OILIÚNÓIRÍ AGUS MÚINTEOIRÍ
Is áit duitse agus do do chuid daltaí é Áras Stair na hEorpa. Tugann sé eolas, ceistíonn sé dearcthaí agus tugann sé ábhar machnaimh. Ach anuas air sin ar fad, tugann sé an deis do na daltaí ceisteanna a chur faoin stair agus í a fhoghlaim. Gné lárnach dár gcur chuige i leith na foghlama is ea an ról cumhachtach atá ag an stair chun saol an lae inniu a iniúchadh agus a mheasúnú.
Tá réimse acmhainní oideachais forbartha againn, ar acmhainní iad atá curtha in oiriúint do riachtanais na n-aoisraonta éagsúla agus na gcumas foghlama éagsúla. Tá lear mór ábhair ar líne againn ionas gur féidir leat an t-ábhar teagaisc a úsáid i do sheomra ranga féin, is cuma cén áit é sin. Caith súil ar na leathanaigh seo a leanas go bhfeicfidh tú cad iad na roghanna a cheapfá is oiriúnaí duitse agus do do chuid daltaí.