
“Siege de la Bastille” (Forghabháil an Bastille)
Páras, an Fhrainc, 1969, ar stíl Jean-Bertrand Andrieu (1761-1822)
Bonn méadaithe teilgthe i gcré-umha
Monnaie de Paris, Páras, an Fhrainc
Páras, an Fhrainc, 1969, ar stíl Jean-Bertrand Andrieu (1761-1822)
Bonn méadaithe teilgthe i gcré-umha
Monnaie de Paris, Páras, an Fhrainc
Chuir Réabhlóid na Fraince sa bhliain 1789 cor i stair na hEorpa. Chuaigh na hidéil maidir le “saoirse, comhionannas agus bráithreachas” de rúchladh tríd an mór-roinn, rud a bhain an bonn de chórais pholaitiúla a bhí ann cheana. Tá cáil tagtha ar ionsaí na réabhlóidithe Francacha ar phríosún an Bastille i bPáras ar 14 Iúil 1789 mar shiombail den fhrithbheartaíocht in aghaidh ceannas éillitheach agus pribhléid uaslathach.