Back to top

Cearta bunúsacha faoi dhianghlasáil

Is cearta bunúsacha iad, a chumhdaítear sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, an tsaoirse tionóil agus an tsaoirse gluaiseachta. Bhí roinnt fo-éifeachtaí ag na bearta éigeandála a glacadh i dtíortha Eorpacha chun scaipeadh an choróinvíris a shrianadh, ar fo-éifeachtaí iad lena n-áirítear teorannú ar na cearta bunúsacha sin. D’áitigh an lucht cáinte fiú go bhfuil roinnt stát i ndiaidh teacht i dtír ar an staid éigeandála chun reachtaíocht amhrasach nach mbaineann leis an gcomhrac i gcoinne COVID-19 a chur chun cinn. Tá sé léirithe ag Eorpaigh, áfach, go bhfuil siad toilteanach na cearta sin a chosaint, i gcásanna eisceachtúla ina nochtar leochaileachtaí na sochaithe daonlathacha. 

Le linn na seachtainí tosaigh den dianghlasáil ar fud na hEorpa, chruthaigh an t-ealaíontóir Gréigeach-Ostarach, Anna Vasof, lámh cheirmeacha i bhfoirm mhaisc, chun an plúchadh – idir fhíorphlúchadh agus phlúchadh meafarach – a chruthaigh an paindéim a chur i gcuimhne dúinn. ‘Ceann de na héifeachtaí is coitianta a bhaineann le tinneas COVID-19 is ea giorra anála agus deacrachtaí le hanáil a tharraingt, ach bhí go leor gnéithe eile den saol á bplúchadh mar thoradh ar an tinneas seo,’ a scríobhann Anna Vasof faoina saothar ealaíne. 

‘Is amhlaidh a cuireadh cosc ar roinnt mhaith de chearta bunreachtúla an duine i mórán tíortha Eorpacha le linn ghéarchéim an choróinvíris, agus bhí sé sin ina chúis le plúchadh sóisialta do na mílte saoránach. Le linn an choraintín, bhí ar go leor daoine, agus go háirithe ar mhná, fanacht ar feadh míonna in árasáin bheaga i gcúinsí pléascacha agus déileáil le mí-úsáid ó bhaill teaghlaigh, ar mí-úsáid fhisiceach a bhí i gcuid di ach ar mí-úsáid mheabhrach í an chuid is mó di, agus fanacht ina dtost chun teacht slán as an staid sin. I spás poiblí, rinneadh siombail de scaradh sóisialta de mhaisc mháinliachta, staid ar diostóipe í a léiríonn thar aon rud eile an eagla a bhíonn ar dhaoine agus iad ag teacht in aice le daoine eile.’

Scáthanna fearthainne dubha

Níl aon laghdú tagtha le linn na dianghlasála ar chúiseanna agóide. Rinneadh roinnt agóidí a chur siar, agus rinneadh roinnt eile acu a thionscnamh go díreach mar gheall ar na bearta éigeandála. Ach conas a dhéanann daoine agóid nuair a bhíonn toirmeasc ar chruinnithe móra agus nuair a bhíonn spásanna poiblí dúnta? Tagann an tsaoirse agóide as an tsaoirse comhthionóil agus as an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, agus, dá bhrí sin, is ceart bunúsach í freisin. 

I mí Aibreáin 2020 sa Pholainn, bhíothas ar tí dlí a vótáil isteach lena bhfágfaí go mbeadh ginmhilleadh agus gnéasoideachais mídhleathach. Níorbh fhéidir na scáthanna fearthainne dubha, a bhí tagtha chun bheith mar shiombail den chomhrac chun cearta na mban sa Pholainn a chosaint, a thabhairt chun agóide. Chuaigh Magda Górecka, i dteannta agóideoirí eile in Szczecin, isteach i scuaine in ollmhargadh, an t-aon spás poiblí amháin a bhí ar fáil d’iliomad daoine ag an am céanna. Rinne agóideoirí eile scáthanna fearthainne dubha agus póstaeir a chur ina mbalcóiní agus ina bhfuinneoga. Rinneadh an vótáil ar an dlí i gcoinne an ghinmhillte a chur siar ar deireadh.

Ní rogha randamach é a scáth fearthainne do mhná sa Pholainn, ach meabhrú stairiúil ar stair fhada an chomhraic ar son chearta na mban. In 1918, rinne sufraigéidí sa Pholainn a gcuid scáthanna fearthainne a bhuaileadh ar an gcosán os comhair áit chónaithe Józef Piłsudski, an Ceann Stáit, ag éileamh a gceart vótála.

Scéal dhá chathair. Teorainneacha paindéime

Tugadh buille throm don tsaoirse gluaiseachta le linn na dianghlasála. Teorainneacha a bhí ligthe i ndearmad, cuireadh ar bun arís iad agus fágadh a lán Eorpach scartha óna dteaghlaigh. D’fhreagair muintir na mbailte teorann le cruthaitheacht, le saothair ealaíne agus le hagóidí ciúine i gcoinne an teorannaithe sin ar an tsaoirse gluaiseachta. 

Rinne taighdeoir in Ollscoil Konstanz, Gruia Bădescu, doiciméadú ar réaltacht nua na cathrach a bhfuil an teorainn léi:

‘I lár mhí an Mhárta 2020, chonacthas sconsa miotail a dheighil an spás oscailte glas cois locha a bhí á chomhroinnt idir cathair Konstanz sa Ghearmáin agus cathair Kreuzlingen san Eilbhéis. Ba iad Póilíní Cónaidhme na Gearmáine a thóg é mar chuid de bheartas chun teorannacha a dhúnadh ar fud na tíre. Tháinig sé sin aniar aduaidh ar shaoránaigh réigiún uirbeach comhtháite Konstanz-Kreuzlingen. Rinneadh lánúineacha, teaghlaigh agus cairde a scaradh go tobann agus bhuail siad le chéile ag an sconsa teorann nua go bhféachfaidís a chéile. Níorbh annamh a chonacthas lánúineacha i ngreim láimhe ina chéile trasna an sconsa,’ a mhínigh Gruia Bădescu dúinn. 

“Go luath i mí Aibreáin, chinn comhairle cathrach Kreuzlingen an dara sconsa a thógáil chun cosc a chur ar dhaoine teagmháil a dhéanamh lena chéile ón dá thaobh. Bhí na rialacha scartha shóisialta á gcomhlíonadh leis an achar idir an dá sconsa.”

Gan moill rómhór, chonacthas agóidí ciúine i gcoinne dhúnadh na teorann. Iarradh ar na daoine uile a ndearnadh difear dóibh, nó a bhí ag iarraidh páirt a ghlacadh mar gheall ar dhlúthpháirtíocht, smaoineamh ar rud éigin arbh fhéidir leo a thabhairt go dtí an sconsa. grianghraf, litir, dlaoi gruaige, nó rud ar bith cruthaitheach eile. Ba é a bhí ar an gcuireadh ‘Ná tabhair ach rudaí dearfacha. Gan bhriogadh gan bhruscar.’

D’eagraigh teaghlaigh picnicí ar gach taobh den sconsa agus cuireadh póstaeir in airde air. Is é a dúirt daoine amháin ‘Ní trí theaghlaigh a scriosadh, ná tríd an náisiúnachas a réiteofar paindéim. Ba cheart don sconsa imeacht leis.’ Fógraíodh ar phóstaer eile go raibh ‘Lánúin nua-phósta ag caoineadh a bpósta, ar theip air i ndiaidh 25 lá de dheasca an sconsa seo’.” 

An 15 Bealtaine, rinneadh an sconsa a bhaint anuas ar deireadh. 

Mar atá léirithe leis na samplaí sin, tháinig Eorpaigh ar bhealaí cruthaitheacha chun dul i ngleic leis na teorainneacha a cuireadh lena gcearta bunúsacha le linn na dianghlasála, agus bealaí nua á gceapadh acu i gcónaí chun go gcloisfí a nguthanna.  

Chomh maith leis sin, is féidir leat léamh anseo faoin gcaoi a bhfreagair Eorpaigh eile do theorainneacha a cuireadh ar bun arís.

 

Image credit: Hand mask by Anna Vasof, 2020

GALLERY