An Taispeántas ‘Fíor agus Bréagach’ - Radharc ón Spéir
Sa taispeántas seo, léirítear falsuithe ón stair, lena ndéantar cur síos ar na cúinsí sonracha stairiúla a mhíníonn conas a cruthaíodh na falsuithe sin, na leasanna agus cúiseanna a bhí taobh thiar díobh, a dtionchar agus conas a tugadh chun solais iad i ndeireadh na dála. Tá sé d’aidhm againn a léiriú go bhfuil seantraidisiún ag baint le bréagearraí sa stair agus nach feiniméan de chuid an lae inniu amháin iad. Chomh maith leis sin, déanaimid machnamh ar an gcaoi le teacht aniar a neartú in aghaidh na n-iarrachtaí chun dallamullóg a chur orainn.