Féiniúlachtaí laistigh den chathair
Ag Fiabhras Oíche an Mhúsaeim, 2022, d’óstáil Teach Stair na hEorpa an tionscadal CITIZENS* dar teideal Skin Mutts – sraith fóta-agallamh inar labhair saoránaigh de chuid na Bruiséile faoina bhféiniúlacht chultúir i dtaca leis an gcathair...
Le Lisa Mei Eeraerts, Comhbhunaitheoir Skin Mutts
Cén tionchar atá ag an áit a bhfuil tú i do chónaí ar d’fhéiniúlacht? Cé na bealaí a gcuireann sé teorainn le d’fhéiniúlacht? Cá luíonn an Bhruiséil, lárionad na hEorpa, sa choincheap srathach díotsa féin mar dhuine?
I bhfianaise shuíomh uathúil na Bruiséile ó thaobh na tíreolaíochta agus na polaitíochta de, tá a lán daoine ann a bhfuil cúlra measctha cultúir acu ar bhealach amháin nó eile. B’fhéidir gur tháinig do sheantuismitheoirí anseo ar imirce díreach tar éis dóibh pósadh, nó b’fhéidir gur tháinig tú chun na hollscoile anseo agus gur fhan tú abhus faoi dheireadh – cibé scéal atá agat tá tú ceangailte anois leis an mBruiséil. Ach an é an áit seo an baile agat? An raibh an Bhruiséil in ann na bearnaí a líonadh go nádúrtha nó an raibh ort am agus dua a chaitheamh le do chiorcal sóisialta a thógáil?
Seo cuid de na ceisteanna agus na smaointe a theastaigh uainn a chíoradh sa Bhruiséil, mar gur cathair fíor-ilchultúrtha í. Tá an oiread sin againn anseo agus scéalta éagsúla le hinsint againn, ach tá atmaisféar uathúil dá cuid féin ag an gcathair agus airíonn an chuid is mó againn dáimh leis an áit. Seo mar a tháinig tionscadal CITIZENS* ar an saol. Is sraith é CITIZENS* ina gcuirtear fóta-agallamh ar 21 duine fásta óg éagsúil a deir, in ainneoin cúlraí éagsúla cultúir a bheith acu, gurb í an Bhruiséil an baile atá acu nó go bhfuil an chathair sin ar cheann de na bailte atá acu. Trí bhíthin agallaimh a mhair 20-45 nóiméad, d’inis na rannpháirtithe dúinn faoi na bealaí éagsúla ar chuir an chathair spás ar fáil dóibh chun eolas a chur orthu féin. Mairfidh na scéalta seo go buan anois agus a gcuid portráidí glactha i suíomh a roghnaigh siad sa Bhruiséil agus sleachta ar leith glactha ó na hagallaimh a thug siad.
De thoradh na scéalta seo a chomhroinnt le pobal níos leithne, tá deis ar leith againn daoine a cheangal lena chéile. Le linn an taispeántais d’inis daoine dúinn conas a bhraith siad ceangal le gach scéal ar bhealach éigin, in ainneoin gur bunscéal ar leith gach scéal acu. Dúirt daoine eile nár cheap siad go bhfeicfidís go brách scéal mar a scéal féin ar na ballaí agus é le feiceáil ag cách. Agus na scéalta seo á gcur chun tosaigh go rathúil agus iad á gcomhroinnt i dTeach Stair na hEorpa, tugtar léiriú ar an gcaoi a bhfuil an Eoraip ag athrú agus dóchas go n-éireoidh leis an gceangal idir daoine amach anseo.
Agus an Eoraip á domhandú tuilleadh fós, beidh tuilleadh agus tuilleadh scéalta mar iad seo i réim feasta. Teastaíonn uainn a bheith ansin agus a thaispeáint dóibh go dtuigimid nach furasta dlúthghaol a chruthú le háit, ach tá slua iomlán anseo atá ag teacht ar bhealaí chun a bpobail féin a thógáil. Os a choinne sin, tá an slógadh seo tar éis níos mó míchumarsáidí agus míthuiscintí, i measc feiniméin eile, a spreagadh. Toisc gur léir dúinn go bhfuil impleachtaí nithiúla ann sa saol sóisialta, teastaíonn uainn spléachadh a thabhairt ar shaol na ndaoine. Teastaíonn uainn an cruatan atá orthu a thaispeáint agus aird a tharraingt ar na nithe a chuireann áthas orthu, á chur i gcuimhne do chách gurb amhlaidh, cé nach bhfuil siad cosúil leatsa, b’fhéidir, atá siad ag déanamh a ndíchill mar atá tusa. Is ardán é Skin Mutts ina labhraítear faoin bhféiniúlacht chultúrtha agus é mar aidhm aige spás a chruthú dóibh siúd a bhfuil cúlraí ilchultúrtha acu chun breis eolais a chur orthu féin. Déan nasc linn! Tiocfaidh tú orainn ar gach ardán meán sóisialta agus bímid toilteanach i gcónaí tabhairt faoi chomhshaothair. Tiocfaidh tú ar fhaisnéis bhreise ar ár suíomh gréasáin, skinmutts.com.