Back to top
“Misean Eorpach na Gearmáine”
Beirlín, Impireacht na Gearmáine, ca. 1941
Werner von Axster-Heudtlaß
Póstaer
Atáirgeadh
Deutsches Historisches Museum, Beirlín, an Ghearmáin

Ba iad uaillmhianta na Gearmáine a críoch a fhairsingiú agus smacht tiarnúil a ghabháil ar an Eoraip ba chúis le tumadh na mór-roinne sa chogadh an 1 Meán Fómhair 1939. Seachtain roimhe sin, bhí conradh neamhionsaithe aontaithe ag Hitler agus Stailín, conradh ina raibh foráil rúnda maidir le Lár agus Oirthear na hEorpa a roinnfeadh i réimsí sainleasa Naitsíocha agus Sóivéadacha í.