Back to top
© Christiane (Viroflay - An Fhrainc)

Triomadóir éadaí

Ó rud é go bhfuil mo bhean chéile (an bhean ag a raibh an tralaí siopadóireachta) ag cianobair inár seomra ar a dugtar an oifig, táimse sáinnithe inár seomra suite, inár bproinnseomra... Ach, san am a chuaigh thart, bhí ár n-oifig: ina seomra pianó, ina seomra amhránaíochta, ina seomra ríomhaireachta, ina seomra péinteála agus gach 2 go 3 lá, ina seomra triomúcháin.

Táim féin agus ‘Plume’ inár gcónaí anois inár bproinnseomra / inár seomra triomúcháin.  Is sólás dom é nach gá, tráth seo an ghaibhnithe, smúdáil a dhéanamh (...) mar sin de, nílimid inár gcónaí i seomra smúdála freisin!