EURO: Táimid ag íoc leis an euro le 20 bliain anuas anois! An bhfuil cuimhne agat ar an gcéad rud a cheannaigh tú le EURO? Rachaimid siar san am arís agus faighimid amach conas a íocann an chuid is mó dínn leis an Euro anois agus cén fáth go bhfuil roinnt tíorthain AE nach n-íocann.
Iúil Cá bhfuil ár dtriail?
Léim isteach sa charr agus déan cinneadh faoin gcathair Eorpach a mbeimid ag tabhairt cuairt uirthi! An tOirthear nó an tIarthar, cianaistear nó saoire sa bhaile — is leatsa an rogha!
5 Iúil e.g. an Bhruiséil; an Bhruiséil, ‘príomhchathair’ an Aontais Eorpaigh! Ach an bhfuil níos mó i gceist leis an gcathair ársa seo ná a stádas mar shuíomh Pharlaimint na hEorpa?
12 Iúil e.g. Búdaipeist; Tá Búdaipeist suite i gcroílár na hEorpa agus nuair a tharla go leor imeachtaí stairiúla suntasacha, bhí Búdapeist i lár an aonaigh. Tar agus faigh amach faoin gcultúr agus faoi na heachtraí a mhúnlaigh an chathair iontach seo.
19 Iúil An Eilvéis Tugaimid aghaidh a thír na nAlp agus William Tell. Seacláid, cáis agus cloig cuaiche - tar linn féachaint a oiread atá ar fáil san Eilvéis!
26 Iúil e.g. Páras Áit saoire shíoraí d’Eorpaigh ó aois go haois, titimid i ngrá le Páras arís agus arís eile. Tá cathair an ghrá, na caiféanna agus na réabhlóidí ag fanacht orainn.
Lúnasa Ar an mBóthar Arís
Déanfaimid ár málaí a phacáil, buailfimid bóthair na hEorpa, feicfimid na radhairc go léir, agus féachfaimid siar ar na cuimhní deasa. Tar chugainn agus féach cá háit, cén chaoi agus cén fáth ar thaistil na hEorpaigh san am atá caite.
2 Lúnasa Ar aghaidh linn! Cé na háiteanna san Eoraip ar a dtabharfaidh tú féin cuairt? Tugaimid cuairt inniu ar a oiread áiteanna agus is féidir san Eoraip.
9 Lúnasa Pacáil do na Laethanta Saoire Céard a thugann tú leat nuair a théann tú ar laethanta saoire? Téimid ag póirseáil tríd an taispeántas agus déanaimid ár málaí a phacáil leis na rudaí go léir nach féidir linn déanamh gan iad.
16 Lúnasa An Bhfuilimid Ann Fós? Eitleáin, traenacha, carranna agus rothair! Taistealaímid trí stair an iompair agus na saoirse gluaiseachta (nó an easpa saoirse gluaiseachta).
23 Lúnasa Ar aghaidh linn ag fámaireacht! Ag féachaint timpeall, ag spraoi agus ag triail rudaí nua! Ar chaith muintir na hEorpa i gcónaí a gcuid laethanta saoire ar an mbealach a gcaitheann siad anois iad?
30 Lúnasa An cuimhin leat an uair sin nuair...? Céard iad na rudaí agus na hearraí cuimhneacháin a choimeád Eorpaigh san am atá caite? Céard iad na cuimhní atá tábhachtach duitse?
Meán Fómhair Dathanna an Fhómhair!
Tá an Fómhar ag teacht gan moill! Mar sin, bí linn le haghaidh aistear ildaite sa mhúsaem. Roghnaigh cosán dearg, glas, donn nó buí a leanúint an mhí seo. Tugann gach dath léargas difriúil ar an músaem.
6 Meán Fómhair Dearg: Faigh amach faoi nithe éagsúla sa mhúsaem a bhaineann leis an dath dearg. Agus cinnte, caith rud éigin dearg!
13 Meán Fómhair Glas: Faigh amach faoi nithe éagsúla sa mhúsaem a bhaineann leis an dath glas. Agus cinnte, caith rud éigin glas!
20 Meán Fómhair Donn: Faigh amach faoi nithe éagsúla sa mhúsaem a bhaineann leis an dath donn. Agus cinnte, caith rud éigin donn!
27 Meán Fómhair Buí: Faigh amach faoi nithe éagsúla sa mhúsaem a bhaineann leis an dath buí. Agus cinnte, caith rud éigin buí!
Deireadh Fómhair Smaointe, Coincheapa agus Luachanna
Cé go bhfuil an chosúlacht air nach bhfuil in go leor de na rudaí atá ar taispeáint ach baill éadaigh shuaracha, áilleagáin nó earraí pearsanta eile atá ligthe i ndearmad le fada an lá, insíonn siad go léir cuid de scéal níos leithne faoi smaointe, faoi choincheapa agus faoi luachanna móra. Le linn thuras na míosa seo, téimid thar na rudaí sin agus pléimid an mórphictiúr.
4 Deireadh Fómhair Ciúnas I ndomhan ina mbíonn torann de shíor ann, bíonn scéalta faoi chiúnas á lorg againn i gcúinní ciúine an taispeántais... Fuist!
11 Deireadh Fómhair Am Téigh ar thuras forleathan tríd an stair chun do thuairimí faoin gclog, faoi fhéilirí agus faoin am féin a chur as a riocht. Ag imeacht ar a 12:15 ar an toirt!
18 Deireadh Fómhair Cuimhne agus Díchuimhne An bhfuil gá le díchuimhne nó an í an chuimhne an t-aon bhealach chun cinn atá againn? Bí linn chun an méid is féidir a dhéanamh leis an am atá caite a phlé.
25 Deireadh Fómhair Foréigean Mar léargas ar ábhar na míosa seo chugainn, déanaimid imscrúdú ar ról an fhoréigin i stair nua-aimseartha na hEorpa agus ar an gcaoi a mbaineann sí le cumhacht agus le leatrom.
Samhain Cumhacht
An chumhacht chun táirge. An chumhacht chun leighis. Cumhacht i measc an phobail. Glac sos ó do ghnáthamh laethúil agus lig do scíth le turais am lóin faoi ilghnéitheacht na cumhachta.
1 Samhain Tá an músaem dúnta.
8 Samhain Acmhainní Nádúrtha agus Daonna Fuinneamh agus saothar, ón sclábhaíocht go dtí an dífhostaíocht. Pléimid forbairt na cumhachta agus an uathoibrithe agus a thábhachtaí is atá sí do mhuintir na hEorpa agus dá saol.
15 Samhain Sin bruscar! Feicimid ar an lear mór rudaí uile a bhfaighimid réidh leo. Céard is bruscar ann, conas a dhéanann sé difear don domhan, agus cá bhfuil sé ar fáil againn sa mhúsaem?
22 Samhain Dáileog Fholláin Nach bhfuil tú ag aireachtáil ar fónamh? Comhairle dochtúra: Turas ar stair an chúraim sláinte agus an leighis san Eoraip, ó Eastman go dtí an leigheas sóisialaithe.
29 Samhain Ceartas Cad a chiallaíonn an ceartas duitse? An raibh na luachanna céanna ag muintir na hEorpa san am atá caite agus atá agatsa nó an raibh a gcuid tuairimí go hiomlán éagsúil? Cur tús leis na himeachtaí.
Nollaig An Dorchadas agus an Solas
An mhí seo, táimid ag féachaint siar ar an mbliain atá caite. Cén sórt bliana a bhí ann? Dearfach? Diúltach? Tar agus déan plé linn.
6 Nollaig Tréimhsí Dorcha Ar an turas am lóin seo, déanaimid scrúdú ar chuid de na heachtraí is measa a mhair muintir na hEorpa tríothu le linn an 20ú haois.
13 Nollaig Tréimhsí Níos Gile Déanaimid Lá Chearta an Duine a cheiliúradh chomh maith leis an dul chun cinn atá déanta maidir le cearta na mban, na leanaí agus na mionlach a chosaint.
20 Nollaig Ag féachaint siar ar 2021 Féachaimid siar ar bhealach caolchúiseach ar an méid a tharla in 2020 ó dhearcadh Eorpach. An ndearnadh dul chun cinn sa bhliain? Faighimid léargas ar stair agus cúlra na n-imeachtaí reatha san Eoraip.
27 Nollaig Tá an músaem dúnta.