Back to top

Turas am lóin ar an Máirt in Áras Stair na hEorpa (GNÍOMHAÍOCHT AR FIONRAÍ)

IMEACHTAÍ ATÁ LE TEACHT
31 Már 2020 (12:15 - 13:00)
7 Aib 2020 (12:15 - 13:00)
14 Aib 2020 (12:15 - 13:00)
Cineál Imeachta: 
Turais
Event Category: 
Our Events
Lucht féachana agus éisteachta: 
Daoine Fásta, Daoine amach sna Déaga agus i dtús na bhFichidí, Teaghlaigh, Scoileanna
Teanga an Imeachta: 
English

Tugann Áras Stair na hEorpa spreagadh agus ábhar machnaimh don té a imíonn ar turas trí stair na hEorpa ann. Luigh isteach uirthi ag am lóin agus bain sult as na taispeántais, idir bhuan agus sealadach. Bíonn treoraí ann a chuireann roinnt nithe i láthair a nochtann próisis agus feiniméin a d’fhág a gcruth ar an mór-roinn. Siúl an bealach ar na sé urlár agus faigh spléachadh úrnua ar stair na hEorpa!

  • 12.15 ar an Máirt
  • 45 nóiméad
  • Teanga: Béarla
  • 20 duine ar a mhéad, ní gá áirithint a dhéanamh
  • Tá saorchead isteach
EanáirMí chun machnamh a dhéanamhTosaímid an bhliain ag déanamh machnamh ar conas a bhí cúrsaí le muintir na hEorpa 100 bliain ó shin agus iad ag cur tús leis an
athbhliain. Ag deireadh na míosa, moillímis agus déanaimis machnamh ar eachtra rí-thábhachtach i stair na hEorpa.
7 EanáirBliain Nua, Tús Nua!Cuir tús leis an mbliain trí chomparáid a dhéanamh idir do rúin féin don athbhliain agus an iarracht a rinne muintir na hEorpa fadó chun iad féin a cheapadh as an nua arís agus a scéalta a athrú.
14 Eanáir

1920: Tar éis an Chogaidh Mhóir

Cén tionchar a bhí ag an gcogadh ar mhuintir na hEorpa? Agus an raibh deireadh tagtha leis i ndáiríre? Caithimid súil siar ar na heispéiris chomhroinnte agus na heispéiris chontrártha sna blianta tar éis 1918.

21 Eanáir1920: Ré nuaDeán dearmad ar an gcogadh! Tar linn ar thuras taitneamhach ar ais go dtí na Fichidí Scairteacha chun blaiseadh a fháil ar nuálaíocht agus conspóid na ré. Sciortaí banana agus fáilte!
28 EanáirLá Cuimhneacháin ar an UileloscadhDéan machnamh, freagair, cuimhnigh. Turas am lóin maidir le ham cinniúnach don Eoraip mar áit agus mar choincheap.

Feabhra

Grá <3

Is gearr uainn an t-earrach agus tá grá san aer sa mhúsaem! Faigh léargas ar an ngrá muirneach agus an grá crua i stair na hEorpa ar na turais am lóin.

4 FeabhraGrá i Ré na Náisiúntachta

An breá leat do thír dhúchais? Fiosraímid stair an tírghrá neamhrómánsúil agus an tábhacht a bhí aige do mhuintir na hEorpa.

11 FeabhraLá Fhéile VailintínTá ár dtaispeántais lán le scéalta agus comharthaí grá! Tar agus tit i ngrá leis an stair agus glac páirt inár suirbhé grá fíor-speisialta
18 FeabhraAn bréa leat an tAontas Eorpach?Tá idir mholadh agus cháineadh faighte ag an tionscadal Eorpach go dtí seo. Cad iad na tuairimí stairiúla a n-aontaíonn tú leo?
25 FeabhraEorpaigh arb aoibhinn libh músaeim, tagaigí le chéile!Caith súil ar chúl-stáitse Áras Stair na hEorpa agus foghlaim roinnt cleasa de cheird na músaem.
MártaAr fud na háiteClúdaímid roinnt ábhair éagsúla an mhí seo, ó chearta na mban go dtí an pholaitíocht thrasnáisiúnta.
3 MártaAn caidreamh idir an Eoraip agus na Stáit AontaitheAgus na toghcháin tosaigh ar siúl sna Stáit Aontaithe, déanaimid machnamh ar an gcaoi ar tháinig forbairt ar an gcaidreamh idir an Eoraip agus na Stáit Aontaithe thar na blianta.
10 MártaCearta na mbanChun Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh, breathnaímid siar ar stair chearta na mban san Eoraip.
17 MártaLánpháirtiú na hEorpaFéachaimid ar fhorbairt lánpháirtiú na hEorpa ó 1989 i leith, agus déanaimid iarracht roinnt de na feiniméin pholaitiúla atá le fáil san Eoraip faoi láthair a mhíniú.
24 MártaAn litríocht san EoraipCén ról a bhí ag an litríocht san Eoraip, agus cén tábhacht chultúrtha a bhaineann léi?
31 MártaTeangacha san EoraipTá breis is 300 teanga san Eoraip agus tá 24 theanga oifigiúla ag an Aontas Eorpach. Cad a chiallaíonn an éagsúlacht teanga sin don Eoraip?
AibreánTá scrúduithe ag teacht!I bhformhór thíortha na hEorpa, tosaíonn na scrúduithe scoile náisiúnta i mí na Bealtaine. I mí Aibreáin, ullmhóimid don scrúdú trí bhreathnú ar roinnt ábhair stairiúla a bhaineann leis an oideachas.
7 AibreánRang scríbhneoireachtaCén chaoi ar chuir muintir na hEorpa iad féin in iúl thar na céadta bliain?
14 AibreánAn eolaíocht agus an teicneolaíochtCén chaoi ar chabhraigh an eolaíocht agus an teicneolaíocht le náisiúin na hEorpa ag deireadh an 19ú haois chun bheith ina sárchumhachtaí?
21 AibreánRang cócaireachtaCén stair atá ag an mbia san Eoraip? An raibh a ndóthain le hithe ag daoine san Eoraip i gcónaí?
28 AibreánGníomhaíochtaí seach-churaclaimCén chaoi ar fhoghlaim muintir na hEorpa san am a caitheadh i suíomhanna foirmiúla nó neamhfhoirmiúla?
Bealtaine75 bliana ó tháinig deireadh leis an Dara Cogadh DomhandaTháinig deireadh oifigiúil leis an Dara Cogadh Domhanda i mí na Bealtaine 1945, 75 bliana ó shin. An mhí seo, tugaimid léargais éagsúla ar an gcogadh agus ar a raibh i gceist leis.
5 BealtaineLón na saoirseGlac suíochán san áiléar, bíodh lón deas agat agus labhair le cuairteoirí eile faoi ábhair a bhaineann leis an am a caitheadh agus leis an am atá ann anois, amhail an tsaoirse nó an easpa saoirse.
12 BealtaineTús an Dara Cogadh Domhanda agus na cúiseanna a bhí leis 
19 BealtaineMionlaigh faoi ionsaí 
26 BealtaineDeireadh an Dara Cogadh Domhanda agus an méid a tharla ina dhiaidh 
MeitheamhBréagach!Seolfar ár dtaispeántas sealadach nua an mhí seo: Bréagach! Tar chugainn agus faigh amach faoi ábhair a bhaineann le cóipeanna bréige agus brionnaithe i rith stair na hEorpa!
2 MeitheamhIdir fíor agus bréagachCad iad na cineálacha éagsúla réad is féidir leat a fheiceáil sa Bhuantaispeántas? Agus an gceapann tú go bhfuil siad fíor nó bréagach?
9 MeitheamhBuail leis an gcoimeádaíBreathnaigh ar ár dtaispeántas sealadach nua agus glac an deis ceist a chur ar dhuine dár gcoimeádaithe faoin gcaoi ar cuireadh an taispeántas ar bun!
16 MeitheamhBuail leis an gcoimeádaíBreathnaigh ar ár dtaispeántas sealadach nua agus glac an deis ceist a chur ar dhuine dár gcoimeádaithe faoin gcaoi ar cuireadh an taispeántas ar bun!
23 MeitheamhBuail leis an oideoirBreathnaigh ar ár dtaispeántas sealadach nua agus glac an deis ceist a chur ar dhuine dár n-oideoirí faoi na gníomhaíochtaí oideachais atá á dtairiscint ag an músaem!
30 MeitheamhBuail leis an oideoirBreathnaigh ar ár dtaispeántas sealadach nua agus glac an deis ceist a chur ar dhuine dár n-oideoirí faoi na gníomhaíochtaí oideachais atá á dtairiscint ag an músaem!
IúilCeann Scríbe: Ní fios Léim isteach sa charr agus déan cinneadh faoin gcathair Eorpach a mbeimid ag tabhairt cuairt uirthi! An tOirthear nó an tIarthar, cianaistear nó saoire sa bhaile — is leatsa an rogha!
7 Iúile.g. an Bhruiséilan Bhruiséil, ‘príomhchathair’ an Aontais Eorpaigh! Ach an bhfuil níos mó i gceist leis an gcathair ársa seo ná a stádas mar shuíomh Pharlaimint na hEorpa?
14 Iúile.g. BúdaipeistTá Búdaipeist suite i gcroílár na hEorpa agus nuair a tharla go leor imeachtaí stairiúla suntasacha, bhí Búdapeist i lár an aonaigh. Tar agus faigh amach faoin gcultúr agus faoi na heachtraí a mhúnlaigh an chathair iontach seo.
21 IúilTá an músaem dúnta - Lá saoire náisiúnta sa Bheilg 
28 Iúile.g. Páras Áit saoire shíoraí d’Eorpaigh ó aois go haois, titimid i ngrá le Páras arís agus arís eile. Tá cathair an ghrá, na caiféanna agus na réabhlóidí ag fanacht orainn.
LúnasaAr an mBóthar Arís Déanfaimid ár málaí a phacáil, buailfimid bóthair na hEorpa, feicfimid na radhairc go léir, agus féachfaimid siar ar na cuimhní deasa. Tar chugainn agus féach cá háit, cén chaoi agus cén fáth ar thaistil na hEorpaigh san am atá caite.
4 LúnasaPacáil do na Laethanta SaoireCéard a thugann tú leat nuair a théann tú ar laethanta saoire? Rachaimid ag póirseáil tríd an taispeántas agus déanfaimid ár málaí a phacáil leis na rudaí go léir nach féidir linn déanamh dá n-uireasa.
11 LúnasaAn Bhfuilimid Ann Fós?Eitleáin, traenacha, carranna agus rothair! Taistealaímid trí stair an iompair agus na saoirse gluaiseachta (nó an easpa saoirse gluaiseachta).
18 LúnasaAr aghaidh linn ag fámaireacht!Ag féachaint timpeall, ag spraoi agus ag triail rudaí nua! Ar chaith muintir na hEorpa i gcónaí a gcuid laethanta saoire ar an mbealach a gcaitheann siad anois iad?
25 LúnasaAn cuimhin leat an uair sin nuair...?Céard iad na rudaí agus na hearraí cuimhneacháin a choimeád Eorpaigh san am atá caite? Céard iad na cuimhní atá tábhachtach duitse?
Meán FómhairTá sé sna naonnaBí inár dteannta ar thuras siar sna blianta ó 1919 go 1989, nó lig dúinn iontas a chur ort trí chinneadh a dhéanamh i naoi gcéim faoi na rudaí a dtiocfaimid orthu sa taispeantas.
1 Meán Fómhair19x9Céard a tharla ag tús an Dara Cogadh Domhanda sa Pholainn an 1 Meán Fómhair 1939?
8 Meán Fómhair19x9Faigh amach faoi réabhlóidí éagsúla thar na blianta. Bí linn don turas réabhlóide seo ó 1789 go 1989.
15 Meán Fómhair19x9Faigh amach faoi rudaí éagsúla sa mhúsaem a bhaineann le huimhir a 9. Ní bhaineann siad ach le huimhir a 9!
22 Meán Fómhair19x9Roghnaíonn’ ár ndísle an chéad stad eile sa taispeántas. Ach, leis an dísle speisialta seo, beidh 9 gcéim le tógáil gan dabht!
29 Meán Fómhair19x9Caithfimid súil ar na céadta éagsúla de bhlianta sa mhúsaem agus gheobhaimid amach faoin athrú ó chéad amháin go céad eile.
Deireadh FómhairSmaointe, Coincheapa agus LuachannaCé go bhfuil an chosúlacht air nach bhfuil in go leor de na rudaí atá ar taispeáint ach baill éadaigh shuaracha, áilleagáin nó earraí pearsanta eile atá ligthe i ndearmad le fada an lá, insíonn siad go léir cuid de scéal níos leithne faoi smaointe, faoi choincheapa agus faoi luachanna móra. Le linn thuras na míosa seo, téimid thar na rudaí sin agus pléimid an mórphictiúr.
6 Deireadh FómhairCiúnasI ndomhan ina mbíonn torann de shíor ann, bíonn scéalta faoi chiúnas á lorg againn i gcúinní ciúine an taispeántais... Shhh!
13 Deireadh FómhairAmTéigh ar thuras forleathan tríd an stair chun do thuairimí faoin gchlog, faoi fhéilirí agus faoin am féin a chur as a riocht. Ag imeacht ar a 12:15 ar an toirt!
20 Deireadh FómhairCuimhne agus DíchuimhneAn bhfuil gá le díchuimhne nó an í an chuimhne an t-aon bhealach chun cinn atá againn? Bí linn chun an méid is féidir a dhéanamh leis an am atá caite a phlé.
27 Deireadh FómhairForéigeanMar léargas ar ábhar na míosa seo chugainn, déanaimid imscrúdú ar ról an fhoréigin i stair nua-aimseartha na hEorpa agus ar an gcaoi a mbaineann sí le cumhacht agus le leatrom.
SamhainCumhachtAn chumhacht chun táirge. An chumhacht chun leighis. Cumhacht i measc an phobail. Glac sos ó do ghnáthamh laethúil agus lig do scíth le turais am lóin faoi ilghnéitheacht na cumhachta.
3 SamhainAcmhainní Nádúrtha agus DaonnaFuinneamh agus saothar, ón sclábhaíocht go dtí an dífhostaíocht. Pléimid forbairt na cumhachta agus an uathoibrithe agus a thábhachtaí is atá sí do mhuintir na hEorpa agus dá saol.
10 SamhainAn Ungáir, 1956 I ndiaidh bhás Stalin, thosaigh muintir na hUngáire ar shóisialachas de chineál éagsúil a bhunú, gan mar thoradh air ach a gcuid athchóirithe a fheiceáil curtha faoi chois ag an lámh láidir. Cad a chiallaigh an eachtra sin don Ungáir agus don chuid eile den Eoraip?
17 SamhainSin bruscar!Feicimid ar an lear mór rudaí uile a bhfaighimid réidh leo. Céard is bruscar ann, conas a dhéanann sé difear don domhan, agus cá bhfuil sé ar fáil againn sa mhúsaem?
24 SamhainDáileog FholláinNach bhfuil tú ag aireachtáil ar fónamh? Comhairle dochtúra: Turas ar stair an chúraim sláinte agus an leighis san Eoraip, ó Eastman go dtí an leigheas sóisialaithe.
NollaigAn Dorchadas agus an Solas An mhí seo, táimid ag féachaint siar ar an mbliain atá caite. Cén sórt bliana a bhí ann? Dearfach? Diúltach? Tar agus déan plé linn.
1 NollaigCeartasCad a chiallaíonn an ceartas duitse? An raibh na luachanna céanna ag muintir na hEorpa san am atá caite agus atá agatsa nó an raibh a gcuid tuairimí go hiomlán éagsúil? Cur tús leis na himeachtaí.
8 NollaigTréimhsí DorchaAr an turas am lóin seo, déanaimid scrúdú ar chuid de na heachtraí is measa a mhair muintir na hEorpa tríothu le linn an 20ú haois.
15 NollaigTréimhsí Níos GileDéanaimid Lá Chearta an Duine a cheiliúradh chomh maith leis an dul chun cinn atá déanta maidir le cearta na mban, na leanaí agus na mionlach a chosaint.
22 NollaigAg féachaint siar ar 2020Féachaimid siar ar bhealach caolchúiseach ar an méid a tharla in 2020 ó dhearcadh Eorpach. An ndearnadh dul chun cinn sa bhliain? Faighimid léargas ar stair agus cúlra na n-imeachtaí reatha san Eoraip.
29 NollaigTá an músaem dúnta