Back to top
Lucht na cúise (an tArm um Shaoradh Náisiúnta)
An Iúgslaiv, 1942-1945
Grianghraf
Hrvatski Povijesni Muzej, Ságrab, an Chróit

Chuir tíorántacht agus brúidiúlacht na Naitsithe fuath agus déistin ar dhaoine agus tháinig borradh faoin bhfrithbheartaíocht sna críocha sin a bhí faoi fhorghabháil. Is fada óna chéile an chuma agus an bealach a bhí ar an bhfrithbheartaíocht in áit amháin agus in áit eile. Comhraic mhíleata ar mhórscála a bhí ann sa Ghréig, sa Pholainn, san Iúgslaiv agus san Aontas Sóivéadach mar shampla ach frithbheartaíocht shibhialta a rinneadh in áiteanna eile.