
© Teach Stair na hEorpa, an Bhruiséil, an Bheilg
“Inár mbolgáin”
Is iontach an rud iad ardáin na meán sóisialta chun daoine a nascadh, ach cabhraíonn siad freisin le ‘scagbholgáin’, mar a thugtar orthu, a chruthú. Déanann siad faisnéis a roghnú agus sinn a nochtadh do rudaí a d’fhormheasamar cheana agus a thaitin linn san am atá caite. Bíonn seachmall ann mar thoradh ar na scagairí sin go bhfeictear an pictiúr iomlán, ach leanaimid de bheith faoi réir thimpeallacht theoranta na meán a roinnimid den chuid is mó le daoine atá ar aon intinn linn. Ós rud é nach bhfágann na bolgáin sin mórán spáis le haghaidh tuairimí éagsúla agus foinsí eile faisnéise, soláthraíonn siad foinse thorthúil le go scaipfí bréaga agus go dtiocfadh forás orthu.