Back to top
Culaith samhraidh Aerfhórsa Arm an Aontais Shóivéadaigh, le horduithe féindéanta.
An tAontas Sóivéadach (an Laitvia). 1980idí
Latvijas Okupācijas muzejs, Ríge, an Laitvia

I 1980 agus i 1981, bhí mar a bheadh maidhm ann agus agóidí sráide ar bun, suiteoireacht á déanamh i mbánáiteanna agus scliúchais fhoréigneacha ann leis na póilíní. Bhí daoine óga míshásta leis an gcóras reatha, ach ní raibh siad in ann córas eile a aimsiú.
Bhí an dífhostaíocht agus teannas ciníoch agus creidimh ina gcúis le caismirtí fuilteacha freisin, agus ba mhinic daoine óga rannpháirteach iontu.

San Oirthear, ba mhó ba chás le daoine óga an tsíocháin, an tsaoirse agus cearta an duine. Ráinigh go raibh siad, i bhfad na haimsire, ar thosach an tslua sa ghluaiseacht ar son an athchóirithe agus ar son neamhspleáchas an duine