
Bratach na Ríochta Aontaithe a baineadh anuas ó fhoirgneamh Jacques Delors, Coiste na Réigiún, An Bhruiséil, an Bheilg, 2019-2020
© Áras Stair na hEorpa, an Bhruiséil, an Bheilg
© Áras Stair na hEorpa, an Bhruiséil, an Bheilg
Brexit
Den chéad uair riamh, chinn Ballstát an tAontas Eorpach a fhágáil.
Mar thoradh ar reifreann deighilteach, rinne an Ríocht Aontaithe Airteagal 50 de Chonradh Liospóin a chur i ngníomh agus socraíodh dá réir sin go n-imeodh sí as AE an 31 Eanáir 2020 tar éis 47 mbliana de bhallraíocht.
Léiríodh an eachtra stairiúil seo nuair a baineadh anuas bratach na Ríochta Aontaithe a bhí lasmuigh de Choiste na Réigiún sa Bhruiséil agus nuair a cuireadh le bailiúchán Áras Stair na hEorpa í.