
An dán ´Coronavirus´ le Davide, aois 10, an Iodáil, Márta 2020 © Davide Argiolas, an Iodáil
A choróinvíris, a choróinvíris, muid ag díghalrú linn,
thosaigh sé amach i bhfad uainn ins an tSín.
A choróinvíris, a choróinvíris, an domhan go léir ag guí,
faoi ghlas ins an tigh is ní féidir dhul ag spraoi.
A choróinvíris, a choróinvíris, dochtúirí ag obair go leor,
nach orainn atá an t-ádh,
b’fhearr linn iad ná ór!
A choróinvíris, a choróinvíris, níonn gach duine a lámha,
le bheith in ann croí isteach a thabhairt amach amárach.
Is ann don choróin ar bharr an víris toisc gur coróin an chiall atá le ´corona´ in Iodáilis.