Le 70 bliain anuas, tá daoine óga san Eoraip tar éis athrú ó ghrúpa ar mhúnlaigh an stair a saol, go grúpa a dhéanann an stair iad féin. Clúdaítear sa taispeántas ceithre ghlúin de dhaoine óga den sórt sin a tháinig in aois ag tráthanna ríthábhachtacha i scéal na hEorpa: ag deireadh na 1940idí, na 1960idí, na 1980idí agus na 2000idí. Pléann sé buntaithí na hóige; ó hoideachas agus fostaíocht, go dtí cruthú féiniúlachta agus aimsiú grá.
- Béarla amháin
- ISBN 978-92-846-3145-2
Foilsíodh an leabhar ar ócáid an taispeántais ‘Óige Mhíshuaimneach’ (Feabhra 2019-Feabhra 2020). Tá aistí ann faoi ábhair an taispeántais, le hacadóirí mór le rá i réimse na staire, na socheolaíochta agus an léinn cultúir, mar aon le hábhar ó choimeádaithe Áras Stair na hEorpa, ina gcuirtear an taispeántas féin i láthair.
Is féidir an leagan iomlán den leabhar a cheannach i siopa an mhúsaeim.