Back to top

FAISNÉIS GHINEARÁLTA

    UAIREANTA OSCAILTE

    Bíonn Áras Stair na hEorpa oscailte 7 lá in aghaidh na seachtaine.

    Dé Luain13:00 - 18:00
    Dé Máirt  -  Dé hAoine09:00 - 18:00
    Dé Sathairn  -  Dé Domhnaigh10:00 - 18:00

    Tá an iontráil dheireanach ag 17:30

    FÓGRAÍOCHTAÍ AGUS CLÁRÚ

    Beidh Áras Stair na hEorpa dúnta ar na laethanta saoire seo a leanas:

    1 Eanáir
    1 Bealtaine
    1 Samhain
    24, 25, 31 Nollaig

     

    TACAÍOCHT DO DO CHUAIRT ORAINN

    Ionas go mbeidh eispéaras sábhailte agus taitneamhach agat in Áras Stair na hEorpa, léigh le do thoil na sonraí thíos. Táimid ag súil le fáilte a chur romhat!

    Is féidir taitneamh a bhaint as Áras Stair na hEorpa sna 24 theanga oifigiúil de chuid AE. Úsáidtear gléasanna táibléid chun é sin a dhéanamh, ar gléasanna iad a thugann treoir idirghníomhach ar an músaem agus is féidir a chumrú i do rogha teanga.

    • Níl táille iontrála sa mhúsaem agus tá a chuid imeachtaí ar fáil saor in aisce.
    • Is féidir gnéithe speisialta do leanaí a chur ar gach táibléad agus tá bogearraí fuaime feabhsaithe ann do chuairteoirí a bhfuil riachtanais speisialta éisteachta acu chomh maith. Tá fáil ar dhaoine den fhoireann ar gach leibhéal chun cabhair a thabhairt, má bhíonn sé de dhíth.
    • Tá bileog eolais chlóite, ina bhfuil achoimre ghairid ar an mBuantaispeántas, le fáil i láthair fáilte Áras Stair na hEorpa, nó is féidir leat í a íoslódáil roimh do chuairt. Tá treoirleabhar níos mionsonraithe ar fáil lena íoslódáil chomh maith, nó is féidir é a cheannach san Áras féin.
    • Maireann cuairt chuig Áras Stair na hEorpa thart ar 90 nóiméad.
    • Ní mór do ghrúpaí de dheichniúr nó níos mó a gcuairt a chur in áirithe roimh ré.
    • Tabhair faoi deara go mbíonn an músaem níos gnóthaí san iarnóin. B’fhéidir go mothódh cuairteoirí níos compordaí agus go mbeadh tuilleadh spáis chun breathnú thart ar an músaem le linn uaireanta oscailte na maidine.
    • D’fhéadfadh sé go ndéanfaí seiceálacha slándála i stíl aerfoirt ar gach cuairteoir agus ar gach mála roimh dhul isteach. Tá cosc ar airm thine, substaintí pléascacha nó inadhainte, spraeanna piobair, nithe géara agus rudaí eile a d’fhéadfaí a mheas mar airm. I gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta na Beilge, d’fhéadfaí nithe áirithe a bhfuil cosc orthu a thabhairt ar láimh do na póilíní. D’fhéadfadh doiciméad aitheantais bailí a bheith iarrtha (cárta aitheantais náisiúnta, pas nó ceadúnas tiomána) chun dul isteach chuig Áras Stair na hEorpa.
    • Tá cosc ar ghrianghrafadóireacht agus ar scannánaíocht sna limistéir shlándála.
    • Níl cead ach ag treoirithe atá údaraithe ag Áras Stair na hEorpa grúpaí turas a threorú san fhoirgneamh.
    • De bharr cúiseanna caomhnaithe músaeim, úsáidtear aerchóiriú inár spásanna taispeántais chun an teocht a choimeád faoi bhun 20°C. Déan cinnte go bhfuil éadaí oiriúnacha agat le haghaidh an atmaisféar níos fuaire seo, go háirithe má tá an teocht ard ann taobh amuigh.
    • Is é seoladh fhoirgneamh an mhúsaeim ná: Áras Stair na hEorpa, Rue Belliard 135.
    • Is é seoladh poist an mhúsaeim ná: Áras Stair na hEorpa, Parlaimint na hEorpa, Rue Wiertz 60, 1047 an Bhruiséil.
    House of European History tablet in 24 languages

    SAORÁIDÍ

    Tá taisceadáin, seomra cótaí agus saoráidí friothála ar naíonáin in Áras Stair na hEorpa.

    MÚSAEM DO GACH DUINE

    Is músaem do gach duine é Áras Stair na hEorpa. Tá ár gcuid saoráidí agus ár ngníomhaíochtaí ar fad inrochtana ag daoine faoi mhíchumas. Is gné ríthábhachtach de chuid gníomhaíochtaí an mhúsaeim é an obair a dhéanann siad in éineacht le grúpaí agus pobail éagsúla. An aidhm atá againn ná teagmháil a dhéanamh le daoine iontacha ó chian agus ó chóngar trí shainchuairteanna agus trí chláir ar leith. Ná bíodh aon drogall ort d’iarrataí sonracha a sheoladh chugainn agus déanfaimid ár ndícheall rochtain ar an músaem a éascú duit. historia-learning@europarl.europa.eu

    Seomra cótaí Theach Stair na hEorpa

    AN BEALACH ANN

    (Teileafón: +32 2 283 1220)

    Rue Belliard / BelliardStraat 135, 1000 An Bhruiséil, An Bheilg

    An seoladh poist atá againn ná: House of European History, European Parliament, Rue Wiertz 60, 1047 Brussels.

     

    Get here by train

    TRAEIN

    Tá Stáisiún ‘Brussels-Luxembourg’ suite 700m ó Áras Stair na hEorpa.
    Iarnród na Beilge

    Get here by bus

    BUS

    Stadann Línte 22, 27, 34, 38, 64, 80 agus 95 ag Place du Luxembourg, nach bhfuil ach 600m ó Áras Stair na hEorpa
    Tá nasc le hAerfort na Bruiséile freisin le Línte 12 agus 21.

    Get here by metro

    MEITREO

    Is iad Maelbeek agus Schuman na stáisiúin is cóngaraí ar línte 1 agus 5, agus Trône ar línte 2 agus 6.
    An Córas Iompair Phoiblí sa Bhruiséil

    Brussels STIB public transport bus to House of European History
    Get here by car

    SA CHARR

    Páirceáil do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe

    Tá dhá spás páirceála laistiar d’fhoirgneamh Áras Stair na hEorpa, do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Ba cheart do chuairteoirí a úsáideann na spásanna seo suaitheantas bailí a thaispeáint ar a ngaothscáth, chun a léiriú go bhfuil an carr in úsáid ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Chun teacht ar na spásanna sin, tóg an casadh díreach tar éis fhoirgneamh Choiste Eorpach na Réigiún ag 99-101 Rue Belliard, is é sin ag 133 Rue Belliard, geall leis.

    House European History car parking space