Back to top

Creating the House of European History

ÁRAS STAIR NA HEORPA
Catalóg
31 Ean 2018
356 leathanach

In ‘Creating the House of European History’ cuirtear i láthair an bealach fada i dtreo ár músaem a chruthú. Déanann daichead údar cur síos i 44 pháipéar ar an bpróiseas forbartha spéisiúil agus casta trí dhearcthaí gairmiúla agus pearsanta an-éagsúil. Cuireann siad síos ar smaointe agus dúshláin, uaillmhianta agus amhrais, bacainní agus réitigh.

Foilsíodh an leabhar seo chun comóradh a dhéanamh ar bhliain amháin ó osclaíodh Áras Stair na hEorpa, in éineacht leis an gcomhdháil ‘Europe Exposed’. Tá sé roinnte ina chúig chuid mar a mhínítear thíos.

  • Béarla amháin
  • ISBN 978-98-846-1972-6
CUR SÍOS
  • Sa chéad chuid, ‘Process’, léirítear an obair eagraíochtúil a rinneadh chun músaem nua a chruthú faoi scáth Pharlaimint na hEorpa.
  • Tá an dara cuid, ‘Building’, tiomanta do stair agus d’athchóiriú an fhoirgnimh.
  • Is é an tríú cuid, ‘Content’, an ceann is fairsinge, agus cuirtear i láthair scéal an taispeántais agus cuid de na réada tábhachtacha atá ann.
  • Sa cheathrú cuid, ‘Production’ leagtar béim ar an obair chruthaitheach go léir a rinneadh roimh oscailt an mhúsaeim, ón dearadh go dtí an t-aistriúchán ar théacsanna go 24 theanga.
  • Ar deireadh, baineann an cúigiú cuid, ‘Outreach’, leis an obair ullmhúcháin le haghaidh cumarsáide, foghlaim sa mhúsaem agus pleanáil do thaispeántais shealadacha.

Tá an leagan iomlán den leabhar ar fáil lena cheannach ó shiopa an mhúsaeim. Ar fáil ar líne anseo.