
An nóta bainc ‘nach féidir a bhrionnú’ le Roger Pfund - an Ghinéiv, 2012
Tá brionnú airgid, ‘an dara gairm is sine ar domhan’, chomh sean leis an airgead féin. San am a caitheadh, ba ghnách airgead a bhrionnú trí mhéid an mhiotail lómhair i mbonn a chaolú le miotail neamhlómhara agus é a chlúdach ansin le sraith tanaí óir nó airgid. Ach de réir mar a tháinig feabhas ar na teicneolaíochtaí buailte agus priontála, tháinig feabhas ar scileanna an bhrionnóra freisin. Ó tháinig nótaí bainc ar an saol, tá éileamh mór ar scileanna ealaíne agus teicniúla na ndearthóirí agus na mbrionnóirí airgid araon, agus déanann an dá dhream iarracht an ceann is fearr a fháil ar a chéile.
Tá stair fhada an airgid bhrionnaithe fite fuaite i stair an deartha chliste agus na heolaíochta ceannródaíche. Is é an nóta bainc seo an iarracht is fearr atá ann faoi láthair ar airgead ‘nach féidir a bhrionnú’. Tá na gnéithe slándála is sofaisticiúla atá ar fáil faoi láthair ann – dúch slándála, stiall dhíraonta, scagphriontáil SPARK, foshraith pholaiméire thrédhearcach – le grafaicí ilchasta Roger Pfund.