Back to top

TEAGHLAIGH

Nuair a thugann tú cuairt ar Áras Stair na hEorpa tá neart spraoi agus tascanna idirghníomhacha ann ar féidir le teaghlaigh páirt a ghlacadh iontu. Ar a theacht chuig an deasc tosaigh duit, beir leat an mála teaghlaigh agus téadh tú féin agus an teaghlach libh ag breathnú thart sna gailearaithe agus sna bailiúcháin.

AN CHONAIR TEAGHLAIGH: ‘TAISCÉALAÍ ÓN AM A CAITHEADH’

Bíodh an chuairt teaghlaigh agat ina eachtra. Faigh ar iasacht an mála droma atá lán le trealamh taiscéalaí, ábhar líníochta agus gníomhaíochtaí spraíúla; beir leat é agus bain taitneamh as do bhealach a dhéanamh trí na gailearaithe le do chuid leanaí. Is i gceithre theanga atá an t-ábhar sna málaí droma, i.e. Béarla, Fraincis, Ollainnis agus Gearmáinis, agus tugtar amach iad don chéad dream a thagann á lorg.
Characters from family trail - queen soldier baker

AN BEALACH TEAGHLAIGH ‘AN BHANRÍON, AN SAIGHDIÚR AGUS AN BÁICÉIR’

Buail le carachtair ón am a chuaigh thart a raibh caidreamh agus idirghníomhú eatarthu a mhúnlaigh an Eoraip. In éineacht leo is féidir eolas a chur ar an gcéad taispeántas sealadach de chuid Áras Stair na hEorpa ‘Idirghníomhaíochtaí – tráchtáil, comhrac agus cruthú leis na céadta bliain’.
Children in Family Discovery Spaces with binoculars

SPÁSANNA FIONNACHTANA

Tá na spásanna oscailte go hiomlán anois le linn ghnáthuaireanta an mhúsaeim. Bíonn gníomhaíochtaí stiúrtha, mar shampla na seisiúin ina dtriailtear na feistis agus an cluiche rólimeartha sa ghníomhaireacht taistil, ar siúl:ar an gCéadaoin 14:00 - 17:00, ar an Satharn agus ar an Domhnach 10:30 - 11:30 agus 14:00 - 17:00

BRABHSÁIL NA HACMHAINNÍ

Níor aimsíodh toradh ar bith a thagann le critéir do chuardaigh.