Back to top

CUAIRTEANNA FÉINTREORAITHE

Is é is fearr a fhoghlaimíonn daltaí nuair a  thagann siad ar eolas iad féin. D’fhorbair foireann foghlama Áras Stair na hEorpa dhá phacáiste gníomhaíochta éagsúla bunaithe ar chur chuige ceisteach. Cuirtear ceisteanna leo a ligeann do dhaltaí a léamh féin a dhéanamh go mion ar scéalta agus ar inneachar an mhúsaeim.

Deartar ár mbileoga gníomhaíochta do dhaltaí ó 12-18 mbliana d’aois agus tá siad ar fáil i bhFraincis, in Ollainnis, i mBéarla nó i nGearmáinis. Tá siad ar fáil saor in aisce ag an tslí isteach sa Mhúsaem. Tá sé tábhachtach líon na gcóipeanna agus an teanga atá uait a lua nuair a dhéanann tú an áirithint.

Aimsigh, Déan Anailís & Pléigh”: tugann an pacáiste gníomhaíochta seo don bhuantaispeántas spreagadh gníomhach do dhaltaí an stair a chuardach, a cheistiú agus anailís a dhéanamh uirthi ar bhealach neamhspleách agus i ngrúpaí beaga.  Tá na treoirnótaí do mhúinteoirí, a ghabhann leis, ar fáil ar ár dtáibléad idirghníomhach agus tá siad le húsáid i gcomhar leis na bileoga oibre.

Foghlaim faoi AE in 12 Chéim”: Cén fáth ar gá dúinn foghlaim faoin Aontas Eorpach (AE)? I súile ghlúin na mac léinn, cad dó a seasann AE? Cén chaoi ar mhaith leo go leanfadh AE de bheith ag forbairt chun bheith ina áit níos fearr? Tá na ceisteanna seo ag croílár na conaire seo, a bhaineann leas as doiciméid agus réada stairiúla atá ar taispeáint ag na cora cinniúnacha de stair AE.

Tá “Aimsigh, Déan anailís & Pléigh” agus “Cuir aithne ar AE in 12 chéim” curtha in oiriúint do thurasanna ar an mbuantaispeántas a mhaireann 90 nóiméad.

Is féidir cuairteanna féintreoraithe a thabhairt ar Áras Stair na hEorpa freisin ar bhonn aonair; gheobhaidh gach dalta táibléad chun níos mó a fháil amach, i gceann amháin de na 24 theanga, faoina bhfuil sa Mhúsaem.

Caithfear áirithintí a dhéanamh tráth nach déanaí ná ceithre sheachtain roimh an gcuairt.

Sula ndéanann tú do chuairt a phleanáil, léigh liosta iomlán na mbeart sábháilteachta a bhaineann le Covid-19.

Má tá ceist agat nach bhfuil freagra uirthi thuas, is féidir ríomhphost a chur chugainn ag historia-learning@ep.europa.eu

MÉID AN GHRÚPA

Ní fhéadfaidh níos mó ná tríocha dalta a bheith i ngrúpaí féintreoraithe agus caithfidh duine fásta a bheith i bhfeighil ar gach cúigear déag de na daltaí sin. Braitheann grúpaí agus méid na ngrúpaí ar an Áras a bheith in ann fónamh dóibh ag aon am ar leith.