Back to top
“Lagdhóchas”, An toireasc ba shiocair le Kokk, duine den bhuíon trodaithe ar a dtugtaí Bráithreachas na Coille, a shaoradh ón mbás, an tAontas Sóivéadach (an Eastóin), 1944-1949
Músaem Eesti Rahva, Tartu, an Eastóin

Ar an drochuair, nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh, ní hé gur scoireadh den anfhorlann scunscan agus go raibh síocháin ann do chách. Bhí coimheascar fós ann i scata tíortha, mar a raibh cogaí agus gluaiseachtaí freasúra ar bun. In áit sochar a bhaint as an tsíocháin a rabhthas ag dúil léi le fada, is amhlaidh a bhí daoine óga thíos leis athuair mar gheall ar anfhorlann agus ar phionóis ghéara. I réimis chumannacha nuabhunaithe in Oirthear Eorpa, thosaigh daoine óga ar bheith rannpháirteach i roinnt gluaiseachtaí frithbheartaíochta, idir ghluaiseachtaí síochánta agus ghluaiseachtaí armtha.

Bhí an toireasc á iompar ar a dhroim aige le linn ruathar gan choinne. Lámhachadh Kokk ach chosain an toireasc ar an urchar é agus d'imigh sé gan mháchail. I 1949, áfach, díbríodh Kokk chun na Sibéire, mar a ndeachaigh sé d’éag.