Back to top
Scáth báistí a úsáideadh chun agóid a dhéanamh i gcoinne na vótála ar dhlí in aghaidh an ghinmhillte, Szczecin, an Pholainn, Aibreáin 2020

In Aibreán 2020, sa Pholainn, bhíothas ar tí dlí a vótáil isteach lena bhfágfaí an ginmhilleadh agus an gnéasoideachas mídhleathach. Níorbh fhéidir na scáthanna báistí dubha a bhí ina siombail den chomhrac chun cearta na mban a chosaint sa Pholainn a thabhairt chun agóide. Ina ionad sin, ghlac lucht agóide a n-áit i scuaine ollmhargaidh - an t-aon spás poiblí a bhí ar fáil do dhrong daoine ag aon am amháin - agus na scáthanna báistí ar iompar acu. Ghléas léirsitheoirí eile a gcuid balcóiní agus fuinneog le scáthanna báistí dubha agus póstaeir. Ar deireadh, cuireadh siar an vótáil ar an dlí in aghaidh an ghinmhillte.

Bronnta ar Áras Stair na hEorpa, an Bhruiséil.