Back to top
Cuilt a rinneadh san Ísiltír i ndilchuimhne orthu siúd arbh é SEIF ba thrúig bháis dóibh, 1990-2014
Tabhartas faoi Stichting NAMENproject,
Amstardam, an Ísiltír

I dtosach na n-ochtóidí, ba chosúil go raibh na hathruithe a gealladh le muirthéacht na collaíochta ar tí teacht chun fíoraithe. Mó sa mhó, bhí fáil ar fhrithghiniúint agus bhí níos mó smachta ag mná maidir le cinntí a bhain lena gcolainn. Bhí caidreamh collaí ag Eorpaigh óga le chéile níos luaithe sa saol agus roimh phósadh dóibh. Bhí fir óga agus mná óga níos toilteanaí glacadh le gnéas gan choinníoll. Tháinig an homaighnéasacht chun cinn níos mó sa saol. Measadh caidrimh chollaíochta a bheith neamhchasta. Le teacht SEIF ar an saol, áfach, tháinig athrú ó bhonn ar shaol daoine agus ar an meon i leith na collaíochta.