
© Margit Haberberger (Fondúireacht Músaeim Poist agus Teileachumarsáide)
Pacáiste hamstar
Sheoltaí an ‘pacáiste hamstar’ le linn phaindéim an Choróinvíris mar bhronntanas malartach lá breithe, nuair nach raibh cuairt fhisiciúil indéanta. Is éard a bhí ann ná dhá rolla páipéir leithris, pacáiste mór pasta agus cannaí bia – nithe a bhí úsáideach go háirithe nuair a cuireadh tús leis na chéad bhearta i gcoinne an Choróinvíris sa Ghearmáin. Bhí go leor de na nithe sin díolta amach sna hollmhargaí. Bá é an ‘Hamster Company, ó shráid Hamster in Hamstern’ an seoltóir.
Amberg, 18 Aibreán, 2020