Back to top

Ó Bhaghdad go dtí an Bhruiséil: turas fada chun na hoibre ag Áras Stair na hEorpa

Cuireann foireann taispeántais fíor-eisceachtúil ó iliomad tíortha fáilte roimh chuairteoirí go hÁras Stair na hEorpa. Ar an iomlán tá 34 náisiúntacht ag an bhfoireann, a labhraíonn 27 teanga éagsúla (ina measc, tá ball amháin a labhraíonn seacht dteanga – éacht nach beag)! Léigh faoi thuras saoil an bhaill is nuaí den fhoireann, Abbas...

Rugadh agus tógadh mé in Baghdad na hIaráice, áit a ndearna mé staidéar ar an mBéarla agus na healaíona sa choláiste. In 2011 fuair mé post mar aistritheoir d’Fhórsaí Míleata na Stát Aontaithe. I mí Iúil na bliana sin, d’aistrigh mé chuig Ankara na Tuirce, áit ar oibrigh mé ar aistriúcháin agus ar iarratais víosaí i ngnólacht. Thar thréimhse cúig bliana, rinne mé iarratas ar thearmann sa Tuirc, ach cuireadh moill air arís agus arís eile. Ar deireadh bhog mé chun na Beilge in 2016, áit ar bhain mé stádas buanchónaithe amach agus ar thosaigh mé ag lorg oibre.

Le bheith macánta, bhí aon sórt poist á lorg agam ina raibh an Béarla ina phríomhtheanga oibre. Thosaigh mé ar chúrsa Fraincise leis an Centre Public d’Action Sociale (CPAS) agus bhí turas grúpa chuig an Parlamentarium mar chuid den chúrsa. Chuala mé Béarla á labhairt ag cuairteoirí eachtracha agus mheas mé go mb’fhéidir go bhféadfainn dul ag obair ansin. Luaigh mé leis an múinteoir Élodie é, a d’fhiosraigh ag an bhfáiltiú dom agus a chabhraigh liom seoladh r-phoist a fháil don ghníomhaireacht foirne urláir.

Chuir mé isteach ar phost láithreach, agus sheol mé m’iarratas, CV agus 15 litir mholta ó Arm na Stát Aontaithe. Bhí cúpla agallamh le déanamh agam, agus oibrím anois mar bhall foirne ag Áras Stair na hEorpa.

Mholfainn go mór cuairt a thabhairt ar an músaem, go háirithe dóibh siúd nach as an Eoraip dóibh, mar go bhfoghlaimeoidh siad go leor rudaí nár fhoghlaim siad riamh ar scoil. Chuaigh na híomhánna ar an tríú hurlár sa chuid “An Eoraip ina fothrach” go mór i bhfeidhm orm, mar shampla. Ar thaobh amháin, bás, ár agus ocras ar dhaoine, fad a fheictear deachtóirí ar nós Stalin agus Hitler ag gníomhú gan cás gan náire ar an taobh eile.

Mar sin, tá an-áthas orm a bheith tosaithe amach ar ghairm fhadtéarmach – tá súil agam – in earnáil mhúsaeim na Bruiséile. Is é mo ghuí amháin go dtiocfadh mo theaghlach go luath — tá beirt iníonacha agam, Retaj agus Layla — agus níl siad feicthe agam ó Shamhain 2016.