Back to top
Teileagraf luath a úsáideadh sa Bheilg
Londain, an Bhreatain Mhór, c. 1844
Cooke agus Wheatstone
© Aontas Eorpach 2016 / Áras Stair na hEorpa, an Bhruiséil, an Bheilg

Leis an teileagraf, bhítí in ann teagmháil nach mór láithreach a dhéanamh idir áiteanna a bhí i bhfad óna chéile. D’fhéadfaí coir a rinneadh i gcathair amháin a thuairisciú go mear i gcathair eile, agus ba é an scéal céanna é le praghsanna tráchtearraí ar fud an domhain. Le fionnachtain na gcáblaí faoi toinn d’fhéadfaí cumarsáid a dhéanamh ar an leibhéal domhanda.