Back to top
Bréagearraí Tírghrácha agus Teoiricí Comhcheilge - sraith turais fhíorúil Áras Stair na hEorpa

Anois, táimid sa roinn a dhíríonn ar ré iontach na tógála náisiúin. Aoiseanna de shuaitheadh agus claochlú ab ea iad an 18ú agus an 19ú haois san Eoraip. D’imigh impireachtaí i léig agus tháinig náisiúin nua chun cinn as iarsmaí na n-impireachtaí sin. Sa roinn seo den taispeántas, tiocfaidh tú ar bhréagearraí tírghrácha, teoiricí comhcheilge agus an fhianaise bhréige a úsáideadh mar chuid den triail Dreyfus.