
Cóta agóideora déanta as balúin, ón Ríocht Aontaithe, a fuarthas ar chósta na Beilge, An Bhruiséil, an Bheilg, 2019
© Áras Stair na hEorpa, an Bhruiséil, an Bheilg
© Áras Stair na hEorpa, an Bhruiséil, an Bheilg
Athrú aeráide
Tá an t-athrú aeráide ar cheann de dhúshláin mhóra ár linne. Is bagairt é do thodhchaí na beatha ar domhan. Tá an téamh domhanda de dhéantús an duine, arb iad an iomarca astaíochtaí CO2 agus truailliú tionsclaíoch is cúis leis, ag scriosadh éiceachórais iomlána agus ní féidir leanúint leis an tslí mhaireachtála atá againn dá bharr.
Tá ‘Fridays for Future’, tionscnamh ar chuir an gníomhaí óg as an tSualainn Greta Thunberg tús leis, ag bailiú nirt ar fud an domhain agus daltaí scoile ag éileamh athrú éiceolaíoch ó bhonn.
I gcás déagóirí sa lá atá inniu ann, is fíorbhagairt é an t-athrú aeráide dá saol amach anseo.