IDIRGHNÍOMHAÍOCHTAÍ
Tráchtáil, Comhrac agus Cócaireacht leis na Céadta Bliain
Cad a thug daoine le chéile leis na céadta bliain san Eoraip?
Cén sórt lorg de na hidirghníomhaíochtaí sin atá le feiceáil inár saoil sa lá atá inniu ann?
Taispeánann "IDIRGHNÍOMHAÍOCHTAÍ" scéalta faoi dhaoine ag bogadh timpeall agus ag bualadh le chéile, faoi ghluaiseacht smaointe agus earraí, faoi theagmháil agus malartú, cosúil le dearcadh ilathraitheach ar Stair Chultúrtha na hEorpa.
Is áit teagmhála é "IDIRGHNÍOMHAÍOCHTAÍ": Tugann sé cuireadh duit idirghníomhú ar bhealaí éagsúla, mar a chéile leis na hEorpaigh san am atá thart, agus iad ag trádáil, ag troid agus ag idirbheartú. Tar agus glac páirt sa taispeántas, imir cluichí leis na cuairteoirí eile.
Tugann "IDIRGHNÍOMHAÍOCHTAÍ" cuireadh duit teacht ar rudaí nua trí do chéadfaí go léir a úsáid: feicfidh tú nithe áille, seinnfidh tú ceirníní ceoil, éistfidh tú le scéalta faoi dhaoine ag bualadh le chéile, bolóidh tú cumhráin, cuirfidh tú lámh ar éadaí agus foghlaimeoidh tú faoin stair atá ag baint le pizza agus croissant!
RIANÚ AR M’EORAIP
Cad é an nasc idir tú féin agus áiteanna timpeall na hEorpa? Tá réamh-spás na dtaispeántas dírithe ar thurgnamh chun léarscáiliú digiteach comhoibríoch a dhéanamh. Táthar ag súil leis, trí rannpháirtíocht na gcuairteoirí, idir chuairteoirí ar líne agus ar an láthair, as gach áit go gcruthófar mapáil chartagrafach ar leith a taispeánann naisc idir daoine agus a roghanna.
Click on the link below to contribute to this live mapping! Answer a few questions to map your connections to places in Europe and beyond. Then explore the links being created in realtime on this unique map by visitors in the exhibition and online.
An Chistin, an Seomra Suite agus an Seomra Leapa - Malartú
Cé go bhféachann na rudaí atá le fáil sa chuid seo den taispeántas cosúil le rudaí coitianta nó gnáthrudaí, insíonn gach ceann acu scéal faoi theagmháil daoine trasna teorainneacha - go minic scéal nach mbeifí ag súil leis. A lán gnáthrudaí atá inár saol inniu, tháinig siad chugainn trí phróiseas uathúil an tionchair thraschultúrtha san Eoraip agus tríd an gceangal a bhí ag an Eoraip leis an gcuid eile den domhan. Nach ndéanann sé seo ár dtimpeallacht laethúil i bhfad níos suimiúla?
Cintíonn an sruth daoine, earraí, cleachtais agus smaointe atá lárnach i stair na ndaoine go dtarlaíonn athruithe i ngach cultúr. Uaireanta léiríonn focail eachtrannacha inár dteangacha féin é sin dúinn, ach uaireanta eile bíonn sé níos mó i bhfolach. Féach ar an seomra seo mar chuireadh chun foghlaim faoin nádúr ilchultúrtha a bhaineann leis na mílte rud atá timpeall orainn.
BLASANNA
B'fhéidir gurb é an téama is fearr chun an teagmháil thábhachtach atá ann idir réigiúin, náisiúin agus ilchríocha éagsúla a léiriú ná stair na cócaireachta, na dí agus an bhia san Eoraip. Tháinig a lán de na comhábhair, oidis agus gréithe atá in bhur gcistin inniu trasna teorainneacha le cócairí, mairnéalaigh agus turasóirí eile; d'athraigh siad sin in imeacht aimsire agus bhí tionchar acu ar a chéile.
SMAOINTE
Scríobh, léamh, líníocht, imirt nó rince: dearcthaí agus gníomhaíochtaí iad go léir a léiríonn a lán smaointe i bhfoirm teachtaireachtaí, modhanna, mionsamhlacha agus móitífeanna atá á malartú agus á n-athrú go leanúnach. Is ann do roinnt aireagán mar thoradh ar an mbealach ina bhfoghlaimíonn daoine as áiteanna éagsúla óna chéile agus an tionchar a bhí acu ar a chéile tríd an stair.
AISLINGÍ
Tá an seomra leapa dírithe ar scéalta agus finscéalta a léiríonn teagmhálacha buntáisteacha trí spás agus am. Bhí ról tábhachtach ag póstaí idir rítheaghlaigh agus ag concais mhíleata i dtabhairt isteach agus scaipeadh cumhrán, éadaí, teicnící, stíleanna agus nósanna san Eoraip.