Back to top

Taobh thiar den Phóstaer: “Lá na hÓige”

Ar Lá Pháirc Leopold, an 10 Meán Fómhair 2022, d’eagraigh Áras Stair na hEorpa turais threoraithe ar an taispeántas sealadach ‘When Walls Talk!’, faoi stiúir ealaíontóirí ón Úcráin, ón Rómáin agus ón tSlóivéin, a raibh baint acu le cruthú na saothar ealaíne. Léigh an scéal taobh thiar dá bpóstaer...

Le Eda Čufer

Mar sin, cad é an scéal atá taobh thiar den póstaer seo, atá gránna go leor, a chruthaigh an grúpa dearthóirí a dtugtaí Novi Kolektivizem orthu in 1987?

Níor shroich an póstaer seo an ceann scríbe a bhí beartaithe dó – na ballaí ar shráideanna iar-chónaidhm shóisialach na Iúgslaive. Ceapadh é chun saoire stáit bhliantúil ar a dtugtaí Dan Mladosti, ‘Lá na hÓige’, a chur chun cinn agus a chomóradh; ba cheiliúradh ar lá breithe cheannaire na hIúgslaive, Josip Broz Tito, a bhí sa lá sin. I bhfoirm togra, d’fhaomh na coimisiúin chónaidhme é agus roghnaíodh é mar an togra ab fhearr agus rinneadh é a fhormheas lena chur i gcrích.

Mar sin féin, tar éis do na meáin chumarsáide san Iúgslaiv teacht ar an eolas faoi thorthaí an roghnúcháin, phléasc scannal thar oíche, tar éis do shibhialtach, a gcuimhnítear air faoin ainm Grujic, innealtóir, a nochtadh in alt nuachtáin gurbh ionann an póstaer a roghnaigh agus a dhearbhaigh na húdaráis chónaidhme go hoifigiúil agus aithris lom ar phéintéireacht bholscaireachta de chuid na Naitsíoch darb teideal An Tríú Reich, a phéinteáil Richard Klein in 1937. Is léir gurb é an chuid a ndéantar aithris uirthi an fear gránna nocht, agus gur cuireadh siombailí den Iúgslaiv shóisialach in ionad na siombailí Naitsíocha, a bhí sa bhunphéintéireacht: colúr (siombail den tsíocháin) in ionad iolar na Gearmáine, bratach na hIúgslaive agus réalta uirthi in ionad bhratach na Naitsíoch, agus suaitheantas Lá na hÓige in ionad suaitheantas Naitsíoch. Bhí suaitheadh mór poiblí agus polaitiúil ann de bharr an mhéid a nocht Grujic – cuireadh deireadh leis an tsaoire stáit bhunreachtúil álainn seo, agus ba ghearr ina dhiaidh sin gur tháinig deireadh le stát sóisialach na hIúgslaive, a thit as a chéile go hoifigiúil in 1991.

Ionas gur féidir brí agus tábhacht an mhéid a thit amach 35 bliain ó shin a thuiscint, ní mór féachaint ar na himeachtaí seo i gcomhthéacs na staire. Is é an sainmhíniú a bhí ag Eric Hobsbawm ar an 20ú céad gur céad gearr a bhí ann a bhí fáiscthe idir 1917 agus 1989, agus stádas mar fhórsa mór a mhúnlaigh an céad tugtha dá réir don fhíorshóisialachas agus don chumannachas. É sin i gcodarsnacht le “19ú céad fada” – agus é sínte amach ar feadh na tréimhse ó 1789 go 1914 – múnlaithe ag an réabhlóid thionsclaíoch, ag an gcaipitleachas agus ag an impiriúlachas.

Ba thoradh ar na hathruithe móra stairiúla sin an Iúgslaiv – tír nua a cuireadh ar léarscáil na hEorpa in 1918. D’aithin mé ceithre ghníomhaí mhóra i scéal an phóstaeir seo. Is iad sin: Sóisialachas agus Cumannachas, Faisisteachas agus Naitsíochas, Josip Broz Tito, agus an comharghrúpa ealaíne ar a dtugtaí NSK.

Glacaim leis go bhfuil roinnt eolais ag na léitheoirí cheana féin ar na hidé-eolaíochtaí thuasluaite. Anois, cérbh é Josip Broz Tito? Tháinig sé chun tosaigh agus é ina cheannaire agus ina cheannasaí ar chogadh déach a troideadh ar chríocha na hiarIúgslaive: i gcoinne fhorghabháil Fhaisisteach agus Naitsíoch na tíre idir 1940 agus 1945, agus an Cogadh Cathartha i gcoinne réimeas ríoga, caipitlíoch na chéad Iúgslaive, mar a thugtar uirthi. Tar éis do na sóisialaithe an bua a fháil agus teacht i réim, bhí sé ina Uachtarán ar an dara hIúgslaiv, mar a thugtar uirthi, go dtí go bhfuair sé bás in 1980.

Le linn a Uachtaránachta, dhiúltaigh sé, chomh luath le 1948, umhlaíocht na hIúgslaive a ghéilleadh do Stailín agus don Aontas Sóivéadach, agus dá thoradh sin cuireadh an tír ar an gcosán an-speisialta idir an tOirthear agus an tIarthar trí bhíthin na gluaiseachta polaitiúla neamhailínithe ar chuir sé tús léi. Toradh eile a bhí ar bhriseadh Tito le Stalin ba ea gur tréigeadh an réalachas sóisialta mar stíl oifigiúil, agus gur glacadh leis an nua-aoiseachas mar stíl chultúrtha oifigiúil an tsóisialachais agus an chumannachais shainiúil a bhí i réim san Iúgslaiv.

Anois, tabharfaidh mé spléachadh ar an ngníomhaí deiridh, an comharghrúpa ealaíne NSK. Tá Novi Kolektivizem, an dream a cheap an póstaer seo, ar cheann de na grúpaí a bhí páirteach i gcomharghrúpa ealaíne níos mó darbh ainm NSK (Neue Slowenische Kunst), a bunaíodh in 1984 i Liúibleána, an tSlóivéin, agus a raibh trí ghrúpa rannpháirteach ann: an grúpa ceolealaíne, Laibach, a bunaíodh in 1980; an grúpa amharc-ealaíne, Irwin; agus an grúpa amharclainne, Scipio Nasice Sisters, a bunaíodh in 1983.

Mar ghníomh chun na trí ghrúpa aonair a chomhdhlúthú ina gcomharghrúpa níos mó, bhunaigh na baill an ceathrú grúpa, an rannóg dearaidh Novi Kolektivizem. In 1984 bhí mé ar dhuine de bhunaitheoirí an ghrúpa amharclainne agus dá bhrí sin bhí mé ar dhuine de bhunaitheoirí NSK freisin. M’fhearacht féin, rugadh formhór bhaill NSK in 1961. Bhaineamar le glúin nach raibh taithí dhíreach acu ar an Dara Cogadh Domhanda, ar fhorghabháil na bhFaisisteach agus na Naitsíoch ná ar streachailt na bpáirtiseánach cumannach. An léargas a bhí againn ar an am atá thart, seoladh chugainn é tríd an ollscéal faoi streachailt éachtach na gcumannaithe, trí shíolteagasc agus trí bholscaireacht. Tógadh sinn faoin mbratach ‘Ceannródaí’. Óige Tito ba ea sinn, agus bhí sé i ndán dúinn todhchaí gheal a thógáil don tír, a bhainfí amach trí streachailt mhór stairiúil agus a lán lán íobairtí. In 1980, nuair a bhí an tír 42 bliain d’aois agus muid féin thart ar 20 bliain d’aois, tháinig an chuid is mó againn go dtí an chathair ó na cúigí, chun staidéar a dhéanamh san ollscoil.

Is í an cheist atá fós le freagairt i ndeireadh na dála: conas gur bhuaigh Novi Kolektivizem an comórtas le haghaidh dhearadh iomlán ócáid Lá na hÓige in 1987? Is gránna an póstaer é seo, agus lena chois sin bhí sé aisteach agus as cor le saol a aimsire féin. Cuirimis i gcuimhne dúinn féin gur rialacha nua-aoiseacha, a d’athraigh go rialacha iar-nua-aoiseacha, a bhí i rialacha comhghnásacha na gcód dearaidh agus amhairc-théacsúla i bhí i réim san Iúgslaiv na 1980idí, agus gurbh é NSK réamhtheachtaire an aistrithe sin go dtí an iar-nua-aoiseachas. Faoi 1987, bhí cleachtas NSK dlisteanaithe go criticiúil agus go teoiriciúil cheana féin; ba trí bhíthin scríbhinní an ghrúpa teoiricithe ‘Ljubljana Lacanian’ mar a thugtaí air, a mhol léirmhíniú síc-anailíseach ar fheiniméan NSK, ab éifeachtaí a rinneadh é sin. De thoradh cóid amhairc éagsúla a bhí ag teacht salach ar a chéile a fhorleagan go comhsheasmhach ar a chéile, d’éirigh le NSK lánas díomhaoin an neamh-chomhfheasa chomhchoitinn a dhúiseacht, agus dá chionn sin tugadh tacaíocht agus cuireadh dlús le fórsaí claochlaitheacha de chuid na sochaí i gcoitinne – fórsaí a bhí neamhspleách ar a chéile go dtí sin.

Nuair a chuaigh Eagraíocht Óige na Slóivéine (eagraíocht shóisialach éigeantach a bhí i ngach Poblacht Iúgslavach agus gorlann inar cothaíodh Cumannaithe óga) i mbun an chéad Lá Óige feidearálach eile a eagrú, bhí a fhios ag lucht ceannais chumannaithe óga na Slóivéine cad a bhí ar siúl acu nuair a thug siad cuireadh do NK agus do NSK an ócáid a dhearadh. Agus é ar cheann de na hEagraíochtaí Óige a d’oibrigh go dlúth le Komunistična partija na Slóivéine, sa tír is mó inar éilíodh athchóirithe polaitiúla, sóisialta agus cultúrtha ar an leibhéal feidearálach, cothaíodh an Eagraíocht Óige le radacachas avant-garde agus díolúine ealaíne NSK, agus le cumas an ghrúpa sin na tuiscintí a raibh glacadh comhchoiteann leo a chur trína chéile. Bhí siad ag díriú ar na seanchumannaithe a raibh an chumhacht acu fós, agus a raibh amhras orthu i dtaobh aon iarracht athchóirithe inmheánacha a chur i bhfeidhm sa tír. Choinnigh siad greim ar na miotais a bhí acu den laochas sa tseanaimsir agus go híorónta, iad siúd a shuigh sa choimisiún a cheadaigh an póstaer, thaitin aeistéitic an phóstaeir leo – chuir sé ‘na laethanta breátha a bhí’ i gcuimhne dóibh.

Creidiúint as ucht an phóstaeir: Dan mladosti, le Novi Kolektivizem (NK) 1987

Dan mladosti black and white poster
Group listening to artist's presentation in museum