
Marcóir uaigheanna do shaighdiúirí gan ainm
Fronta Soca, an Impireacht Ostra-Ungárach, 1914-1918
Coincréit agus Sreang Dheilgneach
Kobariški muzej, Kobarid, an tSlóivéin
Fronta Soca, an Impireacht Ostra-Ungárach, 1914-1918
Coincréit agus Sreang Dheilgneach
Kobariški muzej, Kobarid, an tSlóivéin
Meastar go bhfuair 10 milliún saighdiúir bás sa Chéad Chogadh Domhanda, agus níor sainaithníodh iarsmaí go leor acu riamh. Tháinig coincheap an ‘tsaighdiúra neamhaithnid’ as seo ar fud na hEorpa agus bhí daoine in ann cuimhneamh ar na daoine a thit sa ghleo ag uaigheanna agus ag cuimhneacháin phoiblí Tar éis an chogaidh, tarraingíodh drochtheist orthusan a bhí i gceannas mar gur dealraitheach nár bhain ciall ar bith leis an ár a tharla. D'fhág an cogadh a lorg ar thírdhreacha na hEorpa agus athraíodh go deo iad; sa lá atá inniu ann, is fianaise ar an gcuimhne seo iad na láithreacha catha, na hiarsmaí seandálaíochta agus na huaigheanna.