Back to top
San fhíseán seo déanann Gruia Bădescu, taighdeoir ó Ollscoil Konstanz, taifead ar shaol agus ar staid nua cathair a bhfuil teorainn nua léi.

‘I lár mhí an Mhárta 2020, tháinig sconsa miotail ar an bhfód ag deighilt na faiche oscailte cois locha a bhíodh á chomhroinnt ag cathair Konstanz sa Ghearmáin agus Kreuzlingen san Eilbhéis. Níorbh fhada gur thosaigh agóid thostach i gcoinne dhúnadh na teorann. Thug an lucht eagraithe cuireadh d’éinne a ndearnadh difear dóibh nó a bhí ag iarraidh a bheith páirteach ar son na dlúthpháirtíochta, machnamh a dhéanamh ar rud éigin arbh fhéidir leo a thabhairt go dtí an sconsa: grianghraf, litir, glas, nó rud éigin cruthaitheach eile. Séard a bhí sa chuireadh ná ‘Beir leat rudaí dearfacha amháin. Ná bac dúshláin a thabhairt ná dramhaíl’.