Back to top

Ceiliúrann an euro (€) 20 bliain d’aois!

Ní fada go mbainfidh an t-airgeadra coiteann Eorpach, an euro, 20 bliain d’aois amach agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar an gcomóradh seo beidh rogha de 15 réad ag Áras Stair na hEorpa, ar réada iad a bhronn an Banc Ceannais Eorpach i mbliana.

Téann an bailiúchán réad siar chuig an tréimhse 2001-2002, ina n-áirítear nóta bainc EUR 20 arna shíniú ag Wim Duisenberg an chéad Uachtarán ar an mBanc Ceannais Eorpach, agus cuirtear ar taispeáint iad ar chéad urlár an mhúsaeim.

Tharla an t-athrú go dtí airgead tirim is mó sa stair, nuair a tugadh nótaí bainc agus boinn euro isteach i saol laethúil do na milliúin saoránach in 12 Bhallstát an Aontais Eorpaigh, an 1 Eanáir 2002. Níor tharla an t-imeacht ollmhór seo i gcaitheamh na hoíche. Seoladh Córas Airgeadra na hEorpa in 1979 agus tugadh tréimhse ullmhúcháin trí chéim isteach thart ar deich mbliana ina dhiaidh sin. Tar éis deich mbliana d’ullmhúcháin, seoladh an euro an 1 Eanáir 1999, agus níor úsáideadh sna chéad trí bliana é ach chun críocha cuntasaíochta agus íocaíochtaí leictreonacha – airgeadra “dofheicthe” a bhí ann.

Roghnaigh an Chomhairle Eorpach ainm an airgeadra leathshlí tríd an tréimhse ullmhúcháin, in 1995, le linn cruinniú i Maidrid. Tá an tsiombail € bunaithe ar an litir Gréigise eipsealón (Є), an chéad litir san fhocal “Eoraip,” agus léiríonn an dá líne chomhthreomhara cobhsaíocht.

Is é an euro sa lá atá inniu ann an t-airgeadra atá ag 19 mBallstát AE agus ag os cionn 340 milliún Eorpach. Tá na dearaí céanna ag na nótaí ar fud thíortha uile an limistéir euro. Tá dearadh coiteann ar thaobh amháin ag boinn, agus dearadh a bhaineann go sonrach le tír faoi leith ar an taobh eile.

Féach ar an sárthaispeántas le do dhá shúil féin é, le linn cuairt saor in aisce ar Áras Stair na hEorpa – tá sé suite i Seomra na bhFinscéalta san iarsmalann.

Selection of euro notes and coins
full euro showcase