I gcuimhne ar : An tOllamh Włodzimierz Borodziej (1956-2021)
Cailleadh duine de bhunaitheoirí Áras Stair na hEorpa. Staraí iomráiteach ab ea é an tOllamh Włodzimierz Borodziej, a fuair bás an 12 Iúil, arbh é stair na Polainne agus Lár agus Oirthear na hEorpa le déanaí a réimse saineolais.
Tugadh an tOllamh Borodziej, arbh ollamh le stair in Ollscoil Vársá é le fada an lá, isteach i dtionscadal Áras Stair na hEorpa chun bheith ar an gCoiste Saineolaithe agus é de chúram ar an gCoiste sin scóip inste an mhúsaeim a chur le chéile, rud ar tugadh ‘Bunús Coincheapúil d'Áras Stair na hEorpa’ air. Ó 2009 go 2019, ba Chathaoirleach an Choiste Acadúil Áras Stair na hEorpa é, ar coiste é atá ar cheann de dhá chomhlacht rialaithe an mhúsaeim, agus rinne sé maoirseacht ar fhorbairt, oscailt agus blianta tosaigh an mhúsaeim. Bhí baint ag eolas ar leith agus íogaireachtaí an Ollaimh Borodziej leis an mbealach a chuir Áras Stair na hEorpa cora crua an 20ú haois in iúl, go háirithe i dtaca le hOirthear na hEorpa tar éis an Dara Cogadh Domhanda.
Cheap na daoine a raibh páirt acu i dtionscadal Áras Stair na hEorpa i gcaitheamh na mblianta gur chomhghleacaí cineálta é agus bhí meas acu air. Bhí misneach iontach léirithe aige i gcúrsaí polaitíochta le tamall anuas agus aghaidh á tabhairt aige ar an gcorraíl agus na dúshláin ina thír dhúchais. B’fhear ionraic é agus bhí ról lárnach ag luachanna Eorpacha ina shaol - aireoidh foireann Áras Stair na hEorpa uathu go mór é ach ní dhéanfar dearmad air.
Thar cheann an Bhoird Iontaobhaithe, an Choiste Acadúil agus fhoireann Áras Stair na hEorpa, déanaimid comhbhrón ó chroí le muintir an Ollaimh Borodziej.