Back to top

Behind the Poster: The “Mail Art” Movement

Ar Lá Pháirc Leopold, 10 Meán Fómhair 2022, d’eagraigh Áras Stair na hEorpa turais threoraithe ar an taispeántas sealadach ‘When Walls Talk!’ [Nuair a bhíonn caint ag na ballaí] faoi stiúir ealaíontóirí ón Úcráin, ón Rómáin agus ón tSlóivéin a bhí páirteach i gcruthú na saothar ealaíne. Léigh an scéal a bhaineann lena bpóstaer...

Le Iosif Király, amharcealaíontóir, ailtire agus oide, Búcairist na Rómáine

Dar lena lucht tacaíochta gurb é ‘Mail Art’ [an ealaín phoist] an cineál ealaíne is daonlathaí mar go bhfuil sé bunaithe, mar a mhaíonn cuid acu, ar an institiúid is daonlathaí: an tseirbhís poist. Tá prionsabal simplí ann gur féidir le duine ar bith a bhfuil rochtain aige ar an tseirbhís poist a bheith ina ealaíontóir poist. Ní mór cloí leis na rialacha dosháraithe seo a leanas i ngach gníomhaíocht a bhaineann leis an ealaín phoist: níl aon chinsireacht ann, déantar gach saothar a chuirtear isteach a chur ar taispeáint agus ní thugtar na saothair sin ar ais. Seoltar saothar gach rannpháirtí uair amháin nó faigheann siad liosta de na daoine ar fad atá páirteach sa tionscadal (ainmneacha agus seoltaí) as a bhféadfaidh siad daoine nua a roghnú chun comhoibriú leo nó chun aird a tharraingt ar thionscadail a d’fhéadfaí a dhéanamh i gcomhar le daoine eile amach anseo. Anuas air sin, ní ceadmhach saothair nó cartlanna na healaíne poist a úsáid ar bhonn tráchtála.

Cé go gcaithfidh léirmheastóirí, coimeádaithe, lucht gailearaithe, agus bailitheoirí deimhniú a thabhairt do phíosa ealaíne i saol na healaíne comhaimseartha sular féidir a rá gur píosa buan é, i saol na healaíne poist ní féidir ach le hoibrithe poist deimhniú a thabhairt don phíosa ealaíne. Dúshlán atá ann i stíl Marcel Duchamp, dúshlán a chuir an t-ealaíontóir de chuid na gluaiseachta ‘Fluxus’ Ray Johnson agus a New York Correspondence School roimh an domhan.

Thosaigh líonra na healaíne poist ag forbairt chomh fada siar leis na 1960í agus bhain sé a bhuaicphointe amach sna 1980í. Is thart ar an am sin freisin a thosaigh roinnt ealaíontóirí ón Rómáin, as mo ghlúin féin den chuid is mó, ar an nós sin. Bhí ‘meon’ na healaíne poist dírithe ar an gcumarsáid, ar smaointe ealaíonta a shaormhalartú, ar theorainneacha cultúrtha a thrasnú, ar an tsaoirse, agus ar ábhair shóisialta a raibh toirmeasc orthu a cheistiú. I mbeagán focal, gach a raibh eagla ar an réimeas Cumannach sa Rómáin (agus ar réimis ollsmachtacha i gcoitinne) roimhe.

Is ar an gcúis sin a rinneadh faireachas agus cinsireacht ar ghníomhaíocht na rannpháirtithe i líonra na healaíne poist. Bhí stop curtha léi beagnach faoi dheireadh na 1980í. Ní raibh mé riamh cinnte an bhfaigheadh daoine mo chuid teachtaireachtaí nó an bhfaighinn féin na teachtaireachtaí ar fad a seoladh chugam.

Níl mórán dea-chuimhní agam ar na 1980í ach feictear dom gur céim mhór chun cinn a bhí san ealaín phoist agus go bhfuil a tábhacht ag dul i méid. Cé go bhfuil na blianta ag imeacht, mothaím go bhfuil an nasc atá agam léi ag éirí níos láidre.

Teideal creidiúna na híomhá: Mail Art le Radu Igaszag (a saolaíodh i 1953), an Rómáin

Yellow envelope mail art by Radu Igaszag, Romania
Iosif Kiraly presenting mail art examples