COVID ina Chor sa Stair
Ardán do mhúsaeim ar fud na hEorpa
Tá tús curtha ag Áras Stair na hEorpa le tionscadal trína mbailítear fianaise ar an saol san Eoraip le linn na paindéime, faoin teideal oibre “COVID a Dhoiciméadú”. Go dtí seo, dhírigh sé go príomha ar fheiniméin na dlúthpháirtíochta, an dóchais agus na tógála pobail. Anois, tá an taithí agus na torthaí ó ghníomhaíochtaí bailithe éagsúla músaem iomadúla á roinnt againn. I dteannta a chéile, cuireann siad sin ar ár gcumas, i bhfochair daoine as gach cearn den ilchríoch seo againn, taithí a nascadh, a chur i gcodarsnacht le taithí eile agus comparáid a dhéanamh idir taithí daoine éagsúla.
Músaem Cuimhneacháin Ríoga Albert, an Ríocht Aontaithe - Laochraí na Dianghlasála I
Jack Hopkins
Jack ó North Devon, atá 5 bliana d’aois - shiúil sé 50k le linn na dianghlasála chun airgead a bhailiú chun cabhrú leis an NHS. £1550 an méid iomlán a bailíodh. Shiúil sé 5k faoi dhó sa tseachtain agus bíodh is go raibh sé dian lean sé ar aghaidh agus é ag cuimhneamh ar na ‘dochtúirí agus ar na haltraí a bhí ag teastáil chun cabhrú le deireadh a chur leis an víreas’. Ainmnithe ag Katie Roberts
Mahi Ahmed
Ba é Mahi Ahmed a bhunaigh Thionscadal um Fhaoiseamh Chruatan Choróinvíris CIC Exeter. Agus an dianghlasáil ar leac an dorais, chuaigh Mahi i mbun oibre ar a phlean, béilí blasta, cothaitheacha a sheachadadh do dhaoine leochaileacha ar fud na cathrach. In imeacht cúpla lá, d’fhreagair foireann oibrithe deonacha agus tháinig ár ngrúpa iontach comhordaitheoirí, glacadóirí orduithe, siopadóirí, cócairí agus tiománaithe seachadta le chéile. Bhí díograis Mahi tógálach rud a bhí ina údar spreagtha agus fuinnimh don fhoireann ar fad. Bhain níos mó ná 1,000 duine tairbhe as an tionscadal, a fuair béilí agus/nó beartáin bhia, a bhuíochas d’fhís agus do threallús Mahi. Déarfadh Mahi gur cheart na daoine ar fad a bhí rannpháirteach a ainmniú ach is eisean ár Laoch na Dianghlasála. - Ainmnithe ag Alan Quick
Iontaobhas Pobail na Cathrach (CCT)
Tá an CCT ar cheann de na príomhcharthanachtaí sláinte agus dea-bhaile in Exeter atá i mbun oibre i gcomhpháirtíocht le Club Sacair Chathair Exeter agus trína gcuirtear réimse gníomhaíochtaí ar fáil do dhaoine ó gach aoisghrúpa, atá dírithe ar an tsláinte, ar an oideachas, ar an dea-bhail agus ar ghníomhaíocht coirp. Le linn ghéarchéim Covid-19 dhírigh CCT a n-aird ar bhuntaca a chur faoi na seirbhísí tacaíochta anseo in Exeter agus in East Devon. I rith mhí na Bealtaine d‘fhreagair siad iarratais ar earraí grósaera agus cógais a sheachadadh chuig na daoine ba leochailí sa phobal agus tá tacaíocht tugtha acu anois do dhaoine atá faoi chosaint agus do dhaoine leochaileacha – Ba é an Comhairleoir Peter Holland, a d’ainmnigh Jamie Vittles, Andy O’Doherty agus an fhoireann uile ag Iontaobhas Pobail na Cathrach.
Marilyn Laws
Ó dheireadh mhí an Mhárta tá os cionn £1,000 bailithe go flaithiúil ag Marilyn Laws d’Ospís Iardheisceart na bPáistí rud a thug braistint na sábháilteachta don phobal sa phróiseas. Chuaigh Marilyn i muinín a soláthairtí fuála chun scata masc a dhéanamh don phobal, agus le linn an phróisis rinne sí airgead a bhailiú d’eagraíocht ina gcuirtear áit ar fáil do leanaí nach bhfuil aon bhiseach i ndán dóibh chun a gcuid laethanta deireanacha a chaitheamh le linn na dianghlasála. Bhí flaithiúlacht na ndaoine dochreidte. Ní hamháin ó thaobh deonachán de ach ag cuidiú le Marilyn bealaí a aimsiú chun na maisc a dháileadh. Tá misean Marilyn fós ar siúl! – Ainmnithe ag Simon Tootel
Paul Mouland
Bhí Paul Mouland, an fhoireann Freemoovement agus a n-oibrithe deonacha i mbun béilí te a sheachadadh chuig na daoine atá gan dídean, cógais, leabhair ó Leabharlann Exeter, pacáistí bia agus soláthairtí riachtanacha a sheachadadh ar rothair agus leantóir chuig na daoine a raibh fadhbanna airgeadais acu agus a bhí ag fulaingt ar bhonn mothúchánach. Tá comhpháirtíochtaí cruthaithe acu le heagraíochtaí pobail iomadúla lena n-áirítear grúpaí creidimh, St Thomas Food Fight, Ionad Leighis St Thomas, gan ach roinnt díobh a lua. Tá lámh chúnta tugtha ag Paul freisin agus d’óstáil sé cruinnithe éigeandála Covid-19 ar líne do na bardaí cathrach St Thomas, Alphington agus Exwick. Tá rannchuidiú millteanach déanta acu le cathair Exeter. - Ainmnithe ag Chloe Pooley
Músaem Cuimhneacháin Ríoga Albert, an Ríocht Aontaithe - Laochra na Dianghlasála II
Oibrithe Tacaíochta YMCA Exeter - Peter Hall
Is é Peter Hall, Oibrí Tacaíochta YMCA Exeter, ár laoch na dianghlasála. De réir mar a rinneadh na líonraí, na gnáthaimh agus an nasc pobail a bhí ag an 31 dhuine a raibh cónaí orthu i gcóiríocht faoi thacaíocht a bhaint, d’fhreagair Peter le misneach nárbh fhéidir a lochtú. Rinne sé a chion agus níos mó ná sin chun tacú lenár ndaoine óga agus é ag tabhairt cuairt ar an bhfoirgneamh, ag freagairt d’aon chúis imní a bhí acu agus é ag nascadh leo ó chian – ag cinntiú go raibh a fhios ag gach duine óg nach raibh siad ina n-aonar.
Oibrithe Tacaíochta YMCA Exeter - Lydia Brown
Nuair a cuireadh an dianghlasáil i bhfeidhm an 23 Márta, bhí Lydia Brown, Oibrí Tacaíochta YMCA Exeter, ar glaoch 24/7 agus í ag freagairt gan locht agus go misniúil do dhaoine óga a bhí ag streachailt leis an tionchar a bhí ag an dianghlasáil ar a sláinte mheabhrach. Theastaigh ó chónaitheoir amháin go rachadh Lydia ina theannta chuig an ospidéal, theastaigh ó chónaitheoirí eile go bhfanfadh Lydia i scuaine ar feadh uaireanta an chloig chun a n-oideas a bhailiú. Bhí go leor cónaitheoirí nach raibh uathu ach comhrá a dhéanamh ar an nguthán sa lá nó istoíche, agus fios acu go mbeadh Lydia ansin chun a nglaoch a fhreagairt. Dúinn uile ag YMCA Exeter, is í Lydia ár laoch na dianghlasála.
Oibrithe Tacaíochta YMCA Exeter - Sarah Griffiths
Nuair a tharla Covid-19, rinne Sarah Griffiths, cóiríocht faoi thacaíocht YMCA Exeter a choinneáil sciúrtha agus chomh glan leis an gcriostal don 31 dhuine uile a raibh cónaí orthu ann. Rinne sí a dícheall agus a mhéad eile leis, agus í ag cur a sláinte féin i mbaol chun a chinntiú nach raibh aon seans ann go scaipfeadh an víreas. Ó bheith ag glanadh mhurláin na ndoirse go síoraí seasta go bheith ag déanamh deimhin de go mionchúiseach go raibh na seomraí folctha comhchoiteanna glan agus saor ó fhrídíní, rinne Sarah misneach agus cineáltas neamhleithleach a léiriú i leith ár ndaoine óga uile. Dúinn uile ag YMCA Exeter, is í Sarah ár laoch na dianghlasála.
David Spicer
Is é mo dhlúthchara David Spicer, Laoch na Dianghlasála ós rud é go ndearna sé leagan fíorúil ‘Tomhais an t-amhrán’ de na hamhráin mhóra a raibh an-tóir orthu a sheinm ar an méarchlár ar feadh an chéad 50 lá den Dianghlasáil dá líon ollmhór lucht leanúna. Go mear, ba rud é a tháinig chun bheith thar a bheith tábhachtach dá chairde agus dá mhuintir uile ós gur rud é a mbídís ag súil leis agus a bhféadaidís comhrá a dhéanamh faoi le chéile ar líne. Ba rud é a chuir meangadh gáire ar chách ag am a bhí thar a bheith dian nuair a bhí faitíos ar dhaoine agus iad i ngéibheann laistigh de bhallaí an tí. Ba bhuaicphointe an lae a bhíodh sa chomhrá beag a dhéanadh sé, a scéalta grinn agus a scileanna ar an méarchlár, rud a chabhraigh le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin na dianghlasála. - Ainmnithe ag Dax Oliver
Sammy Hartstein
Tá Sammy 16 bliana d’aois agus oibrí deonach ab ea é d’fhoireann Freagartha Buckfastleigh, ag cabhrú le beartáin bia a sheachadadh don bhanc bia. Chuir sé air a mhasc aghaidhe agus a lámhainní agus rinne sé boscaí troma d’earraí grósaera a iompar agus a thabhairt chomh fada leis na daoine a raibh tacaíocht ag teastáil uathu, in aimsir the go minic. Chomh maith le bia a sheachadadh, tá leabhair seachadta aige chun cabhrú le daoine a bhí faoi dhianghlasáil déileáil leis an leadrán. Rinne sé an méid sin ar fad le linn dó a bheith ag déileáil le bás a sheanmháthar, le huaigneas na dianghlasála agus leis an éiginnteacht a bhain lena GCSEnna. - Ainmnithe ag Helen Hartstein
Ionad Línéadach na hÉireann & Músaem Lios na gCearrbhach - ‘Covid 19 agus Mé Féin’
Foireann agus comhairleoir Chomhairle Cathrach Lios na gCearrbhach agus an Chaisleáin Riabhaigh le ceapach bláthanna an NHS
Rinne foireann Chomhairle Cathrach Lios na gCearrbhach & an Chaisleáin Riabhaigh, an ceapach bláthanna seo a bhí tiomnaithe don tSeirbhís Náisiúnta Sláinte (NHS), a phlandáil i nGairdíní stairiúla ón 17ú haois Chaisleán Lios na gCearrbhach
Siopa dúnta, Lár Chathair Lios na gCearrbhach, Márta 2020
I ngeall ar dhianghlasáil náisiúnta i mí an Mhárta 2020, ordaíodh do na siopaí a ndoirse a dhúnadh. Bhí an-imní ar a lán daoine faoin bpaindéim, agus ba mhinic a d’fhág úinéirí siopa focail mhisnigh ar dhoirse a ngnólachtaí dúnta, lena n-áirítear ‘aire a thabhairt agus fanacht sábháilte’. Tá Bearbóirí Turcacha Lios na gCearrbhach suite i gCearnóg an Mhargaidh, Lios na gCearrbhach.
Masc aghaidhe línéadaigh linbh
Tá línéadach láidir, éadrom, éasca oibriú leis agus cabhraíonn sé leis an bhfliuchán a shú. Tá sé ar cheann de na héadaí is fearr atá ann le haghaidh mascanna nó clúdaigh aghaidhe. I dTuaisceart Éireann, bhí sé éigeantach clúdaigh aghaidhe a úsáid i spásanna poiblí iata chun tionchar phaindéim Covid-19 a mhaolú.
Díghalrán lámh alcólbhunaithe, Aibreán 2020
Bhí éileamh an-mhór ar dhíghalrán lámh alcólbhunaithe i laethanta tosaigh na paindéime. Scoir go leor drioglann de bhiotáille a tháirgeadh agus thosaigh siad ag díol a gcuid glóthaí láimhe, brandáilte féin. Tá Shortcross Gin suite lasmuigh den Chrois Ghearr, Co. an Dúin, agus dhíoladar a dtáirgí ar líne.
Cartlann MAS & Felix, Antuairp, an Bheilg – ‘Cartlanna-Corona’
Bratacha phríosún Antuairp
Rinne fostaithe agus príosúnaigh an phríosúin ar Begijnenstraat ceithre bhratach a réiteach. Agus teachtaireachtaí dlúthpháirtíochta agus comhbhá á seoladh acu ar an gcaoi sin - iad ag guí dea-shláinte ar chách.
15 Márta – 16 Bealtaine 2020
Bailiúcháin: MAS, inv. nr. MAS.0328.002
Giomnáisiam uirbeach
D’fhorbair ‘Beerschot Atletiek’ agus ‘Buurtsport Kiel en Hoboken’ rian aclaíochta ar fud chomharsanacht Kiel. Molann siad an aclaíocht is féidir le cách a dhéanamh in áiteanna poiblí éagsúla, agus úsáid á baint as binsí, as staighrí, etc.
20 Aibreán 2020
Ag siúl an Meir
Nuair a tháinig deireadh leis an dianghlasáil, d’athoscail na siopaí ar shráid siopadóireachta Meir. Rinne na miondíoltóirí bearta sábháilteachta de gach cineál a chur i gcrích. Chruthaigh an bardas marcálacha bóthair chun slua-rialú a chumasú agus scaradh fisiciúil a chinntiú.
31 Márta 2020
Bailiúcháin: FelixArchief, inv. nr. 2876#82
Iftar ‘soghluaiste’
Ceiliúradh ‘Iftar’ — ag briseadh an chéalacain le chéile tar éis luí na gréine — rud nach raibh indéanta le linn an Ramadan seo. Dá bhrí sin, rinne roinnt moscanna, amhail El Fath, béilí Iftar a sheachadadh ar rothar lasta chuig daoine a bhí ina n-aonar nó a bhí faoi bhochtaineacht.
12 Aibreán – 13 Bealtaine 2020
Bailiúcháin: FelixArchief, inv. nr. 2920#6
‘t Akkoord ag seinm ceoil do De Fontein
Ós rud é gur dealraíodh gurbh iad na seanóirí ba leochailí a bhí ina n-íospartaigh den choróinvíreas, bhí ar go leor daoine a bhí ina gcónaí in ionaid chúraim agus in árasáin seirbhíse fanacht sa bhaile. Chuir an banna ceoil ‘t Akkoord, ceolchoirm fhisiciúil ar bun os comhair áras cónaithe De Fontein chun faoiseamh ceolmhar a chur ar fáil dóibh.
10 Bealtaine 2020
Bailiúcháin: FelixArchief, inv. nr. 2893#2
Ard-Mhúsaem na Liotuáine, an Liotuáin - ‘Cé a Dhéanfaidh Scéal COVID-19 a Aithris sa Mhúsaem sa Todhchaí Lá Níos Faide Anonn?’
Zita Bružaitė, cumadóir an tsaothair ‘Anxiety’
Nuair a fógraíodh an coraintín an 16 Márta, thosaigh an cumadóir Zita Bružaitė, ar a saothar úr ‘Anxiety’ a chruthú (Nerimas sa Liotuáinis). Chaith sí ar a laghad leath uair an chloig sa ló ar an obair seo gach uile lá. Léirítear sa lámhscríbhinn a bhronn Bružaitė ar an músaem, meonta an ealaíontóra agus na coinníollacha a mb’éigean di dul i ngleic leo gach lá den choraintín a bheith i bhfeidhm.
T-léine
Agus í ag caitheamh a cuid ama sa bhaile, dhírigh Gintautė ar an gcaitheamh aimsire is ansa léi, an bhróidnéireacht. Tar éis di fiafraí dá cairde ar Instagram, a léiriú sainiúil féin a thabhairt ar an staid reatha, rinne sí trí cinn déag is fiche de scéalta éagsúla faoin gcoraintín a bhróidniú ar a sean T-léine. Léirítear smaointe siombalacha éagsúla, an caitheamh i ndiaidh rudaí, agus saincheisteanna ábhartha sna scéalta amhail páipéar leithris agus análaitheoirí. Nuair a d’fhiafraigh duine dá lucht leanúna di rud éigin draíochtúil a bhróídniú, chinn sí é sin a léirmhíniú trí íomhá den ‘choróinvíreas i gcrúsca gloine’ a chruthú. Bhronn Gintautė Riabovaitė an T-léine ar an músaem.
Crainn silíní faoi bhláth ar líne
Is é an t-earrach an t-am a thugann muintir uile Vilnias cuairt ar ‘úllord Sakura’ chun lán na súl a bhaint as na crainn. Ach an t-earrach seo, ar mhaithe leis an bpobal a chosaint agus cruinnithe dosheachanta a theorannú, rinne Bardas Chathair Vilnias i gcomhar leis an gcuideachta teileachumarsáide Telia, ceamaraí a shuiteáil san úllord agus sruthú gréasáin beo de na crainn silíní Sakura agus iad faoi bhláth a eagrú. Bhronn Bardas Chathair Vilnias an comhartha faisnéiseach ar an músaem.
Ticéad ó Bali
I mí an Mhárta 2020, nuair a dúnadh teorainneacha fhormhór na dtíortha go tobann, bhí dúshláin mhóra roimh thaistealaithe. Rinne Aireacht Gnóthaí Eachtracha Phoblacht na Liotuáine tús a chur le heitiltí aisdúichithe a eagrú ó na tíortha ina raibh an líon ba mhó de shaoránaigh chláraithe coinnithe gan bealach fillte. Ba ar an 28-29 Márta a d’fhág an eitilt dheireanach Oileán Bali. Rinne Ugnė Karaliūnaitė, a d’fhill abhaile ar an eitilt sin, a ticéid a bhronnadh ar an músaem.
Teimpléad le haghaidh sciatha aghaidhe
Agus an t-ionfhabhtú víreasach seo ina thús agus é ag leathadh go mear, ní raibh dóthain trealaimh cosanta ag institiúidí cúraim sláinte na Liotuáine, de bhrí go raibh sé ionann agus indéanta trealamh cosanta den sórt sin a fháil. Mar fhreagairt don chás sin, rinne Scoil na Róbataice teimpléad 3D clóite de mhasc a fhorbairt, ar bhain gnólachtaí agus daoine aonair úsáid as chun os cionn caoga míle sciath aghaidhe a phriontáil d’oibrithe sláinte i dtréimhse an-ghearr ama. Rinne Paulius Briedis (VšĮ Robotikos mokykla) an teimpléad a bhronnadh ar an músaem.
Fondúireacht Músaeim Poist agus Teileachumarsáide, Beirlín, an Ghearmáin - ‘Cumarsáidí Covid’
Pacáiste hamstar
Sheoltaí an ‘pacáiste hamstar’ le linn phaindéim an Choróinvíris mar bhronntanas malartach lá breithe, nuair nach raibh cuairt fhisiciúil indéanta. Is éard a bhí ann ná dhá rolla páipéir leithris, pacáiste mór pasta agus cannaí bia – nithe a bhí úsáideach go háirithe nuair a cuireadh tús leis na chéad bhearta i gcoinne an Choróinvíris sa Ghearmáin. Bhí go leor de na nithe sin díolta amach sna hollmhargaí. Bá é an ‘Hamster Company, ó shráid Hamster in Hamstern’ an seoltóir.
Amberg, 18 Aibreán, 2020
Litir ag glacadh buíochais ar chárta poist a seoladh chuig fir an phoist
Fuair Deutsche Post AG an cárta poist féindeartha seo ‘ag glacadh buíochais’ lena sheachadóirí poist, a bhí go mór faoi bhrú mar gheall ar an líon méadaithe litreacha agus beartán le linn phaindéim an choróinvíris. I ngeall ar na bearta a glacadh chun dul i ngleic leis an gcoróinvíreas, tháinig méadú ar líon na n-earraí a bhí á seachadadh chuig a dtithe ag go leor teaghlach. Ó shin i leith, is minic a dhéantar coinsíneachtaí a sheachadadh gan tadhall. Is féidir breathnú ar an gcárta mar ghotha agus mar chomhartha dlúthpháirtíochta le fear an phoist, cosúil leis an mbualadh bos um thráthnóna do ghairmithe cúraim sláinte. Tá an cárta poist marcáilte le híomhá d’Ardeaglais Köln suite i gcruinneog shneachta.
Köln, 30 Márta, 2020
Dialann ama urghnách
Sa leabhar, arna fhoilsiú ag an ealaíontóir, Hasso von Henninges, bailítear ábhar ó 20 údar a thugann tuairisc ar a dtaithí, gnáthaimh agus tuairimí laethúla ó thréimhse an Choróinvíris le linn mhí an Mhárta agus mhí Aibreáin. Ba le linn na seachtainí sin a rinneadh bearta a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic leis an gcoróinvíreas agus leis an bhféinleithlisiú. Rinneadar a smaointe a bhreacadh síos, cuid a bhí lámhscríofa, cuid eile go digiteach. Tá dáileadh déanta ar 32 chóip den saothar 260 leathanach.
Nuremberg, Márta/Aibreán 2020
Cártaí poist in aimsir an Choróinvíris
Sheol an t-ealaíontóir, Susanne Schattmann, achainí tríd an bpost, agus seanchártaí poist a bhí clúdaithe le péint aicrileach á seoladh aici chuig teaghlaigh agus chuig cairde, leis an iarratas iad a dhearadh agus a sheoladh ar ais chuici. D’fhreagair níos mó ná 50 duine ó gach aoisghrúpa an achainí lena ndéantúis ealaíne féin. Léirítear raon iomlán ealaíne le móitífeanna agus teicnící ghailearaí na gcártaí poist - ó uiscedhathanna agus grianghraif, go nathanna agus léirithe íocónacha. Tá ‘turas léarscáil’ lena mbaineann á fhorbairt freisin, chomh maith le hamhrán féinscríofa.
Nuremberg, Márta/Aibreán 2020
Treoracha atá cruthaithe ar bhonn aonair do sheanóirí chun úsáid a bhaint as Skype agus IPad
Rinne paindéim an choróinvíris borradh a chur faoin digitiú. Tá chuid mhór den chaidreamh a bhíonn idir daoine ag aistriú ar bhonn méadaitheach chuig chainéil dhigiteacha i ngeall ar shrianta teagmhála. Ar an gcúis sin, cheannaigh an tUasal Rauch, iPad dá thuismitheoirí, atá os cionn 80 bliain d’aois, ionas gur féidir leis teagmháil a dhéanamh leo duine le duine. Ós rud é nach raibh aon taithí ag na tuismitheoirí ar ríomhairí, ar fhóin chliste nó ar an idirlíon, chruthaigh a mac treoracha céim-ar-chéim a sheol sé chuig a thuismitheoirí tríd an bpost in éineacht leis an ngléas. Míníonn sé conas an gléas agus seirbhís teachtaireachtaí meandracha Skype a úsáid.
Dortmund, 22 Márta, 2020
Gallery Oldham, an Ríocht Aontaithe - “Oldham’s Lockdown Museum”
Tandle Hills
Ó pháirceanna, ionaid spraoi agus clubanna do leanaí atá lán, go dtí garraithe oscailte, féar fada, an spéir agus an spás. Bhí Tandle Hills ina thearmann againn riamh agus tá i gcónaí. Bíonn spás saor gan teorainn agus seal agus spraoi gan rialacha an tí, daoine fásta agus an domhan timpeall orthu ag teastáil ó leanaí. Nuair a bhí an saol ag dul crua orainn, is é seo a thug faoiseamh dúinn.
Altraí i mbarda na leanaí ina bhfuil scáthláin mhaisithe
Is tionscadal digiteach é Músaem Dianghlasála Oldham a bhfuil sé mar aidhm leis léargas a fháil ar an saol sa cheantar áitiúil le linn phaindéim COVID-19. D’iarr siad ar mhuintir na háite cabhrú leo an tréimhse seo a thaifeadadh agus a iniúchadh, chun gur féidir leo taisceadán todhchaí digiteach a roinnt le glúnta Oldham amach anseo.
Béirín san fhuinneog
Tá naoi dtaispeántas dhigiteacha foilsithe ag Gailearaí Oldham: Saol na Dianghlasála, Cineáltas, Rudaí, Cruthaitheacht, Athruithe, Teachtaireachtaí, Nádúr, Spórt agus Obair. I mí Lúnasa d’iarr siad go gcuirfí píosaí scríbhneoireachta ar fáil freisin – ‘Litreacha Dianghlasála’ daoine.
Ócáid shóisialta le scaradh sóisialta
Go dtí seo, tá os cionn 300 íomhá agus píosa scríbhneoireachta seolta ag 80 duine lena gcuirfear tús le cartlann iontach a chabhróidh leis an nGailearaí cur síos a dhéanamh do na glúnta atá le teacht ar an saol a bhí sa cheantar le linn na paindéime domhanda.
Ard-Mhúsaem Lichtinstéin, Lichtinstéin – “Saol laethúil COVID-19”
Historic England, an Ríocht Aontaithe - #PicturingLockdown
Jenny Mclean ag cuimhneamh ar Nidiya
Tá garraithe scóir Boundary Way cúpla céad slat ón áit a bhfuil cónaí orm. Chuaigh mé ann inné agus casadh fear as Iamáice darb ainm Tony Mclean orm agus thosaíomar ag caint faoin tionscadal seo. Dúirt sé liom go raibh a bhean Jenny ag sochraid a dlúthcharad Nidiya a bhí tar éis bás a fháil de COVID-19 le déanaí. Labhair mé léi ar maidin agus dúirt sí go mbeadh sí sásta comhrá a bheith againn ag na garraithe scóir mar go bhfaigheann sí a lán sóláis ó bheith ansin. Ba bheag gur chaith sí aníos nuair a bhí sí ar shochraid Nidiya agus í ag cuimhneamh ar na 33 bliana a raibh siad mór le chéile. Is cosúil gurb iad daoine dubha agus daoine de bhunadh na hÁise is mó atá thíos leis an ngalar i gcathair Wolverhampton.
Bualadh bos don NHS
Roghnaigh Roy Mehta, duine de dheichniúr ealaíontóirí a fuair coimisiúnú le haghaidh an tionscadail, é seo le bheith mar chuid de bhailiúchán 10 n-íomhá de bhruachbhailte Londan. Bhí an méid seo le rá aige: “Is í an íomhá a roghnaigh mé ná: ‘Shuvaseesh Das, Bualadh Bos do NHS Londan’. Thaitin cuid de na híomhánna eile liom ach is léiriú an ceann seo ar an saol mar a bhí ag an oiread sin daoine le linn na dianghlasála. Is féidir linn an lánúin a fheiceáil i gcomhthéacs tríd an gcúlra agus is cinnte gur tagairt an bualadh bos ar an mbalcóin don tacaíocht atá ann don NHS faoi láthair. In éineacht leis an gcuma ghruama atá ar a n-aghaidh, is cinnte gur íomhá chumhachtach í seo.”
Fliuch báite le scaradh sóisialta
Spraoi sa bhóithrín ar lá te earraigh. Beirt chairde ‘ag troid’ go dtí go bhfuil siad fliuch báite agus a gcuid buicéad folamh. Cuireann an scig-gháire soineanta agus an screadach na laethanta a bhí, agus a bheidh ann arís, i gcuimhne dúinn.
Juliette, Juliette (fuaimeanna na sráide)
Agus an t-earrach ag cur fáilte romhainn le laethanta níos teo agus níos grianmhaire fuair mé amach gur sa ghairdín is mó a fhaighim faoiseamh. Chiallaigh meascán den dianghlasáil agus rabhartha comharthaí sóirt go raibh an spás beag tábhachtach seo amuigh faoin aer ina thearmann agam arís mar a bhí i gcónaí; áit chun blaiseadh a fháil den saol arís trí shéideadh na gaoithe, ceiliúr álainn na n-éan, giob geab na leanaí agus iad ag spraoi nó mo shúile dúnta i gcoinne sholas na gréine. Agus fós féin is iontach go bhfuil tearmann suaimhnis mar seo againn agus cónaí orainn chomh gar sin dá chéile.
Bearradh gruaige ag an am céanna
Gruaig á bearradh ag comharsana ag an am céanna in dhá ghairdín in aice a chéile. Is leis an ngrianghrafadóir Alun Bull an gairdín ar dheis.
Musée de la Vie wallonne, an Bheilg - “Léiriú ar an ngéarchéim sláinte”
Masc cosanta
Dhear Isabelle Mathieu, déantóir hataí atá lonnaithe in Alleur, an masc seo i gcomhthéacs ghéarchéim sláinte COVID-19. Dearadh an masc seo sa chaoi go mbeadh daoine in ann cumarsáid a dhéanamh le daoine atá bodhar, nach bhfuil an éisteacht go maith acu nó atá balbh. Bhí comhoibriú ann ar an tionscadal le “Relab de Liège”, a chuir gearradh léasair de na hábhair ar fáil, rud a chinntíonn nach n-éiríonn imeall an éadaigh caite ag an scáthlán.
Perth Museum & Art Gallery, Albain - “An Coróinvíreas go hÁitiúil”
Cosc ar chláir scátála
Ag tús na dianghlasála sa Ríocht Aontaithe ag deireadh mhí an Mhárta 2020, cuireadh stop le gach rud beagnach. Ina measc bhí na gnáthchineálacha caithimh aimsire. Seo an clár scátála folamh i bPáirc South Inch i bPeairt na hAlban.
Leipreacháin agus boghanna báistí
Go gairid tar éis thús na dianghlasála agus na scolaíochta baile dá bharr sin, chuir go leor teaghlach an dóchas a bhí acu mar aon leis an imní a bhí orthu in iúl trí shaothar ealaíne spraíúil a taispeánadh i bhfuinneoga an tí.
Dá mbeadh an graifítí i gceannas...
Thart ar dhá mhí tar éis thús na dianghlasála, tháinig roinnt agóidí spraíúla chun cinn taobh leis an bhfreagra tuisceanach seanbhunaithe ar an ngéarchéim. Cruthaíodh an graifítí seo faoi dhroichead A9 thar abhainn Amain i bPeairt na hAlban.
Líníochtaí cailce le linn na dianghlasála
Le linn na dianghlasála, tháinig leanaí ar roinnt bealaí traidisiúnta chun bheith ag spraoi níos gaire don bhaile. Chonacthas na líníochtaí agus cluichí cailce seo i roinnt áiteanna, sa chás seo i lár Pheairt na hAlban.
Clocha beaga péinteáilte
I dtreo dheireadh na dianghlasála, thosaigh leanaí ag fágáil clocha beaga péinteáilte lasmuigh de scoileanna mar chomhartha dlúthpháirtíochta agus comhbhá.
Tá sé seo mar chuid de ‘bholb’ a rinne teaghlaigh le linn na dianghlasála. Tá sé lonnaithe lasmuigh de Bhunscoil Moncrieffe i bPeairt na hAlban.
Músaem Faoin Aer na hUngáire - “Taispeántas Fíorúil Masc”
Ó Bhúdaipeist
Nuair a thosaigh daoine ag ceannach na soláthairtí go léir ó na siopaí, theastaigh uaim cosaint chuí a chur ar fáil dom féin, ar mo bhealach neamhghnách féin ar ndóigh. Roghnaigh mé masc an dochtúra ó phlá na meánaoiseanna dom féin. Bhí mé cinnte go mbeadh sé úsáideach anois freisin ós rud é gur oibrigh sé sna meánaoiseanna. Fuair mé díreach in am é i mí Aibreáin. Bhí mé amuigh ag siopadóireacht, ag siúl na sráide agus ag úsáid an chórais iompair phoiblí ar feadh seachtaine agus an ceann seo orm. Cibé áit a raibh mé, stop daoine ag caint agus bhí eagla ar dhaoine romham. Tá grianghrafadóirí gairmiúla fós ag glaoch orm agus iad ag iarraidh pictiúr a thógáil díom ar na sráideanna. Bíodh paindéim ann nó ná bíodh, níor cheart do dhaoine féith an ghrinn a chailleadh, fiú amháin más greann dubh atá ann.
Ó Mosonmagyarórvár
Thosaigh sé ar fad tráthnóna an 13 Márta, nuair a fógraíodh nach raibh cead againn dul ar scoil ón Luan ina dhiaidh sin. Cheapamar nach mbeadh ann ach seachtain nó dhó... bhí dul amú orainn.
Bhí na maisc seo déanta as línéadach, bhí cinn dhaite againn do na leanaí agus cinn bhána ina raibh trí shraith do na daoine eile. Tá súil go mbeidh gach rud ar ais ina cheart arís go luath. Tá cúrsaí ag éirí níos fearr anois. Is féidir linn páirt a ghlacadh i gcampaí samhraidh áit ar féidir liom bualadh le mo chuid cairde arís!
Ó Mezőkövesd
D’fhuaigh gúnadóir áitiúil mo mhasc le haghaidh mo bhainise. Ní raibh mórán ama againn agus, mar sin, níl sé bróidnithe. Is teaghlach de bhunadh Matyó muid. Rinne mná ó ghlúnta éagsúla gúnaí agus seoda áille a bhróidniú.
Bhí an bhainis ar siúl ar an 21 Márta in Mezőkövesd, nuair a phós mé mo chailín Beáta Görzsöny, arb í mo bhean chéile Beáta Kiss anois í. :) Mar gheall ar na bearta sábháilteachta, ní raibh ach roinnt duine i láthair. Bhí sé aisteach ach tá cuimhní geala againn ar an lá.
Ó Debrecen
Léamar sa nuachtán áitiúil agus ar an idirlíon go raibh sé iarrtha ag an rialtas ar an bpobal maisc a fhuáil sa bhaile. Sheolamar ríomhphost chun clárú lena aghaidh agus chuir ceann de na hionaid phobail in Debrecen in iúl dúinn gur glacadh linn. Thug siad an t-ábhar ar fad dúinn mar aon leis na bandaí rubair agus patrúin an mhaisc. Bhí gach rud éasca go leor ina dhiaidh sin. Tharraing m’fhear céile an dearadh, is é mo mhac (atá ar éagumas go pointe áirithe) a ghearr iad agus rinne mé féin an fhuáil a bhí ag teastáil ag an deireadh. Rinneamar níos mó ná 150 masc laistigh de chúpla lá. Ní hamháin gur bhaineamar sult as, ach bhí sé an-tairbheach freisin!
Museo Nacional de Antropología (Maidrid) - "Tionscadail maidir le COVID”
D’iarramar ar ár gcuairteoirí grianghraif a chur chugainn ina bhfuil a maisc á gcaitheamh acu. Tá na maisc sin éigeantach agus, dá bhrí sin, is léiriú iad ar dhealramh nua daoine i spásanna poiblí. Iúil 2020
Le linn na céime gaibhniúcháin, d’iarramar ar ár bpobal a dteach a thiontú ina músaem agus míniú a thabhairt ar an “bpíosa is fearr leo” i bhfíseán. D’inis Alfonso dúinn gur mhúscail a hata a lán cuimhní cinn ann ar a thír féin: Meicsiceo. Aibreán - Bealtaine 2020
Antraipeolaíocht le haghaidh géarchéime
Le linn an ghaibhnithe, d’oibrigh níos mó ná 20 antraipeolaí i gcomhar leis an músaem agus thug siad roinnt nod dúinn faoina raibh ag tarlú agus faoi cé na hathruithe i saol an duine a bhféadfaí a bheith ag dréim leo tar a éis sin. Tá a n-ailt foilsithe againn ar shuíomh gréasáin MNA. Tá an pictiúr seo i saothar Álvaro Alconada dar teideal “Ar eadarbhuas le linn babhta machnaimh”.
Teideal scríofa “Ná leag lámh orm! D’fhéadfadh an víreas a bheith orm!” Bealtaine - Meitheamh 2020
Le linn na seachtainí a raibh muintir na Spáinne sáinnithe ina gcuid tithe chun nach mbuailfí breoite de COVID iad, ba iad na fuinneoga an t-aon bhealach a bhí acu lena fheiceáil cad é a bhí ag tarlú lasmuigh, sa tsráid nó sa chomharsanacht. Mar sin de, d’iarramar orthu grianghraif díobh féin a chur chugainn. Sa ghrianghraf seo, ó fhuinneog Ana, nochtar dúinn an dóigh ar féidir fós, in ainneoin an ‘ghaibhnithe’, an bogha báistí a fheiceáil. Aibreán - Bealtaine 2020
D’iarramar freisin ar ár bpobal grianghraif a chur chugainn ina léirítear an dóigh ar fhilleadar ar a gcomharsanachtaí tar éis roinnt míonna nárbh fhéidir leo cuairt a thabhairt orthu lena linn. Chuir Ángel grianghraf chugainn ina léirítear an chéad uair a thug sí cuairt ar an eaglais le tamall fada. Meitheamh 2020
Ard-Mhúsaem na Fionlainne - “Bailiúchán Grianghraf”
Rannpháirtithe in imeacht damhsa pobail Poikkeusliike (‘Gluaiseachtaí Eisceachtúla’) i gceantar Ruoholahti in Heilsincí, an 27 Márta 2020. Ghlac daoine páirt in imeacht damhsa ar líne ar fud na Fionlainne trí bheith ag damhsa ar feadh 20 nóiméad ag an am céanna in áit dá rogha féin.
Trí mhúrphictiúr Superhoitaja (“Altra ar dóigh”), gabhtar buíochas le haltraí as a gcuid oibre le linn phaindéim an choróinvíris. Is ionann an ealaín graifítí le Molotow Finland agus comhartha ómóis d’oibrithe cúraim sláinte agus tá sí i gceantar Konepaja de cheantar Vallila in Heilsincí, an 28 Aibreán 2020.
Rang staidéar comhshaoil i bPáirc Sinebrychoff do Rang 3B Scoil Ghearmánach Heilsincí (Deutsche Schule Heilsincí), an 26 Bealtaine 2020. Bhí roinnt de na ranganna ar siúl lasmuigh agus roinnt eile ar siúl laistigh nuair a d’oscail na scoileanna athuair i lár mhí na Bealtaine. Tá Anmol Dogar, múinteoir riachtanas speisialta oideachais, sa chúlra.
Rang staidéar comhshaoil i bPáirc Sinebrychoff do Rang 3B Scoil Ghearmánach Heilsincí (Deutsche Schule Heilsincí), an 26 Bealtaine 2020. Bhí roinnt de na ranganna ar siúl lasmuigh agus roinnt eile ar siúl laistigh nuair a d’oscail na scoileanna athuair i lár mhí na Bealtaine. Tá Anmol Dogar, múinteoir riachtanas speisialta oideachais, sa chúlra.
In ainneoin an choróinvíris, dháil an eagraíocht Hurstin apu (‘Cabhair Hursti’) bia ar dhaoine bochta agus ar dhaoine faoi mhíbhuntáiste i gceantar Kallio de Heilsincí, an 17 Aibreán 2020. Mar gheall ar an dianghlasáil, tugadh cúl le scuainí agus dháiltí bia aon uair a thagadh daoine chun é a iarraidh. Dáileann an carthanas bia agus beartáin éadaigh ó cheann ceann na bliana orthu siúd a bhfuil gá acu leo, agus eagraíonn sé imeachtaí éagsúla.
Músaem Eitneagrafaíochta na Slóivéine - “Ag bailiú scéalta grinn a bhaineann leis an gcoróinvíreas”
Le teacht chun cinn phaindéim an choróinvíris, sinne i Músaem Eitneagrafaíochta na Slóivéine, mar institiúid atá freagrach go sóisialta, d'fhiafraíomar dínn féin conas a d‘fhéadfaimis freagairt a thabhairt uirthi agus, thar aon ní eile, conas a d’fhéadfaimis cabhrú le daoine i gcás ar leith. Chinneamar go dtosóimis ar scéalta grinn a bhí ag scaipeadh inár measc a bhailiú. Bhí sé mar aidhm leis sin áthas a chur ar dhaoine agus faoiseamh a thabhairt dóibh ó imní, eagla agus buaireamh an ghnáthshaoil a bhaineann le breoiteacht, le leithlisiú agus le huaigneas.
Ar an láimh eile, theastaigh uainn freisin an staid sa tsochaí a thaifeadadh le scéalta grinn atá ina gcuid dár n-oidhreacht chultúrtha spioradálta. Deir ceann amháin de na scéalta grinn sin gurb amhlaidh, mar gheall ar an líon scéalta grinn atá ag scaipeadh, nach raibh riamh paindéim chomh sona léi ann. Nó go bhfuil na scéalta grinn faoin gcoróinvíreas ag scaipeadh níos tapúla ná an víreas féin.
Laistigh de dhá mhí, tá níos mó ná 1,000 scéal grinn bailithe againn agus tá a roghnú ar taispeáint faoi láthair i dteilgean ríomhaire i bpríomh-halla an mhúsaeim agus ar an seastán lasmuigh os comhair an mhúsaeim, áit a scríobhaimid scéalta grinn nua gach seachtain. Le haghaidh Oíche Shamhraidh an Mhúsaeim an 20 Meitheamh 2020, tá taispeántas darb ainm "Koronski humor” á ullmhú againn.
Músaem Chontae Mhuineacháin, Poblacht na hÉireann - ‘Ár dTaithí a Thaifeadadh’
Músaem na hEitneagrafaíochta, an Ungáir - ‘Réada Coraintín’
Masc ar a bhfuil sailchuach bróidnithe
‘Toisc gur geal liom go mór an bhróidnéireacht, is maith is eol dom méid na dúthrachta is gá a chaitheamh léi; Déanaim a lán bróidnéireachta le linn mo chuid ama shaoir freisin. Tá dhá shraith sa mhasc agus snoitear de láimh é. Roghnaigh mé an tsailchuach lena mhaisiú ar dhá chúis: tá sí ar cheann de na bláthanna a fhásann go maith san earrach, an tráth céanna go baileach a thosaigh an phaindéim san Ungáir; agus ar an láimh eile roinneann léi brí shamhaltach na hathbhreithe agus an dóchais - chun comhrac i gcoinne an víris.’
Teicneolaíocht agus Cruthaitheacht
‘Bhí mé féin agus m’fhear céile ag cianobair le linn an ghaibhnithe. Tá gnáthamh laethúil agam atá cothrom agus mós gnóthach. Tá a ualach oibre siúd randamach ach tá an mhaoirseacht dian; déantar a chuid gníomhaíochta ar an scáileán a sheiceáil ó am go chéile. Nuair nach mbíonn cúraimí ar bith le déanamh, áfach, — ach go mbíonn a fhios agat go mbeadh a lán le déanamh sa bhaile — is féidir fearg a theacht ort. Thángthas ar réiteach i bhfoirm briogún. Agus mé ag obair, bíonn an scáileán eile ar siúl freisin.’
Gréagán
‘Is breá liom mo chuid ama a chaitheamh a bheith cruthaitheach, a mhéid a bhaineann le maisiúcháin. Cuireadh an gréagán sin i lár an bhoird mar mhaisiúchán don Cháisc. Tá seachtainí anois ann ó chonaiceamar daoine dár dteaghlach agus ba ghnáthamh laethúil é a bheith ag faire ar an teilifís gach aon lá chun an scéala is déanaí faoin víreas a fháil. Is é mo mhórthuairim go bhféadfadh an saol seo againn a bheith níos fearr ach iarracht den ghreann a bheith ionainn.’
Maisc fhónta
‘Chuaigh daoine thar fóir maidir le maisc a cheannach a luaithe a thosaigh an phaindéim san Ungáir. Dá bhrí sin, chinn mé ar mo chinn féin a dhéanamh - thaibhsigh sé dom gurbh é an t-aon réiteach é. Bhí mé sa tóir ar léine chadáis den chéad scoth a bhféadfainn leas a bhaint as a cúl chun sé cinn de mhaisc a dhéanamh.
Fágann sé faoi chumha mé óir is an Iodáil an tír is fearr liom agus ba í an chéad tír san Eoraip í a chuaigh i ngleic leis an víreas. Tá nath ann san Iodáilis, i.e. ‘dare una mano’, a chiallaíonn lámh chúnta a thabhairt do dhuine. Tá muinchille ar iarraidh ar an t-léine, rud atá ina léiriú ar an gcabhair nach bhfuair an Iodáil, ach ar cheart di í a fháil, ó na tíortha sin arb iad a dturasóirí siúd príomhthomhaltóirí na n-earraí sin.’
Clár smúdála
‘Tá an clár smúdála seo i bhfad níos lárnaí inár saol laethúil le seacht seachtainí anuas ná mar a bhí sé le deich mbliana anuas.
Tá a airde inathraithe. Dá bhrí sin, is diail an rud é an ríomhaire glúine a bheith ar an gclár smúdála le linn na ranganna pianó a dhéanann mo leanbh, ionas nach é amháin go mbíonn radharc iomlán ar an staidiúir ag an múinteoir, ach ar na méara freisin. B’fhiú é a cheannach ar an gcúis sin amháin.’
Ard-Mhúsaem na Danmhairge - ‘Déantáin Dhigiteacha maidir le COVID-19’
Téigh abhaile
Le linn na Cásca, i gceantar ina bhfuil cónaí ar líon beag daoine, chuaigh bualadh mór daoine ag siúlóireacht amuigh faoin tír siúd is gurbh í an chomhairle, de réir na dtreoirlínte sa Danmhairg, gur cheart fanacht sa bhaile. Cuireadh fearg ar dhuine de mhuintir na háite mar gheall ar an trangláil daoine agus rinne sí comhartha ar ar scríobh sí ‘Téigh abhaile’ agus chuir sí le hais an bhóthair é. Toisc go raibh an-fhearg ar a comharsana mar gheall air sin, bhain sí anuas an comhartha ar deireadh.
Músaem Vesthimmerlands, an Danmhairg - “Léargas ar COVID”
Breithlá
Breithlá gan aíonna! Dúnadh na tithe altranais agus ní raibh cead ag daoine cuairt a thabhairt orthu mar gheall ar an víreas. Sin é an fáth nach raibh an dara rogha ag muintir Grethe Gertsen ach teacht le chéile lasmuigh den teach altranais an 2 Aibreán chun a 91ú breithlá a cheiliúradh. Tá sí ina suí le hais na fuinneoige.
Altra
Gach lá, bailíonn an músaem tuairiscí ó dhaoine a d’airigh go tobann go raibh an saol ina chíor thuathail. Is altra máinliach ortaipéideach í Charlotte Høj Opheim-Winje, ach in imeacht cúpla lá, athoileadh í chun othair coróinvíris in Ospidéal Farsø a bhainistiú. Tá taifead ar a scéal do na glúine atá le teacht.
Netto
Sula dtéann siad isteach in ollmhargaí agus i siopaí grósaera moltar do chustaiméirí aire a thabhairt dá chéile agus do na fostaithe agus coinneáil amach ó chéile. Thairis sin, insíonn na siopaí do dhaoine nach bhfuil cúis ar bith ann le bheith ag cruinniú earraí, ós rud é go seachadtar earraí gach lá i gcónaí. Is cuid thábhachtach de thaifead ár músaeim ar an staid an-speisialta seo iad comharthaí agus rabhaidh. Tráth is faide anonn, beidh roinnt acu i mbailiúchán an mhúsaeim. Thairis sin, oibríonn an músaem i gcomhar le hoifig an Mhéara chun achoimrí ar chinntí agus doiciméid bhardasacha thábhachtacha eile a fháil.
Fíricí
Díghalrán lámh, miotóga plaisteacha agus fógraí a insíonn duit conas tú féin a iompar san ollmhargadh, lena n-áirítear acmhainn uasta an tsiopa. Go tobann, baineann go leor deacrachtaí leis an tsiopadóireacht agus ní hí an tsiopadóireacht chéanna in aon chor í. Tá taifead á choinneáil ar an méid sin ag an músaem faoi láthair ar dóigh léi gur deis uathúil atá i ngéarchéim COVID-19 chun an stair faoi mar atá sí ag titim amach san am i láthair a thaifeadadh. Is é is an-tábhachtach leis an músaem ná léargas a thabhairt ar na hathruithe atá ag tarlú.
La Fonderie - ‘An gaibhniú caidreamhach’
Tralaí siopadóireachta
“San am a chuaigh thart”, bhí an tralaí seo ina léiriú ar an tsiopadóireacht ba ‘ghá a dhéanamh’ le linn an deireadh seachtaine, chun dochair do ghníomhaíochtaí eile a bhí i bhfad níos fiúntaí. Tharraingímis é faoi mar a bheadh liathróid ann, agus dar linn nach raibh ann ach réad feidhmiúil. Anois, tráth seo an ghaibhnithe, is léiriú é ar éalú agus eachtraíocht.
Triomadóir éadaí
Ó rud é go bhfuil mo bhean chéile (an bhean ag a raibh an tralaí siopadóireachta) ag cianobair inár seomra ar a dugtar an oifig, táimse sáinnithe inár seomra suite, inár bproinnseomra... Ach, san am a chuaigh thart, bhí ár n-oifig: ina seomra pianó, ina seomra amhránaíochta, ina seomra ríomhaireachta, ina seomra péinteála agus gach 2 go 3 lá, ina seomra triomúcháin.
Táim féin agus ‘Plume’ inár gcónaí anois inár bproinnseomra / inár seomra triomúcháin. Is sólás dom é nach gá, tráth seo an ghaibhnithe, smúdáil a dhéanamh (...) mar sin de, nílimid inár gcónaí i seomra smúdála freisin!
Guthán póca
Bhí mo ghuthán póca an-tábhachtach ó thosach an ghaibhnithe toisc go raibh mé in ann scairt a chur ar mo mhuintir, ar mo chairde ... A bhuí leis an nguthán póca, bím i dteagmháil le mo mhúinteoir freisin.
Bhris mé mo sheanghuthán an deireadh seachtaine sular thosaigh an gaibhniú, agus bhí mé in ann ceann eile a cheannach ag an nóimeád deiridh, Dé Céadaoin tráth a bhí na siopaí uile le dúnadh ag meánlae. Tháinig mé chun an tsiopa ar 11am. Faoiseamh mór ab ea é!
Ard-Mhúsaem na hEalaíne Comhaimseartha, an Rómáin - Saotharlann Ealaíne Gaibhnithe UNARTE
Gaiste 2020 / Nílim i láthair 2020
“Cé go bhfuil teach mo thuismitheoirí i bhfad níos mó ná an stiúideo ina raibh cónaí orm i mBúcairist roimh an ngaibhniú, airím go bhfuilim i gceann de na cásanna móra sin i ngairdín na n-ainmhithe, mar a maireann an t-ainmhí i ndálaí atá ina samhail dá ngnáthóg nádúrtha, ach atá fós ar uireasa saoirse.”
An tionscadal ‘Tá an baile i ngach aon bhall’: Níl saol ann lasmuigh 2020 / Cuirfimid fios ort 2020
“Ar an drochuair, mar gheall ar an staid mar atá, níl an dara rogha agam ach m’árasán a choinneáil mar an t-aon «baile» atá agam. Trí bheith ag tarraingt, is féidir liom éalú tamall agus mé féin a thumadh i gcomhthéacsanna éagsúla is aithnid dom. Cé gur uaigneas agus leadrán atá á gcur in iúl agam, is dóigh liom gur tréimhse an-tairbheach gurb ea í don fhorbairt ealaíne agus do nithe eile nach í.’
Dialann faoin bhféinleithlisiú, blúire, 2020
‘Is éard atá sa tsraith «Cén lá atá ann» ná dialann ghairid faoin bhféinleithlisiú ina bhfuil cuntas ar an dóigh ar athraigh mo shaol ar feadh míosa, geall leis, le linn na paindéime. Tasc ollscoile a bhí ann ar dtús ach ráinigh go raibh sé ar cheann de na gníomhaíochtaí ba theiripí dá ndearna mé le linn na míonna úd.
Tá dhá chuid sa dialann: sa chéad chuid freagraítear an cheist «Cá bhfuil mé?» agus is léiriú go príomha í ar na hathruithe síceolaíocha a tharla mar gheall ar an réaltacht nua agus i bhfad ró-éagsúil idir na ceithre bhalla ina rabhamar sáinnithe thar oíche. Baineann an dara cuid leis an gceist «Cár mhaith liom a bheith?» agus tá cuntas cumhach inti ar na mianta beaga, a bhí ina mianta coitianta tráth, a mbímid ag smaoineamh fúthu Domhnach is dálach ar na saolta seo.’