Back to top

Treoirleabhar do chuairteoirí

ÁRAS STAIR NA HEORPA
Treoirleabhar an Taispeántais
6 Bealtaine 2017
160 leathanach

De réir mar a théann tú tríd an bpríomhthaispeántas, tabharfaidh tú faoi deara nach n-insímid duit an seanchas a bhaineann le gach náisiún san Eoraip. Ina ionad sin, táimid ag iarraidh fáil amach conas a mhúnlaigh an stair ‘cuimhne Eorpach’ agus mar a leanann sí de bheith ag dul i gcion ar ár saol inniu agus mar a dhéanfaidh sí amhlaidh amach anseo. Díreach mar a tharlaíonn inár saol féin, tá rudaí áirithe ar maith linn cuimhneamh orthu agus rudaí eile arbh fhearr linn dearmad a dhéanamh orthu. Agus ar ndóigh, is féidir linn ár gciall uathúil féin a bhaint as an eachtra chéanna.

  • 24 theanga
  • ISBN 978-92-823-7510-5
CUR SÍOS

Is iomaí na peirspictíochtaí maidir lena heachtraí stairiúla ar leith, gan amhras Is mar gheall ar an méid sin go bhfuil sciar éigin de cheisteanna coitianta ann mar bhunús don taispeántas Cén chaoi a gcruthaíonn an chuimhne dearcthaí éagsúla den am atá caite? Cén chaoi a bhfuil tionchar ag an stair ar ár saol sa lá atá inniu ann? Cad a insíonn an t-am atá caite dúinn agus muid ag amharc i dtreo na todhchaí? Ní bhfaighidh tú freagraí faoi leith sa taispeántas seo Molann muid, áfach, súil chriticiúil a choinneáil amach agus páirt a ghlacadh sa díospóireacht faoin Eoraip mar a bhí sí san am atá caite agus na torthaí a bhaineann léi don lá inniu agus don todhchaí.

Dáiltear leagan clóite saor in aisce ag bealach isteach an mhúsaeim.