Back to top
©

Covid-19: Paindéim faisnéise

Mar a dúirt an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte: “Bhí i dteannta ráig Covid-19 agus na freagartha uirthi ‘paindéim faisnéise’ ollmhór - an iomarca faisnéise – cuid di a bhí cruinn agus cuid nach raibh – a fhágann gur deacair do dhaoine foinsí iontaofa agus treoir iontaofa a fháil nuair a bhíonn sí ag teastáil uathu.”

Ach cad is ‘paindéim faisnéise’ ann agus conas a bhaineann sí le paindéim Covid-19? San agallamh seo, pléann Alexandre Alaphilippe ó DisinfoLab, neamhshiméadracht faisnéise, bréagaisnéis agus teoiricí comhcheilge maidir le ráig an choróinvíris. Tugann sé sracléiriú ar an tionchar a bheidh aige ar shochaithe agus ar na meáin ina dhiaidh sin, agus na bearta is féidir le daoine a dhéanamh chun scaipeadh na paindéime faisnéise a laghdú.