Back to top
Maisc a rinneadh sa bhaile is a scaipeadh ar dhaoine i ngátar sa tSeicia, Márta 2020 © Martina Lepší, Vojtanov, an tSeicia

Bhí ganntanas mór ar mhaisc mhíochaine i ngach áit, in ainneoin an ghéarghá a bhí leo ag gairmithe a bhí ag obair le hothair COVID19 in ospidéil. I gcuid mhaith tíortha Eorpacha tharla uaidh féin, de mheon na dlúthpháirtíochta, gur thosaigh daoine as a stuaim féin ag cruthú masc as éadach sa bhaile dóibh féin agus le roinnt ar dhaoine eile chomh maith, cé nach raibh an fhianaise eolaíoch ar aon fhocal maidir lena bhfiúntas. Múineann gá seift agus d’fhorbair na tionscnóirí baile seo scagairí speisialta chun cur le hinúsáideacht na masc sin.

Le bronnadh ar Áras Stair na hEorpa, an Bhruiséil.