
Utrecht, An Ísiltír
Tar éis an chogaidh, níorbh ann fós san Eoraip do chultúr óige ar leith. Bhí cultúir óige ag teacht chun cinn, áfach, a bhí faoi anáil Mheiriceá, agus mealladh na scórtha móra d’ógra na hEorpa chucu. Ba é a mian siúd a leithlí, agus a naimhdeas don ghéilleadh do ghnás sa tsochaí, a léiriú. Tháinig fochultúir éagsúla chun cinn i mórán gach uile thír: Teddy Boys agus Rockers sa Ríocht Aontaithe, Blousons noirs sa Fhrainc, Teppisti san Iodáil, Nozem san Ísiltír, Halbstarken sa Ghearmáin, Bikinarze sa Pholainn, Jampecok san Ungáir, Malagambisti sa Rómáin, Potápkas nó Páseks sa tSeicslóvaic, agus Stilyagi san Aontas Sóivéadach.
Bhí an-imní ar na húdaráis Thoir agus Thiar faoi fhochultúir na hóige a bheith ag teacht chun cinn. Mó sa mhó, ba é tuairim an rialtais agus na bpóilíní gurbh amhais agus ógchiontóirí iad na daoine óga sin, agus chiap siad iad i ngeall ar an dealramh a bhí orthu.