Back to top

Bearta nua sábháilteachta do chuairteoirí ag Áras Stair na hEorpa

ÁIRITHINTÍ

An gcaithfidh mé áirithint a dhéanamh roimh ré?

Thig le daoine aonair teacht chuig Áras Stair na hEorpa gan áirithint a dhéanamh roimh ré.  Ní mór do ghrúpaí de dheichniúr nó níos mó a gcuairt a chur in áirithe roimh ré. Iarrtar ort teacht ar an sliotán ama atá ainmnithe leat ionas gur féidir gach beart sláinte agus sábháilteachta a urramú.

An bhfuil teorainn le líon na rannpháirtithe sa ghrúpa?  

Níl, ach tabhair faoi deara gur féidir leat áirithint a dhéanamh chuig  Áras Stair na hEorpa in aghaidh gach giota ama 30 nóiméad.

Conas is féidir liom cuairt chuig Áras Stair na hEorpa a chur in áirithe?

Is féidir le daoine aonair cuairt ar an músaem gan áirithint a dhéanamh. Ní mór do ghrúpaí a bhfuil breis is deichniúr iontu a gcuairt a chur in áirithe roimh ré.

Ba chóir do chuairt a chur in áirithe tríd an nasc seo.

Scaoiltear cuairteoirí isteach de réir sliotáin ama 30 nóiméad.

Cén uair is féidir cuairt a chur in áirithe?

Tá sliotáin ama ar fáil gach 30 nóiméad le linn uaireanta oscailte agus is féidir an áirithint dheireanach a dhéanamh ag 16:30.

Ar chóir dom m’áirithint a thaispeáint ag an mbealach isteach nuair a bheidh mé ar cuairt le grúpa a bhfuil níos mó ná 10 gcuairteoir ann?

Ní mór do cheannairí grúpaí ina bhfuil níos mó ná 10 gcuairteoir deimhniú na háirithinte a phriontáil amach agus é a thabhairt leo lá na cuairte, nó é a thaispeáint ar a ngléas mobíleach.

 

AN CHUAIRT

Cá fhad a mhairfidh an chuairt?

Maireann cuairt ar Áras Stair na hEorpa thart ar 90 nóiméad.

Cad iad na bearta sláintíochta a dhéantar ag an mbealach isteach?

Tá Áras Stair na hEorpa ag cloí go hiomlán leis na rialacha sláinte poiblí náisiúnta le linn na géarchéime sláintíochta seo.

An bhfuil turais threoraithe ar fáil?

Sea, tá cuairteanna treoraithe ar fáil arís i mBéarla, in Ollainnis, i nGearmáinis agus i bhFraincis do ghrúpa de 10 nduine nó níos mó. Thart. fad: 90 nóiméad. Ní mór áirithintí a dhéanamh 4 seachtaine roimh ré.

An bhfuil turais threoraithe, turais fhéintreoraithe nó ceardlanna ar fáil do scoileanna?

Sea, tá turais threoraithe agus ceardlanna ar fáil arís do scoileanna. Tá turais fhéintreoraithe ar fáil arís agus ní mór iad a chur in áirithe tríd an nasc seo má tá deichniúr nó níos mó sa ghrúpa.

An féidir le cuairteoirí páirt a ghlacadh sna Turais Lóin ar an Máirt go fóill?

Sea, tá Turais Lóin ar fáil arís. Bíonn na turais seo i mBéarla amháin ó 12h15 go 13h00 gach Máirt agus dírítear ar théama áirithe. Ní gá duit clárú don turas seo, ach taispeáin suas!

Cad iad na rialacha sláintíochta maidir le húsáid an táibléid?

Tá clostreoir mhalartach curtha ar fáil ag an músaem, clostreoir is féidir a úsáid ar do ghaireas príomháideach, mura mian leat leas a bhaint as an táibléad. Tá na naisc le fáil ar gach ceann de leathanaigh an Bhuantaispeántais ar ár suíomh gréasáin.

Gheobhaidh tú do tháibléad díghalraithe i limistéar na dtáibléad (an chéad urlár), mar is gnáth. I ndiaidh do chuairte, is féidir leat an táibléad a thabhairt ar ais ar an séú hurlár, áit a ndéanfaidh an fhoireann é a dhíghalrú láithreach. Déanfar an táibléad a dhíghalrú roimh do chuairt agus ina diaidh.

I gcás na clostreorach agus an táibléid araon, moltar duit do chluasáin féin a thabhairt leat.

 

LIMISTÉIR THAISPEÁNTAIS

An féidir úsáid a bhaint as an trealamh Closamhairc idirghníomhach atá sna limistéir thaispeántais?

Is féidir le cuairteoirí leas a bhaint as na scáileáin tadhaill idirghníomhacha. Déanfaidh foireann an mhúsaeim iad a dhíghalrú ar bhonn rialta.

An bhfuil na Spásanna Fionnachtana do Theaghlaigh ar oscailt do chuairteoirí?

Tá láithreachta uile na Spásanna Fionnachtana do Theaghlaigh sa mhúsaem ar fad ar oscailt arís.

An féidir éascú a dhéanamh fós sna Spásanna Fionnachtana do Theaghlaigh?

Is féidir. Tá éascathóirí ar fáil ar an gCéadaoin (ó 14.00 go 17.00) agus ag an deireadh seachtaine (ó 14.00 go 17.00) arís. 

 

ACMHAINNÍ FOGHLAMA AGUS TEAGHLAIGH

An bhfuil aon ábhar faisnéise clóite ar fáil?

Tá ábhar faisnéise clóite ar fáil sa mhúsaem. Is féidir leat go leor eolais a fháil ar ár suíomh gréasáin: https://historia-europa.ep.eu/ga/failte-chuig-aras-stair-na-heorpa.

An bhfuil na bileoga gníomhaíochtaí Aimsigh, Déan Anailís agus Pléigh nó Foghlaim faoi AE á ndáileadh ag Áras Stair na hEorpa?

Tá bileoga gníomhaíochtaí le haghaidh grúpaí scoile féintreoraithe á ndáileadh arís. Má bheireann cuairteoirí leo a mbileog clóite féin, beidh siad in ann leas a bhaint as agus iad sna limistéir thaispeántais.

An bhfuil Áras Stair na hEorpa ag dáileadh Pacáistí Scoile ar mhúinteoirí?

Tá Pacáistí Scoile ar fáil. Tá acmhainní foghlamtha Áras Stair na hEorpa á ndáileadh arís.

Conas is féidir teacht ar na hacmhainní foghlama?

Is féidir teacht ar na hacmhainní foghlama ar shuíomh gréasáin Áras Stair na hEorpa: Https://historia-europa.ep.eu/ga/failte-chuig-aras-stair-na-heorpa sa roinn ‘Faigh amach’. Sa roinn ‘Gníomhaíochtaí don Seomra Ranga’ beidh múinteoirí in ann teacht ar na cúig acmhainn théamacha seo: Coimhlint, Cearta an Duine, Imirce, Cumarsáid agus Céannacht. Tá siad ar fáil i 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

 

ÁISEANNA DO CHUAIRTEOIRÍ

An bhfuil cathaoireacha rothaí ar fáil?

Tá dhá chathaoir rotha ar fáil in Áras Stair na hEorpa.

An féidir liom mo chuid giuirléidí a chur i dtaisce?  

Is féidir le cuairteoirí an seomra cótaí a úsáid. Tá díghalrán láimhe ar fáil.  

 

CAFÉ EUROPA

An mbeidh Café Europa ar oscailt?

Tá Café Europa dúnta faoi láthair nó go bhfógrófar a mhalairt.

Tá dhá mheaisín díola breise curtha ar fáil ar leibhéal na talún roimh an mbealach amach as an músaem.

Tá fuaraitheoir uisce ina bhfuil uisce le súilíní agus uisce gan súilíní ar fáil saor in aisce díreach i ndiaidh dhoras amach an mhúsaem. Ar chúiseanna comhshaoil, iarrtar ort do bhuidéal uisce féin a iompar leat.  

 

Brussels Health Safety Label