
Han van Meegeren, Críost agus an Bhean Adhaltrach - An Ísiltír c. 1942
D’íoc Hermann Göring 1 650 000 gildear don saothar sin, agus é cinnte dearfa go raibh sé ag ceannach péintéireacht le Johannes Vermeer. Rinne Han van Meegeren na milliúin ag díol a phéintéireachtaí féin mar shaothair le Seanmháistirí na hÍsiltíre. Chuir sé breall ar shaineolaithe ealaíne agus ar bhailitheoirí Naitsíocha araon. Tar éis an chogaidh, d’admhaigh sé go ndearna sé brionnú ionas nach bhféadfaí é a chúiseamh as a bheith ina chomhoibritheoir. Rinneadh laoch náisiúnta de seachas fealltóir toisc go ndearna sé caimiléireacht ar Göring. B’fhéidir gurbh á an cleas mór deireanach a rinne sé íomhá phoiblí dhearfach de féin a chruthú. Olaphictiúr ar chanbhás.