Ó bholscaireacht na gCogaí Domhanda agus an Chogaidh Fhuair go pléascadh ar mhalartú cultúrtha, ar thurasóireacht agus ar theacht chun cinn gluaiseachtaí sóisialta ilghuthacha tar éis an Dara Cogadh Domhanda, léirítear sraitheanna casta de roinnt agus aontacht na hEorpa in ‘Nuair a labhraíonn na Ballaí’ trí rogha póstaer ó bhailiúchán Áras Stair na hEorpa.
Cruthaíodh an póstaer maisithe san Eoraip ag deireadh an 19ú haois. Leirítear ann saol níos tráchtálaithe chomh maith le gidé-eolaíochtaí polaitiúla contrártha. Bíonn póstaeir gearrshaolach, cruthaithe i gcomhair am faoi leith, ach déantar a lán eilimintí a athchúrsáil agus a athshondú i gcuimhne chultúrtha an lae inniu. Ó bholscaireacht na gCogaí Domhanda agus an Chogaidh Fhuair go dtí an pléascadh ar mhalartú cultúrtha agus ar an turasóireacht, chomh maith le teacht chun cinn na ngluaiseachtaí sóisialta ilghuthacha tar éis an Dara Cogadh Domhanda, léirítear sraitheanna casta de dheighilt agus d’aontacht na hEorpa trí rogha póstaer ó bhailiúchán Áras Stair na hEorpa. Meabhraíonn siad forbairt agus claochlú an limistéir phoiblí i gcathracha na hEorpa.
Tá na rannóga seo a leanas sa chatalóg:
- An Eoraip agus póstaeir: stair amhairc
- Suaitheadh agus aontacht
- Bacainní agus naisc
- Gníomhaíochas agus agóid
- Tar éis an phóstaeir?
- An féidir le ballaí labhairt? Foghlaim agus for-rochtain
Tá an leagan iomlán den leabhar ar fáil lena cheannach ó shiopa an mhúsaeim.
Béarla amháin
ISBN 978-92-846-8797-8