Back to top
An Eoraip léirithe mar an Mhaighdean Mhuire
Basel, an Eilvéis, (1588) 1628
Tógtha ó “Cosmographia” Sebastian Münster (1488–1552)
© Aontas Eorpach 2016 / Áras Stair na hEorpa, an Bhruiséil, an Bheilg

Is minic a tugadh neamhaird ar chruinneas geografach sna léarscáileanna a rinneadh sa Mheánaois i bhfabhar teachtaireachtaí agus siombalachas Críostaí. Le linn na hAthbheochana, léiríodh ilchríoch na hEorpa i gcruth na Maighdine Mhuire: chun féiniúlacht Chríostaí na hEorpa a chur in iúl.